Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Music has Ended: The Death of a Harper

Title
Music has Ended: The Death of a Harper
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ua Súilleabháin, Seán agus Donnelly, Seá
Composition Date
1600
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 1991)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Tadhg Olltach Ó'n Cháinte cecinit



Torchoir ceól Cloinne Cathoil,
rug orra éag anachoin,
teidhm bhus gomh síoruidhe so,
dol dá síodhuighe seanma.



Múisigtheach dorcha domhoin,
Conchubhur Mac Conghalaigh,
a gcúis gháire, a ngníomh doiligh,
re síol nDáire dealuighidh.



Ceól na gcuradh ó Chuan Dor,
mairg, a Dhé bhí, d'ar beanadh,
méar beóighlinn iúlmhur aithneach
ciúnghlan ceóilbhinn cuartuightheach.


L. 168


Dúsgadh leóin, losgadh anáidh,
ceól codoil crú Donnabháin,
a éag rob ghníomhradh ghoimhe,
béad ríoghbhan is ríoghraidhe.



Sliocht Dáire Cearb nár ceileadh,
uatha trá ní tuigfidhear
labhra faoilte na bhfoghur;
damhna a gcaointe Conchubhur.



Ní shaoilid filidh náid fáidh,
ní mheasoid mná náid macáimh,
céim soirbhis 'na ndiaidh d'fhagháil,
liaigh doirbhis ó nDonnabháin.



Glac lúthbhras ionar lia gean,
Dallán Forgoill na bhfileadh,
glór búidh budh clisdi croidhe,
cisde rúin na ríoghroidhe.



Taidhiúire a théad, tiún a chor
- mar tá a niú is neamhthuar meanman -
lúth saor an ríghmheóir mhire,
fíghleóir caol ar gcruitire.



Dá mhéad do-gheibhinn dá ghrádh
ní bhraithinn chroidhche im chompán
- an dallsa nár dhall croidhe -
acht barr annsa ar n-ionmhoine.


L. 169


Déanomh aoibhnis ní heól damh
im thoirchim trá ná im dhúsgadh,
ar gclódh céille, ar gcás cumhadh,
bás mo chéile Conchubhar.



Méar lúthmhur bhár lia anáir,
croidhe dil Í Dhonnabháin,
fáidh amhra an fhoilcheasa fuinn,
damhna doirbhcheasa Domhnuill.



Cumhthach ar aoi a daltáin daill
inghean Eóghuin mheic Dhomhnuill,
is baoth mar oire a hosna,
saoth lem chroidhe an Charrthachsa.



Graifneadh múisigtheach meóir bhrais,
uaigneach 'na dhiaidh dá dhíoghrais,
teagar coimseach rob chaoin cuir,
toirseach dá thaoibh a dtorchuir.



TORCHUIR / CEÓL / CLOINNE / CATHOIL /



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services