Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Pas an Phíobaire. III.
Title
Pas an Phíobaire. III.
Author(s)
O Comhraidhe, Eoghan,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Pas an Phíobaire. III. “Is olc an t-ughdar ar ar iarrais atharrach ainme do cheapadh do'n fhocal sacs-bhéarla “pass.” Is é mo bharamhail ná féadfainn eólas dob' fheárr do thabhairt duit ná réamhrádh Eoghain Uí Chomhraidhe do chur chugat mar leanas: — Ag so saor-chead ghrádhach char- thanach chríosdamhail do Phádruig Ó Néill píobaire (tar éis bhriste a choise go cinneamhnach) chum siubhail agus taisdil i measg uaisle daon- nachdach trócaireach móir-fheileach deiscirt Éireann agus Tuadhmhumhan go sonnradhach; ag iarraidh congnamh cothuighthe d'fhagháil dho fein agus dá mhuirior agus bhéarfaidh a bhuidhe leis sin mar is dual chum dé mhóir na n-uile chomhachd. Tabhartha fám' láimh-se an bhliadhain d'aois Críosd 1821. Eoghan Ó Comhraidhe ó Dhún Átha an ghrinn.” Mr. McCabe adds: Your 5th Stanza: — 'gheabhair cáirdeas caoin is caradas' should be the 10th. All others, as far as given in the Journal, corre- spond with my copy. There are a few slight discrepancies, such as 'bláth-wig' in the Journal, in my copy 'bláth-ghobhairt' which means a 'periwig' according to O'Reilly. I got this poem at Lisdoon- varna about twenty-five or thirty years ago. Stanzas 5,6,7,8,9 (to be followed by stanza 5 of Mr Jordan's version) are thus supplied by Mr. McCabe: — V. Má tá gur buidhean d'á samhail so Thug ár is galar léin ort, Is náireach choidhche an gaisgeadh sin, 'S mo chrádh ní (má?) rachaidh saor leó. Tá bláth na saoithe ad'aice-se Gan cháirde ag teacht chum éirligh, 'S beidh sásamh fíor ad' mhasladh agat, Nó fágfa' an aicme úd Éire. VI. 'Sin lámh leat Aoibheall cheannasach Chárnach Charraige Léithe, Is táin Lios-chrón na fallainge As árd-chnoc easnach reidhte, Lán-luchd Dhonn (Dhuinn?) na Baisginne Cruachán na gcreach 's an aon- bhean, 'S chuir Máir' Ní Chuin an peata leó - Tá barr gach gaisgidh léithi. VII. Ní fhágfa' an bhuidhean ghlan mhaisea- mhail Bheárnach bhagair-bhéim so Ard-chnoc sídhe ná daingin-lios, Ráith ná ros ná gaortha,
Bán-brog, bhruighean, ná dún-phort(?) Cathair, cuas, ná sléibhte, O Nás na ríogh 's na ngaisgeadh ngrod Gan eagal go Baoi Bhéarra - VIII. Gan cárnadh, cíorrbhadh, is cartadh tiugh, Le garbh-tholladh is traochadh, Lán-sgrios líomhtha lannardha, Gan taise, tasd, ná staonadh, Do thál go fíor gan anacal Ar aicme an tolladh-chéasta, Go bhfághair-se díol ad' leabhar-chois Dá thabhairt duit le héigin. IX. 'S gidh táid do mhuintir calma 'S a n-arm gaisgidh taobh leó, Ní fuláir go fíor duit aisde ghlacadh Cheapfas beatha is réim dhuit. Atá clár glas aoibhinn Banba Go fada fairsing réidh glan, Is má thráchdair tríd ad' bhacach mhaith, Ní dealbh bocht do shaothar.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services