Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Dileagra.
Title
Dileagra.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Dileagra D'a airdcheim, Micheal ua Maolmhaodhog ard-easbog arda macha, aird-cheann eaglaise iomlaine na hEireann agus cairdineal saneaglais chatoilice. Go raibh sé taitneamhach led' Áirdchéim, a Phrím-Eaglaisigh: Tá do láithreachd annso indiu ag á chur i gcuimhne dhúinn go rugadh árd-chléireach agus sgoláire éifeachdach i n-ar n-am féin i ngar do'n áit i rugadh naomh onórach Gartáin féin, agus mar Cholum Chille fuair tú d'fhoghluim i gCill Mhac Neanáin id' óige, agus tá bród orainn a rádh, le taobh cailidheacht eile naomh Choluim Chille atá agad, go bhfuil tú go sonnradhach socair i dteas-ghrádh iongantach tíre. Ar an lá so, bheirimid onóir do Cholum Chille de bhrígh go rugadh é san díoghóise so, de bhrígh go raibh sé 'na mhac chéimeamhail i dTír Chonaill, agus de bhrígh go bhfuil sé 'na naomh chlúmhail i nEaglais Dé. Ar an adhbhar chéadna, támuid lúthgháireach, a Árd-Eaglaisigh, go bhfuil tusa i n-ar measg ins an am so atá, le beathaidh agus oib- reachaibh Coluim Chille do chur i gcuimhne do chlannaibh na hÉireann; agus tá sé 'na chúis sásaidh agus áthais againn go ndearna ar n-athair ró-naomhtha an Pápa raogha ort le flaithreas naomh Pádraic go sdiúradh agus le bheith id' ghlan-chomhairleach aige ag riagh- lughadh na hEaglaise Catoilice. Tá do chúrsa soiléir i gColáisde na Frainnce agus i n-ár gColáisde cháileamhail féin, i Muigh Nuadhad, go mór i n-ar gcuimhne, is cóir dhúinn t'obair throm mar sagart ins an díoghóise so do chongbháil rómhainn i gcomhnuidhe mar shompla. Atá againne, a Thighearna Árd-Easbuig, réasúin áirithe le n-a chuimhniughadh go bhfuil tú gaolmhar leis an díoghóise so. Is cuimhin linn an t-am do bhí cúram spioradálta agad ar shean-díoghóise Adhamhnáin. Tá cuimhne mhaith againn ar do riaghail chiúin chóir mar easbog ins an díoghóise so, os cionn sagart agus daoine. Tá sé i n-ár gcuimhne gur mhian leat, ag riarughadh tighe Dé, éifeachd do thabhairt do'n rún do bhí ag an Easbog MagEiteagáin agus ag an Easbog MacDaedhid, 'sé sin árdteampoll do naomh Adhamhnán do chur ar bun i Leitear Cean- ainn. Fuair tusa, a Ard-Eaglaisigh, sul ar fhág tú sinn, cuidiughadh an-mhór do'n obair naomhtha so, agus tá sí anois ag dul ar aghaidh ar mhodh atá clúmhar do chloinn naoimh Ghar- táin, agus do mhacaibh agus d'ingheanaibh Tíre Conaill, agus beidh ar n-árd-teampoll, d'éis a chríochnuighthe, 'na chúis onóra do dhíoghóise arsaidh Adhamhnáin, agus 'na chúis ghlóire i nEaglais Dé. Tá am áirithe id' bheathaidh, a Árd-Eag-
laisigh, nuair do bhí tú id' easbog 'sa dío- ghóise so, 'na adhbhar speisialta le bheith 'na gcuimhne ag bochdaibh ár gcondae. Tá cuimhne mhaith ag gach duine 'nár measg ar bhliadhantaibh na gorta tháinic ar na daoinibh. Tháinic mórán foghmhar le droch-bhárr, agus le n-a thaoibh sin, rinne tighearnaidhe na tíre slad agus sgrios ar na daoinibh do bhí fútha. Dhiúltuigh an riaghail tíre Shasanach teacht chum ár gcuidighthe, acht rinne tusa, a árd- uachdaráin, ins an am chruadhdhálach sin dearcadh agus déirce ar bhochdánaibh ar gcondae. As an tsiocair so, do bheirmid caradas speisialta dhuit, agus támuid áthasach go bhfuil tú i n-ár measg indiu. Ghnímid admhail le lúthgháir mhóir ar an ghrádh atá eidir chléir Rátha Bhoth agus ar gCáir- dinéal uachdarán i nÁrd Macha, agus mar chlann na fír-Eaglaise, támuid áthasach go bhfuil tú id' oide chríonna ag ar n-athair naomhtha an Pápa ag riar na hEaglaise. Tá dóchas mór againn agus guidhmid go bhfaghaidh tusa, a Ard-Eaglaisigh, saoghal fada agus sláinte le bheith id'cheann ar Eaglais na hÉireann. Ar thaobh chomhchruinnighthe na céadmhadh bliadhna, agus ar thaobh easbuig sagart agus tuata Rátha Bhoth, iarramuid do bheannachd, a mhór- árd-chléirigh, dhúinn féin agus do'n tsean- díoghóise do chuir Adhamhnán agus Colum Cille ar bun.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services