Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dileagra.

Title
Dileagra.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Dileagra



D'a airdcheim, Micheal ua Maolmhaodhog
ard-easbog arda macha, aird-cheann
eaglaise iomlaine na hEireann agus
cairdineal saneaglais chatoilice.



Go raibh sé taitneamhach led' Áirdchéim, a
Phrím-Eaglaisigh: Tá do láithreachd annso
indiu ag á chur i gcuimhne dhúinn go rugadh
árd-chléireach agus sgoláire éifeachdach i n-ar
n-am féin i ngar do'n áit i rugadh naomh
onórach Gartáin féin, agus mar Cholum Chille
fuair tú d'fhoghluim i gCill Mhac Neanáin
id' óige, agus tá bród orainn a rádh, le taobh
cailidheacht eile naomh Choluim Chille atá
agad, go bhfuil tú go sonnradhach socair i
dteas-ghrádh iongantach tíre.



Ar an lá so, bheirimid onóir do Cholum
Chille de bhrígh go rugadh é san díoghóise so,
de bhrígh go raibh sé 'na mhac chéimeamhail i
dTír Chonaill, agus de bhrígh go bhfuil sé 'na
naomh chlúmhail i nEaglais Dé.



Ar an adhbhar chéadna, támuid lúthgháireach,
a Árd-Eaglaisigh, go bhfuil tusa i n-ar
measg ins an am so atá, le beathaidh agus oib-
reachaibh Coluim Chille do chur i gcuimhne do
chlannaibh na hÉireann; agus tá sé 'na chúis
sásaidh agus áthais againn go ndearna ar
n-athair ró-naomhtha an Pápa raogha ort le
flaithreas naomh Pádraic go sdiúradh agus le
bheith id' ghlan-chomhairleach aige ag riagh-
lughadh na hEaglaise Catoilice.



Tá do chúrsa soiléir i gColáisde na
Frainnce agus i n-ár gColáisde cháileamhail
féin, i Muigh Nuadhad, go mór i n-ar
gcuimhne, is cóir dhúinn t'obair throm mar
sagart ins an díoghóise so do chongbháil
rómhainn i gcomhnuidhe mar shompla.



Atá againne, a Thighearna Árd-Easbuig,
réasúin áirithe le n-a chuimhniughadh go bhfuil
tú gaolmhar leis an díoghóise so. Is cuimhin
linn an t-am do bhí cúram spioradálta
agad ar shean-díoghóise Adhamhnáin. Tá
cuimhne mhaith againn ar do riaghail chiúin
chóir mar easbog ins an díoghóise so, os
cionn sagart agus daoine. Tá sé i n-ár
gcuimhne gur mhian leat, ag riarughadh tighe
Dé, éifeachd do thabhairt do'n rún do bhí ag
an Easbog MagEiteagáin agus ag an Easbog
MacDaedhid, 'sé sin árdteampoll do naomh
Adhamhnán do chur ar bun i Leitear Cean-
ainn.



Fuair tusa, a Ard-Eaglaisigh, sul ar fhág
tú sinn, cuidiughadh an-mhór do'n obair
naomhtha so, agus tá sí anois ag dul ar aghaidh
ar mhodh atá clúmhar do chloinn naoimh Ghar-
táin, agus do mhacaibh agus d'ingheanaibh Tíre
Conaill, agus beidh ar n-árd-teampoll, d'éis
a chríochnuighthe, 'na chúis onóra do dhíoghóise
arsaidh Adhamhnáin, agus 'na chúis ghlóire i
nEaglais Dé.



Tá am áirithe id' bheathaidh, a Árd-Eag-


L. 49


laisigh, nuair do bhí tú id' easbog 'sa dío-
ghóise so, 'na adhbhar speisialta le bheith 'na
gcuimhne ag bochdaibh ár gcondae. Tá
cuimhne mhaith ag gach duine 'nár measg ar
bhliadhantaibh na gorta tháinic ar na daoinibh.
Tháinic mórán foghmhar le droch-bhárr, agus le
n-a thaoibh sin, rinne tighearnaidhe na tíre
slad agus sgrios ar na daoinibh do bhí fútha.
Dhiúltuigh an riaghail tíre Shasanach teacht
chum ár gcuidighthe, acht rinne tusa, a árd-
uachdaráin, ins an am chruadhdhálach sin
dearcadh agus déirce ar bhochdánaibh ar gcondae.
As an tsiocair so, do bheirmid caradas
speisialta dhuit, agus támuid áthasach go bhfuil
tú i n-ár measg indiu.



Ghnímid admhail le lúthgháir mhóir ar an
ghrádh atá eidir chléir Rátha Bhoth agus ar gCáir-
dinéal uachdarán i nÁrd Macha, agus mar
chlann na fír-Eaglaise, támuid áthasach go
bhfuil tú id' oide chríonna ag ar n-athair
naomhtha an Pápa ag riar na hEaglaise.



Tá dóchas mór againn agus guidhmid go
bhfaghaidh tusa, a Ard-Eaglaisigh, saoghal
fada agus sláinte le bheith id'cheann ar
Eaglais na hÉireann.



Ar thaobh chomhchruinnighthe na céadmhadh
bliadhna, agus ar thaobh easbuig sagart agus tuata
Rátha Bhoth, iarramuid do bheannachd, a mhór-
árd-chléirigh, dhúinn féin agus do'n tsean-
díoghóise do chuir Adhamhnán agus Colum Cille
ar bun.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services