Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Litir ó'n Athair Micheal Ua h-Iceadha.
Title
Litir ó'n Athair Micheal Ua h-Iceadha.
Author(s)
Ua hIceadha, An tAthair Micheál,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Litir ó'n Athair Micheál Ua h-Iceadha, Oide Gaedhilge i gColaisde Muighe Nuadhad. Coláisde Naoimh Pádraig, Magh Nuadhad. 6 Meitheamh, 1897. A Thighearna Easbuig, I bhfios damh-sa go mbeidh Feis mhór riaghalta agaibh i n-onóir Naoimh Choluim Chille ins an áit 'na rugadh é an naomhadh lá de'n mhí so. Badh mhaith liom-sa bheith id' fhochair agus i bhfochair do mhuintire ar an ócáid sin; acht mo chreach is mo chás, ní thig liom bheith as an gColáisde an t-am sin. Acht cé nach féidir liom bheith in bhur measg go sofhaicsionach, is fíor-chinnte é go dtiubhra mé cuairt aignidh agus smuainte ar ghleanntaibh agus ar shléibhtibh Tíre Conaill an lá úd. Ní bhfuil naomh is mó d'ár dtír is d'ár gcineadh nó is áirde anois i riogacht na bhflaitheas 'ná Colum Cille. B'é an tíor-ghrádhuightheoir ba mhó é dá rugadh riamh ar thalamh na hÉireann. Bíodh a fhiadhnaise air sin go mbíodh sé ag déanamh gnáth- chuimhnighthe ar a thír dhúthchais agus ar a mhuintir féin, agus ag cuidiughadh leó, iar n-imtheacht dó go hAlbain, agus gur shár-mhinic do bhíodh a shúile iompuighthe ar Éirinn tar Sruth na Maoile anoir ó'n áit 'na raibh sé 'na chomhnuidhe 'na dhíbearthach tar lear. Gidh gur aontuigh sé le toil Dé gan a chasadh go hÉirinn ar feadh a shaoghail, ba mhinic é ag
sileadh na ndeór de dheasgaibh a sgartha ó n-a thír agus ó n-a mhuintir dhílis féin. Ba mhór-iongantach ghrádh agus mheas tar a chionn soin ar ár dteangaidh mhilis uasail ársaidh Ghaedhilge, agus do badh mhór gan amhras a chrádh croidhe, dá mbeidheadh a fhios aige go bhfuigheadh sí bás go deó i dTír Conaill, nó fós ar fud na tíre so do ghrádhuigh sé le n-a lán-chroidhe. Go mairidh sí choidhche agus go mairidh na daoine atá ag déanamh a ndíchill ar a son, cia aca i nÉirinn nó tar lear 'na gcomhnuidhe iad! Go n-éirighidh libh-se go léir agus le bhur saothar. Mise, a Thighearna Easbuig, do chara agus do sheirbhiseach go buan, Micheál P. Ua h-Iceadha Do'n Dochtúir Ro-oirmhidneach Pádraig Ua Domhnaill, Easbog Rátha Bhoth.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services