Litir ó'n Athair Micheál Ua
h-Iceadha,
Oide Gaedhilge i gColaisde Muighe Nuadhad.
Coláisde Naoimh Pádraig, Magh Nuadhad.
6 Meitheamh, 1897.
A Thighearna Easbuig,
I bhfios damh-sa go mbeidh Feis mhór
riaghalta agaibh i n-onóir Naoimh Choluim
Chille ins an áit 'na rugadh é an naomhadh
lá de'n mhí so. Badh mhaith liom-sa bheith id'
fhochair agus i bhfochair do mhuintire ar an ócáid
sin; acht mo chreach is mo chás, ní thig liom
bheith as an gColáisde an t-am sin. Acht
cé nach féidir liom bheith in bhur measg go
sofhaicsionach, is fíor-chinnte é go dtiubhra
mé cuairt aignidh agus smuainte ar
ghleanntaibh agus ar shléibhtibh Tíre Conaill an
lá úd. Ní bhfuil naomh is mó d'ár dtír is
d'ár gcineadh nó is áirde anois i riogacht
na bhflaitheas 'ná Colum Cille. B'é an
tíor-ghrádhuightheoir ba mhó é dá rugadh riamh
ar thalamh na hÉireann. Bíodh a fhiadhnaise
air sin go mbíodh sé ag déanamh gnáth-
chuimhnighthe ar a thír dhúthchais agus ar a mhuintir
féin, agus ag cuidiughadh leó, iar n-imtheacht
dó go hAlbain, agus gur shár-mhinic do bhíodh a
shúile iompuighthe ar Éirinn tar Sruth na
Maoile anoir ó'n áit 'na raibh sé 'na
chomhnuidhe 'na dhíbearthach tar lear. Gidh
gur aontuigh sé le toil Dé gan a chasadh go
hÉirinn ar feadh a shaoghail, ba mhinic é ag
sileadh na ndeór de dheasgaibh a sgartha ó
n-a thír agus ó n-a mhuintir dhílis féin. Ba
mhór-iongantach ghrádh agus mheas tar a
chionn soin ar ár dteangaidh mhilis uasail
ársaidh Ghaedhilge, agus do badh mhór gan
amhras a chrádh croidhe, dá mbeidheadh a fhios
aige go bhfuigheadh sí bás go deó i dTír
Conaill, nó fós ar fud na tíre so do
ghrádhuigh sé le n-a lán-chroidhe. Go mairidh
sí choidhche agus go mairidh na daoine atá ag
déanamh a ndíchill ar a son, cia aca i
nÉirinn nó tar lear 'na gcomhnuidhe iad!
Go n-éirighidh libh-se go léir agus le bhur
saothar. Mise, a Thighearna Easbuig, do
chara agus do sheirbhiseach go buan,
Micheál P. Ua h-Iceadha
Do'n Dochtúir Ro-oirmhidneach
Pádraig Ua Domhnaill, Easbog Rátha
Bhoth.