Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Two Religious Poems in Irish
Title
Two Religious Poems in Irish
Compiler/Editor
Ó Cuív, Brian
Composition Date
1800
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 1988)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Do rineadh an hinm so ón Ladion le Uilliam Abjin go ndearna an té do ceasadh trínn trocaire thabhairt dá anam Amen.
Alleluia. A aonMhic Dé do céasadh thrínn, a Rí gan bhéim is naofa gníomh, do tháinig saor ón éag a rís. Alleluia. Is ar maidin ba shéimh a's gaoth gan timheal, na haspail ag teacht go séanmhar síoch ag ionsaí thuama shuairc choirp Chríost. Alleluia. Do tháinig an triúr glan cúileann caomh, bláth na bhfionnbhan múinte séimh, ag ungadh aolchoirp Chríost Mhac Dé. Alleluia. Dúirt aingeal gan bhéim in éadach mhín, dá aithris do bhéithe naofa an ghrinn: "I nGallilí 'sea tá bhur Rí." Alleluia. 'Sé dúirt an tsaor-spioraid naofa Críost an tan thuirling sé ar a thréad gan timheal: "Síocháin Dé bhur gcaomhna bíodh." Alleluia. Ní chreidfeadh Tomás go bráth gurbh é go bhfeicfeadh gan spás lé' dhá rosc chaomh rian na sleá 's na dtairngí géar. Alleluia.
'Sé dúirt an Rí-fhlaith Críost gan cháim: "Féach go cruinn ó chroí mo chneá 's is tuigthe dhíbh gur sinn fuair páis." Alleluia. An uair chonairc Tomás an ardfhlaith Críost, a chosa gan cháim, a lámha 's a thaobh, "Aithním féin", ar sé, "mo Rí." Alleluia. "Is beannaithe an té nár léirdhearc sinn 's do chreidfeadh gan bhréig dom scéalta fíor, ríocht flaitheas Mhic Dé gheobhaidh saor gan mhoill." Alleluia. "Geallaim", ar sé, "gan bhréig óm chroí an té ghlacfas ón gcléir mo chaomhchorp caoin go mairfidh faoi réim gan chréim im ríocht." Alleluia. Na táinte bhí go claoite i bpéin lág tláith gan bhrí faoi chuibhreach daor go dtáinig Críost ó a naimhde saor. Alleluia. Fáilte is céad ón éag a rís le páirt gan chréim gan chlaon óm chroí roimh a cháidhspioraid éachtach aonchoirp Chríost. Alleluia. 'Sé leanbh na béithe is féile gnaoi, an bhanaltra mhaorga ar chraon nár smaoin ar dtaisteal don aonMhac faena broinn. Alleluia. Molaidh Mac Dé le baochas grinn do chuaigh i ndaorchros chéasta trínn, is canam go léir le gléabha binn. Alleluia.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services