Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Two Religious Poems in Irish

Title
Two Religious Poems in Irish
Compiler/Editor
Ó Cuív, Brian
Composition Date
1800
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 1988)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Do rineadh an hinm so ón Ladion le Uilliam Abjin go ndearna an té do
ceasadh trínn trocaire thabhairt dá anam Amen.


L. 80




Alleluia.
A aonMhic Dé do céasadh thrínn,
a Rí gan bhéim is naofa gníomh,
do tháinig saor ón éag a rís.
Alleluia.



Is ar maidin ba shéimh a's gaoth gan timheal,
na haspail ag teacht go séanmhar síoch
ag ionsaí thuama shuairc choirp Chríost.
Alleluia.



Do tháinig an triúr glan cúileann caomh,
bláth na bhfionnbhan múinte séimh,
ag ungadh aolchoirp Chríost Mhac Dé.
Alleluia.



Dúirt aingeal gan bhéim in éadach mhín,
dá aithris do bhéithe naofa an ghrinn:
"I nGallilí 'sea tá bhur Rí."
Alleluia.



'Sé dúirt an tsaor-spioraid naofa Críost
an tan thuirling sé ar a thréad gan timheal:
"Síocháin Dé bhur gcaomhna bíodh."
Alleluia.



Ní chreidfeadh Tomás go bráth gurbh é
go bhfeicfeadh gan spás lé' dhá rosc chaomh
rian na sleá 's na dtairngí géar.
Alleluia.


L. 81


'Sé dúirt an Rí-fhlaith Críost gan cháim:
"Féach go cruinn ó chroí mo chneá
's is tuigthe dhíbh gur sinn fuair páis."
Alleluia.



An uair chonairc Tomás an ardfhlaith Críost,
a chosa gan cháim, a lámha 's a thaobh,
"Aithním féin", ar sé, "mo Rí."
Alleluia.



"Is beannaithe an té nár léirdhearc sinn
's do chreidfeadh gan bhréig dom scéalta fíor,
ríocht flaitheas Mhic Dé gheobhaidh saor gan
mhoill."
Alleluia.



"Geallaim", ar sé, "gan bhréig óm chroí
an té ghlacfas ón gcléir mo chaomhchorp caoin
go mairfidh faoi réim gan chréim im ríocht."
Alleluia.



Na táinte bhí go claoite i bpéin
lág tláith gan bhrí faoi chuibhreach daor
go dtáinig Críost ó a naimhde saor.
Alleluia.



Fáilte is céad ón éag a rís
le páirt gan chréim gan chlaon óm chroí
roimh a cháidhspioraid éachtach aonchoirp Chríost.
Alleluia.



'Sé leanbh na béithe is féile gnaoi,
an bhanaltra mhaorga ar chraon nár smaoin
ar dtaisteal don aonMhac faena broinn.
Alleluia.



Molaidh Mac Dé le baochas grinn
do chuaigh i ndaorchros chéasta trínn,
is canam go léir le gléabha binn.
Alleluia.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services