Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Simple Lessons in Irish. Part IV.
Title
Simple Lessons in Irish. Part IV.
Author(s)
Ó Gramhnaigh, Eoghan - O'Gramhna, Eoghan,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
843. Arán seagail agus blas beag salainn.
Adhastar asail. Capall Pheadair agus gadhar Chormaic. Doras adhmaid agus glas iarainn. Doras mór trom iarainn. Sparán óir agus mála leathair. Atá blas bradáin ar an iasg so. Do bhí carn mór guail ar an urlár. Fuair mac Pheadair ubhall óir ó Sheumas, agus ní raibh focal buidheachais aige dhó. Is fearr uan samhraidh ioná laogh foghmhair. Ní'l fonn abhráin ná focal abhráin agam. Ní'l eolas bóthair, róid, ná casáin ins an tír so agam. Beul gadhair agus adharc tairbh, ní maith liom iad. Tháinig arm Bhriain go Cluain Tairbh (bull's meadow = Clontarf). Ba thruagh an sgeul bás Bhriain i gCluain Tairbh. Rinne siad uaigh Bhriain i nÁrd- macha.
850. Dá mbíodh carn aráin agaibh, ní bhéidheadh bhur ndóthain agaibh. Da mbíodh ár ndóthain aráin againn, do bhéidhmís sásta. Dá mbíodh roinnt óir agam, níor bh'fhada go mbéidheadh mo sháith aráin agam. Dá mbíodh capall Sheumuis ag Domhnall, níor bh' fhada go mbéidheadh sé ag dul go Corcaigh. Ní 'l adhastar capaill aige, agus ní'l a dhóthain eolais ar an áit aige. Muna bhfuil a dhóthain eolais aige, atá a fhios agam go bhfuil a dhóthain óir aige. Nuair fuair athair Dhomhnaill bás, thug sé neart óir do Dhomhnall, agus thug a dhearbhráthair féin a chuid óir dó, nuair do bhí sé ag dul go dtí an t-Oileán Úr. Má fuair Domhnall an oiread sin óir, bádh chóir dhó bheith saidh- bhir anois. Badh chóir, go deimhin, agus atá sé saidhbhir. Fuari sé tuilleadh óir ó'n Oileán Úr ó Uilliam Ó H-Airt, agus nuair dhíol sé capall Bhriain ar an aonach, fuair sé tuilleadh óir air arís. Annsin bhí gort seagail aige. Bhí sé ag obair lá ins an ngort seagail, agus chonnaic sé mála leathair ar an talamh, agus glas beag iarainn ar an mála. Thug sé an mála abhaile leis, agus nuair do bhí an glas briste aige, fuair sé corn bhreágh óir ann, agus biorán beag óir, sparán leathair, agus crudh asail. Adeir sé féin gurab é an crudh asail sin thug an meud sin sonais air, agus nuair do bhí me féin ag siubhal ins an áit, lá, chonnaic mé an sean-chrudh iarainn shuas ar an doras mór. B'fhéidir sin, acht ní'l a fhios agam cad thug an crudh asail dó, muna raibh an sonas air cheana. D'ár ndóigh, bhí an sonas riamh air. Ní crudh asail ná crudh capaill thug air é, acht beagan eólais agus mórán saothair.
866. Ar chuir Domhnall crudh an asail i n-aice an dorais? Níor chuir. (Do) chuir sé os cionn an dorais é. (Do) bhí amadán i bhfochair Dhomh- naill an uair sin. Dubhairt an t-amadán leis, "Ná cuir crudh an asail os cionn an dorais. Cuir síos ar an urlár é. Ní cóir duit crudh asail do bheith os cionn do dhorais agat." Níor chuir Domhnall suim ar bith i bhfocal an amadáin, agus ní bhfuair an t-amadán freagra uaidh. Tar éis báis Dhomhnaill, tháinig sagart lá go dtí an áit, agus chonnaic sé crudh an asail shuas os cionn an dorais. "Cia chuir an crudh sin os cionn an dorais?" ars' an sagart. Ní raibh duine ar bith istigh acht seanbhean, máthair Dhomhnaill, agus bhí sí 'n-a suidhe ar chathaoir adhmaid i n-aice an dorais. Chuala sí ceist an tsagairt, agus tháinig sí amach go dtí an doras. "Chuir Domhnall," ars' isi "ní raibh ciall riamh aige. Dubhairt duine éigin (637) leis, gurbh' é crudh an asail do chuir an oiread úd sonais air, agus gur mhaith an rud crudh asail i n-aghaidh bróin agus donais an tsaoghail. I gceann tamaill, fuair mo mhac bocht bás, tar éis slaghdáin fuair sé ar an aonach. Is fíor ciall an tsean-fhocail, "ní 'l luibh (Liv, herb) ná leigheas (cure) i n-aghaidh an bháis." Go deimhin, ní maith liom féin, a athair, gur chuir sé crudh an asail os cionn an dorais riamh." "Má chuir sé suim i gcrudh an asail," ars' an sagart, "ar son focail an amadáin úd, rinne sé rud nár chóir; acht munar chuir (if he did not put), ba chuma dhó." Atá a fhios agam go maith," ars' an tsean-bhean, "nár chuir sé suim ar bith ann. Níorbh' adhbhar áthais ná bróin dó é."
899. "Gabh i leith chugam, a Sheumais, agus bíodh fios do sgéil agam, má 's é do thoil e. Car chaith tú an bhliadhain so chuaidh thorainn." "Chuaidh mé anonn go h- Albain anuraidh. Thug mé ráithe i nGlaschú, agus ráithe eile i nDún Eudain." "Cá ndeachaidh tú annsin?" "Bhí an geimhreadh thorainn annsin. Tar éis an gheimhridh, ní raibh mórán airgid agam, agus muna mbíodh gur dhíol m'athair beagán féir do bhí aige, agus gur chuir sé roinnt airigid chugam go hAlbain, níorbh' fhéidir dom teacht a bhaile.
"Cá raibh an feur ag t'athair?" "Bhí gort féir aige i n-aice an mhuilinn ar bhárr an chnuic." "I n-aghaidh dorais an mhuilinn, an n-eadh?" "Is eadh, go díreach." "Nach é gort Néill é sin?" "Ní hé. Is le m'athair é. Ach b'fhéidir go raibh beagán féir ag Niall, ag fás i gcúil an ghuirt." "Tá go maith. Innis dom cár ghabh tú nuair fuair tú do chuid airgid." 902. "Cár ghabh tú i n-a dhiaidh sin?" "Bhí Albanach liom, ag teacht ó Ghlaschú go Baile Atha Cliath. Bhí mac aige so i n-a chomhnuidhe i nDroichead Átha i n-aice an droichid. Chuaidh sinn araon go teach mic an Albanaigh. Fuair sinn ar ndóthain bídh ann, agus deoch i n-a dhiaidh agus codladh go maidin. Dubhairt an t-Albanach liom, dá mbeidhinn ar an mbaile sin arís, teacht go teach a mhic, agus go mbéidheadh fáilte ag a mhac rómham. "D'ár ndóigh, ba fial flaitheamhail an fear é, an t-Albanach sin." "Dob' eadh, go deimhin. Agus ba mhaith an fear óg é, mac an fhir sin." "Cia an t-ainm do bhí ar an bhfear óg?" "Niall Mac Aodha, agus Domhnall dob' ainm d' athair Néill. An mhí so chuaidh thorainn tháinig mé go Droichead Átha, agus an tseachtmhain so chuaidh thorainn tháinig mé ar an mbóthar iarainn go Baile Átha Cliath." "Agus nach rabhais i nGaillimh Dia hAoine so ghabh thorainn?" "Bhidheas. Thug mé an Satharn agus an Domhnach i nGaillimh, agus tháinig mé annso arís ar maidin Dia Luain." "An mbéidhir annso go dtí an Luan so chugainn?" "Ní bhéidhead Rachaidh mé go Corcaigh Dia hAoine." "An ar maidin an lae, nó um thráthnóna, bheidheas tú ag dul go Corcaigh?" "Ní'l a fhios agam go fóill, acht caithfidh mé bheith ann le haghaidh an mhargaidh Dia Sathairn."
909. "Cá rabhais ar maidin?" "Bhíos sa mbaile ar maidin indiu, agus bhíos i bpáirc Dhomhnaill ar maidin indé." "An bhfaca tú bó Chuilm Mhic Dhonnchadha i n-áit ar bith?" "Chonnaic mé ar thaobh an bhóthair í, i n-aice an tobair. Bhí slabhradh aici 'na diaidh. Bhí mé féin im' sheasamh os a cionn ar fhál an ghuirt." "An bhfaca tú rudh ar bith ar cheann an tslabhraidh." "Bhí fáinne mór trom iarainn ar cheann an tslabhraidh. Chonnaic mé an bhó cheudna i lár an ghuirt athrughad indé." "Cia an gort?" "Gort Bhriain Uí Néill. Bhí sí díreach ar m'aghaidh, nuair chuaidh mé thar an bhfál asteach." "An raibh laogh 'na haice?" "Ní raibh, acht bhí laogh le taobh an fháil, agus laogh eile amuigh ar an mbóthar." "Nach seagal atá ag fás ins an ngort sin?" "'Seadh, agus dá mbéidheadh a fhios ag Brian ó Néill go raibh bó i n-a chuid seagail, bhéidheadh fearg mhór air." "Ní breug é. Bheidheadh sé ar buile."
928. An mbeidh tú ag dul chum an aonaigh i mbárach? Cia an t-aonach? Aonach na Gaillimhe. Ní bheidhead. Ní féidir liom dul ann. Is é an la i mbárach lá an mhargaidh 'san áit so. Nach ar an Luan bhíos margadh na háite so? Ní headh. Ní bhíonn margadh ar fud na tíre so ar an Luan. I mbárach lá an mhargaidh. An fada go mbeidh tú i nGaillimh? Caithfidh mé bheith annso ar feadh seacht- mhaine. B'fhéidir go mbeidhinn i nGaillimh i gceann na seachtmhaine. An bhfuil slaghdán ort indiu? Tá go deimhin. Táim marbh ag fuacht na haimsire so.
944. Do chuaidh an luch go doras an chait. Do stad sí i n-aice an dorais ar feadh tamaill. Annsin d'osgail sí an doras, agus d'fheuch sí asteach ins an seomra. Do chonnaic sí an sean-chat i n-a chodladh ar a leabaidh, agus mac an chait 'n-a luighe ar an urlár. D'fhan an luch 'n-a seasamh ag an doras go ceann tamaill, agus í 'n-a tost. Annsin do leig sí gíog agus dimthigh sí. Do dhúisigh an sean-chat agus d'osgail sé súil. D'osgail sé an tsúil eile. D'árduigh sé bárr na cluaise. D'árduigh sé bárr na cluaise eile. Do thóg sé a cheann agus d'fheuch sé i n-a thim- cheall. Ní fhaca sé rud ar bith. D'éirigh sé i n-a sheasamh. Chuaidh sé amach go dtí an doras, agus d'fheuch sé timcheall na háite ar gach taobh. "B'fhéidir gurbh' eun do bhí ann," ars' eisean leis féin, agus d'fheuch sé suas os cionn an dorais. Annsin d'fheuch sé ar bhárr crainn do bhí díreach ar aghaidh an dorais agus chonnaic sé eun beag shuas air. "Dá mbeidhinn-se id' aice," ars' an cat leis an eun, "is fada go mbeidhmís gan codladh arís ar son ceoil do phíbe-se." Do chuaidh sé isteach annsin. Do dhún sé an doras. Do shín sé é féin ar a leabaidh. Do dhún sé súil, do dhún sé súil eile, agus níorbh' fhada go raibh sé i n-a chodladh.
969. "Fan go fóill," ars' an sean- chat, "agus beidh a fhios agat. 'Tá luch ar an taobh thall de'n bhalla so amuigh, agus tá sí ag magadh fúinn, dar léi féin. Ní 'l acht tamall beag ó tháinig sí go dtí an doras, chuir sí gíog aisti, agus d'imthigh léi arís. Do dhúisigh an ghíog mé, d'éirigh mé, do chuaidh mé amach, agus d'fheuch mé timcheall an tighe ar gach taobh. O nach bhfaca mé rud ar bith, tháinig mé isteach arís. Ní rabhas im' chodladh go dtáinig an bitheamhnach beag arís, agus go ndearna sí an cleas ceudna. D'imthigh sí go tapaidh, acht má d'imthigh, fuair mise fios ar a cuid magaidh, agus beidh aithmheula uirri faoi, nó ní sean-chat bán mise." "Má's sean-chat bán tú," ars' an cat óg, "badh chóir duit beagán céille do bheith agat anois. Is mithid duit é. Leig dod' (= do do) mhagadh, agus cuireadh an luch ceud míle gíog aisti, má's maith léi. Ná stadamaois ag caint annso ar son luiche ar bith. Sínimís sinn féin arís, agus bímís 'n-ár gcodladh." "O, go deimhin, ní ag magadh fút atáim, creid uaim é," ars' an sean-chat. "An té nach bhfuil ocras air, ná fanadh sé 'n-a shuidhe. Síneadh sé é féín ar a leabaidh, agus bíodh codladh go maidin aige. Acht ná cuireadh sé a mhilleán ar dhuine eile, má bhíonn biadh go leor ag duine eile, agus gan blas aige féin." Do chreid an cat óg annsin gurbh' fhíor an sgeul d'innis ar cat eile dhó. Rinne sé an oiread sin cainte i dtaobh na luiche, nach raibh codladh ar bith air fá dheireadh, agus dubhairt sé leis féin, "Má 's mar sin atá, beidh biadh againn araon." Annsin adubhairt sé ós árd: "Fanamaois ar chúl an dorais ar feadh tamaill, ar chuma ar bith, agus feuchamaois an bhfuil an ceart agat."
973. Chuaidh an cat óg go dtí an fhuinneóg, agus d'osgail sé ós íseal í. Léim sé amach. Chrom sé ar an talamh fá bhalla an tighe, agus tháinig sé go ciúin socair mar sin, go bhfuair sé amharc ar an mbeirt. Acht má fuair, fuair an luch amharc air- sean mar an gceudna, agus níor bh'fhada go raibh sí thar an mballa anonn, agus isteach i n-a poll féin. Le n-a linn sin, thug an cat óg léim go tapaidh, agus shaoil sé go riabh an luch bheag bhocht aige fá dheireadh, acht i n-ionad na luiche, is é an t-eun do bhí aige. Leis sin, d'osgail an sean-bhitheamhnach an doras agus tháinig amach ar an sráid.
989. Os cionn an chreasa. Fear feasa. Tuilleadh feasa. "Cois leasa, agus mé go huaigneach." Tar éis an tseaca. Is mithid dom stad; rinne mé mo dhóthain reatha. Tá mo chuid fola ag teacht a (or as) bonn mo choise, agus fuair mé buille cloiche ó Sheumas ar chnámh mo dhroma. Ná caith amach an t-uisge salach, go mbéidh an chuid ghlan isteach agat. B'fheárr duit feuchaint i ndiaidh do choda féin. Táim ag feuchaint i ndiaidh mo choda féin. Feuch an bád ag dul i n-aghaidh an tsrotha. Tá sí ag dul i n-agaidh na gaoithe mar an gceudna. Ní maith liom fuaim do ghotha, agus tú ag caint chomh h-árd sin. Sgríobh an focal do réir an fhuama. Budh chóir go mbeidheadh fuaim an ghotha do réir mar sgríobh mise an focal.
1023. So mar chaithim an lá, nuair bhidhim sa' mbaile. Dúisigheann m' athair go moch ar maidin mé. Éirighim ar a seacht a chlog Dia Domhnaigh, agus ar a sé a chlog gach maidin eile de'n tseachtmhain. Cuirim mo chuid eudaigh orm go tapaidh, buailim amach ar an sráid, agus dúnaim an doras im' dhiaidh. Imthighim amach 'san tír chomh luath agus is féidir liom, agus fágaim an baile mór ar mo chúl. Gabhaim amach cois na fairrge nó suas go barr an tsléibhe. Nuair bhidhim sásta a siubhal mar sin, suidhim síos ar bharr cloiche nó sínim mé
féin i n-áit tirm éigin, agus leigim mo sgíth. Annsin éirighim im' sheasamh, agus má bhíonn carraig árd nó árdán ar bith im' aice, gabhaim suas air, agus stadaim ar feadh tamaill, ag feuchaint im' thimcheall ar gach taobh. Ní fearr liom bheith mar sin i n-aon áit 'na ar bharr na haille, ag feuchaint thar sáile amach nó síos uaim ar an tráigh. Éiri- gheann an ghrian os cionn na fairrge. Bri- seann an tonn go trom ar an tráigh. Gluaiseann an faoileán thar barr gach tuinne. Cromann an seabhac ó'n aill. Cuireann an long an fhairrge i n-a cubhar gheal d'á taobh, agus fágann sí rian fada i
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services