Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Simple Lessons in Irish. Part IV.

Title
Simple Lessons in Irish. Part IV.
Author(s)
Ó Gramhnaigh, Eoghan - O'Gramhna, Eoghan,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 1a


843. Arán seagail agus blas beag salainn.


L. 2a


Adhastar asail. Capall Pheadair agus
gadhar Chormaic. Doras adhmaid agus glas
iarainn. Doras mór trom iarainn.
Sparán óir agus mála leathair. Atá
blas bradáin ar an iasg so. Do bhí carn
mór guail ar an urlár. Fuair mac
Pheadair ubhall óir ó Sheumas, agus ní
raibh focal buidheachais aige dhó. Is fearr
uan samhraidh ioná laogh foghmhair. Ní'l
fonn abhráin ná focal abhráin agam. Ní'l
eolas bóthair, róid, ná casáin ins an tír so
agam. Beul gadhair agus adharc tairbh,
ní maith liom iad. Tháinig arm Bhriain go
Cluain Tairbh (bull's meadow = Clontarf).
Ba thruagh an sgeul bás Bhriain i gCluain
Tairbh. Rinne siad uaigh Bhriain i nÁrd-
macha.


L. 3a


850. Dá mbíodh carn aráin agaibh, ní
bhéidheadh bhur ndóthain agaibh. Da mbíodh ár
ndóthain aráin againn, do bhéidhmís sásta.
Dá mbíodh roinnt óir agam, níor bh'fhada go
mbéidheadh mo sháith aráin agam. Dá mbíodh
capall Sheumuis ag Domhnall, níor bh'
fhada go mbéidheadh sé ag dul go Corcaigh.
Ní 'l adhastar capaill aige, agus ní'l a
dhóthain eolais ar an áit aige. Muna
bhfuil a dhóthain eolais aige, atá a fhios
agam go bhfuil a dhóthain óir aige. Nuair
fuair athair Dhomhnaill bás, thug sé neart
óir do Dhomhnall, agus thug a dhearbhráthair
féin a chuid óir dó, nuair do bhí sé ag dul
go dtí an t-Oileán Úr. Má fuair Domhnall
an oiread sin óir, bádh chóir dhó bheith saidh-
bhir anois. Badh chóir, go deimhin, agus atá
sé saidhbhir. Fuari sé tuilleadh óir ó'n
Oileán Úr ó Uilliam Ó H-Airt, agus nuair
dhíol sé capall Bhriain ar an aonach, fuair
sé tuilleadh óir air arís. Annsin bhí gort
seagail aige. Bhí sé ag obair lá
ins an ngort seagail, agus chonnaic sé
mála leathair ar an talamh, agus glas beag
iarainn ar an mála. Thug sé
an mála abhaile leis, agus nuair do bhí an
glas briste aige, fuair sé corn bhreágh óir
ann, agus biorán beag óir, sparán leathair,
agus crudh asail. Adeir sé féin gurab é
an crudh asail sin thug an meud sin sonais
air, agus nuair do bhí me féin ag siubhal
ins an áit, lá, chonnaic mé an sean-chrudh
iarainn shuas ar an doras mór. B'fhéidir
sin, acht ní'l a fhios agam cad thug an crudh
asail dó, muna raibh an sonas air cheana.
D'ár ndóigh, bhí an sonas riamh air. Ní crudh
asail ná crudh capaill thug air é, acht
beagan eólais agus mórán saothair.


L. 5a


866. Ar chuir Domhnall crudh an asail i
n-aice an dorais?



Níor chuir. (Do) chuir sé os cionn an
dorais é. (Do) bhí amadán i bhfochair Dhomh-
naill an uair sin. Dubhairt an t-amadán
leis, "Ná cuir crudh an asail os cionn an
dorais. Cuir síos ar an urlár é. Ní cóir
duit crudh asail do bheith os cionn do dhorais
agat." Níor chuir Domhnall suim ar bith i
bhfocal an amadáin, agus ní bhfuair an
t-amadán freagra uaidh. Tar éis báis
Dhomhnaill, tháinig sagart lá go dtí
an áit, agus chonnaic sé crudh an asail
shuas os cionn an dorais.



"Cia chuir an crudh sin os cionn an
dorais?" ars' an sagart.



Ní raibh duine ar bith istigh acht seanbhean,
máthair Dhomhnaill, agus bhí sí 'n-a suidhe ar
chathaoir adhmaid i n-aice an dorais. Chuala
sí ceist an tsagairt, agus tháinig sí amach
go dtí an doras.



"Chuir Domhnall," ars' isi
"ní raibh ciall riamh aige. Dubhairt
duine éigin (637) leis, gurbh' é crudh an
asail do chuir an oiread úd sonais air,
agus gur mhaith an rud crudh asail i n-aghaidh
bróin agus donais an tsaoghail. I gceann
tamaill, fuair mo mhac bocht bás, tar éis
slaghdáin fuair sé ar an aonach. Is fíor
ciall an tsean-fhocail, "ní 'l luibh (Liv,
herb) ná leigheas (cure) i n-aghaidh an bháis."
Go deimhin, ní maith liom féin, a athair, gur
chuir sé crudh an asail os cionn an dorais
riamh." "Má chuir sé suim i gcrudh an
asail," ars' an sagart, "ar son focail an
amadáin úd, rinne sé rud nár chóir; acht
munar chuir (if he did not put), ba chuma
dhó." Atá a fhios agam go maith," ars' an
tsean-bhean, "nár chuir sé suim ar bith ann.
Níorbh' adhbhar áthais ná bróin dó é."


L. 8a


899. "Gabh i leith chugam, a Sheumais, agus
bíodh fios do sgéil agam, má 's é do thoil e.
Car chaith tú an bhliadhain so
chuaidh thorainn." "Chuaidh mé anonn go h-
Albain anuraidh. Thug mé ráithe i nGlaschú,
agus ráithe eile i nDún Eudain." "Cá
ndeachaidh tú annsin?" "Bhí an geimhreadh
thorainn annsin. Tar éis an gheimhridh, ní
raibh mórán airgid agam, agus muna mbíodh
gur dhíol m'athair beagán féir do bhí aige, agus
gur chuir sé roinnt airigid chugam go
hAlbain, níorbh' fhéidir dom teacht a bhaile.


L. 9a


"Cá raibh an feur ag t'athair?" "Bhí gort
féir aige i n-aice an mhuilinn ar bhárr an
chnuic." "I n-aghaidh dorais an
mhuilinn, an n-eadh?" "Is eadh, go
díreach." "Nach é gort Néill é sin?"
"Ní hé. Is le m'athair é. Ach b'fhéidir
go raibh beagán féir ag Niall, ag fás i gcúil
an ghuirt." "Tá go maith.
Innis dom cár ghabh tú nuair fuair tú do
chuid airgid."



902. "Cár ghabh tú
i n-a dhiaidh sin?" "Bhí Albanach
liom, ag teacht ó Ghlaschú go Baile Atha
Cliath. Bhí mac aige so
i n-a chomhnuidhe i nDroichead
Átha i n-aice an droichid. Chuaidh sinn araon
go teach mic an Albanaigh. Fuair sinn ar
ndóthain bídh ann, agus deoch i n-a dhiaidh
agus codladh go maidin. Dubhairt an
t-Albanach liom, dá mbeidhinn ar an
mbaile sin arís, teacht go teach a mhic, agus go
mbéidheadh fáilte ag a mhac rómham.
"D'ár ndóigh, ba
fial flaitheamhail an fear é, an t-Albanach
sin." "Dob' eadh, go deimhin. Agus ba
mhaith an fear óg é, mac an fhir sin." "Cia
an t-ainm do bhí ar an bhfear óg?" "Niall
Mac Aodha, agus Domhnall dob' ainm d' athair
Néill. An mhí so chuaidh thorainn tháinig mé
go Droichead Átha, agus an tseachtmhain so chuaidh
thorainn tháinig mé ar an mbóthar iarainn
go Baile Átha Cliath." "Agus nach rabhais
i nGaillimh Dia hAoine so ghabh thorainn?"
"Bhidheas. Thug mé an Satharn agus an Domhnach
i nGaillimh, agus tháinig mé annso arís ar
maidin Dia Luain." "An mbéidhir annso
go dtí an Luan so chugainn?" "Ní bhéidhead
Rachaidh mé go Corcaigh Dia hAoine." "An
ar maidin an lae, nó um thráthnóna,
bheidheas tú ag dul go Corcaigh?" "Ní'l a
fhios agam go fóill,
acht caithfidh mé bheith ann le haghaidh an
mhargaidh Dia Sathairn."


L. 10a


909. "Cá rabhais ar maidin?" "Bhíos
sa mbaile ar maidin indiu, agus bhíos i bpáirc
Dhomhnaill ar maidin indé." "An bhfaca
tú bó Chuilm Mhic Dhonnchadha i n-áit ar
bith?" "Chonnaic mé ar thaobh an bhóthair
í, i n-aice an tobair. Bhí slabhradh aici
'na diaidh. Bhí mé féin im' sheasamh os
a cionn ar fhál an ghuirt." "An bhfaca
tú rudh ar bith ar cheann an tslabhraidh."
"Bhí fáinne mór trom iarainn ar cheann an
tslabhraidh. Chonnaic mé an bhó cheudna i
lár an ghuirt athrughad indé." "Cia an
gort?" "Gort Bhriain Uí Néill. Bhí sí
díreach ar m'aghaidh, nuair chuaidh mé thar an
bhfál asteach." "An raibh laogh 'na haice?"
"Ní raibh, acht bhí laogh le taobh
an fháil, agus laogh eile amuigh ar an mbóthar."
"Nach seagal atá ag fás ins an ngort sin?"
"'Seadh, agus dá mbéidheadh a fhios ag Brian
ó Néill go raibh bó i n-a chuid seagail,
bhéidheadh fearg mhór air." "Ní breug é.
Bheidheadh sé ar buile."


L. 12a


928.
An mbeidh tú ag dul chum an aonaigh i
mbárach?



Cia an t-aonach?



Aonach na Gaillimhe.
Ní bheidhead. Ní féidir liom dul ann. Is
é an la i mbárach lá an mhargaidh 'san áit so.



Nach ar an Luan bhíos margadh na háite so?



Ní headh. Ní bhíonn margadh ar fud na
tíre so ar an Luan. I mbárach lá an
mhargaidh.



An fada go mbeidh tú i nGaillimh?



Caithfidh mé bheith annso ar feadh seacht-
mhaine. B'fhéidir go mbeidhinn i nGaillimh i
gceann na seachtmhaine.



An bhfuil slaghdán ort indiu?



Tá go deimhin. Táim marbh ag fuacht na
haimsire so.


L. 14a


944. Do chuaidh an luch go doras an
chait. Do stad sí i n-aice an dorais ar
feadh tamaill. Annsin d'osgail sí
an doras, agus d'fheuch sí asteach ins an
seomra. Do chonnaic sí an sean-chat i n-a
chodladh ar a leabaidh, agus mac an chait 'n-a
luighe ar an urlár. D'fhan an luch 'n-a
seasamh ag an doras go ceann tamaill, agus
í 'n-a tost. Annsin do leig sí gíog agus
dimthigh sí. Do dhúisigh an sean-chat agus
d'osgail sé súil. D'osgail sé an tsúil
eile. D'árduigh sé bárr na cluaise.
D'árduigh sé bárr na cluaise eile. Do
thóg sé a cheann agus d'fheuch sé i n-a thim-
cheall. Ní fhaca sé rud ar
bith. D'éirigh sé i n-a sheasamh.
Chuaidh sé amach go dtí an doras, agus d'fheuch
sé timcheall na háite ar gach taobh.
"B'fhéidir gurbh' eun do bhí ann," ars'
eisean leis féin, agus d'fheuch sé suas os cionn
an dorais. Annsin d'fheuch sé ar
bhárr crainn do bhí díreach ar aghaidh an
dorais agus chonnaic sé eun beag shuas air.
"Dá mbeidhinn-se id' aice,"
ars' an cat leis an eun, "is fada go
mbeidhmís gan codladh arís ar son ceoil do
phíbe-se." Do chuaidh sé isteach annsin. Do
dhún sé an doras. Do shín sé é féin ar a
leabaidh. Do dhún sé súil, do dhún sé súil
eile, agus níorbh' fhada go raibh sé i n-a chodladh.


L. 17a


969. "Fan go fóill," ars' an sean-
chat, "agus beidh a fhios agat. 'Tá luch ar an
taobh thall de'n bhalla so amuigh, agus tá sí
ag magadh fúinn, dar léi féin. Ní 'l acht
tamall beag ó tháinig sí go dtí an doras,
chuir sí gíog aisti, agus d'imthigh léi arís. Do
dhúisigh an ghíog mé, d'éirigh mé, do chuaidh mé
amach, agus d'fheuch mé timcheall an tighe ar
gach taobh. O nach bhfaca mé rud ar bith,
tháinig mé isteach arís. Ní rabhas im'
chodladh go dtáinig an bitheamhnach beag arís,
agus go ndearna sí an cleas ceudna. D'imthigh
sí go tapaidh, acht má d'imthigh, fuair mise
fios ar a cuid magaidh, agus beidh aithmheula
uirri faoi, nó ní sean-chat bán mise."
"Má's sean-chat bán tú," ars' an cat óg,
"badh chóir duit beagán céille do bheith
agat anois. Is mithid duit é. Leig dod'
(= do do) mhagadh, agus cuireadh an luch ceud
míle gíog aisti, má's maith léi. Ná
stadamaois ag caint annso ar son luiche
ar bith. Sínimís sinn féin arís, agus bímís
'n-ár gcodladh." "O, go deimhin, ní ag
magadh fút atáim, creid uaim é," ars' an
sean-chat. "An té nach bhfuil ocras air,
ná fanadh sé 'n-a shuidhe. Síneadh sé é féín
ar a leabaidh, agus bíodh codladh go maidin
aige. Acht ná cuireadh sé a mhilleán ar
dhuine eile, má bhíonn biadh go leor ag duine
eile, agus gan blas aige féin." Do chreid an
cat óg annsin gurbh' fhíor an sgeul d'innis
ar cat eile dhó. Rinne sé an oiread sin
cainte i dtaobh na luiche, nach raibh codladh
ar bith air fá dheireadh, agus dubhairt sé leis
féin, "Má 's mar sin atá, beidh biadh
againn araon." Annsin adubhairt sé ós
árd: "Fanamaois ar chúl an dorais ar
feadh tamaill, ar chuma ar bith, agus feuchamaois
an bhfuil an ceart agat."


L. 18a


973. Chuaidh an cat óg go dtí an
fhuinneóg, agus d'osgail sé ós íseal í. Léim
sé amach. Chrom sé ar an talamh fá bhalla
an tighe, agus tháinig sé go ciúin socair mar
sin, go bhfuair sé amharc ar an mbeirt.
Acht má fuair, fuair an luch amharc air-
sean mar an gceudna,
agus níor bh'fhada go raibh sí thar an mballa
anonn, agus isteach i n-a poll féin.
Le n-a linn sin, thug an cat óg léim go
tapaidh, agus shaoil sé go riabh an luch bheag
bhocht aige fá dheireadh, acht i n-ionad na
luiche, is é an t-eun do bhí aige. Leis sin,
d'osgail an sean-bhitheamhnach an doras agus
tháinig amach ar an sráid.


L. 19a


989. Os cionn an chreasa.
Fear feasa. Tuilleadh feasa. "Cois
leasa, agus mé go huaigneach." Tar éis
an tseaca. Is mithid dom stad;
rinne mé mo dhóthain reatha. Tá mo chuid
fola ag teacht a (or as) bonn mo choise, agus
fuair mé buille cloiche ó Sheumas ar chnámh
mo dhroma. Ná caith amach an t-uisge
salach, go mbéidh an chuid ghlan isteach
agat. B'fheárr duit feuchaint i ndiaidh do
choda féin. Táim ag feuchaint
i ndiaidh mo choda féin. Feuch an bád ag
dul i n-aghaidh an tsrotha. Tá sí ag dul i
n-agaidh na gaoithe mar an gceudna. Ní
maith liom fuaim do ghotha, agus tú ag caint
chomh h-árd sin. Sgríobh an focal do réir
an fhuama. Budh chóir go mbeidheadh fuaim
an ghotha do réir mar sgríobh mise an
focal.


L. 21a


1023. So mar chaithim an lá, nuair bhidhim
sa' mbaile. Dúisigheann m'
athair go moch ar maidin mé. Éirighim ar a
seacht a chlog Dia Domhnaigh, agus ar a sé a
chlog gach maidin eile de'n tseachtmhain.
Cuirim mo chuid eudaigh orm go tapaidh,
buailim amach ar an sráid, agus dúnaim an
doras im' dhiaidh. Imthighim amach 'san tír
chomh luath agus is féidir liom, agus fágaim an
baile mór ar mo chúl. Gabhaim amach cois
na fairrge nó suas go barr an tsléibhe.
Nuair bhidhim sásta a siubhal mar sin,
suidhim síos ar bharr cloiche nó sínim mé


L. 22a


féin i n-áit tirm éigin, agus leigim mo sgíth.
Annsin éirighim im' sheasamh, agus má bhíonn
carraig árd nó árdán ar bith im' aice,
gabhaim suas air, agus stadaim ar feadh
tamaill, ag feuchaint im' thimcheall ar gach
taobh. Ní fearr liom bheith mar sin i n-aon
áit 'na ar bharr na haille, ag feuchaint thar
sáile amach nó síos uaim ar an tráigh. Éiri-
gheann an ghrian os cionn na fairrge. Bri-
seann an tonn go trom ar an tráigh.
Gluaiseann an faoileán thar barr gach
tuinne. Cromann an seabhac ó'n aill.
Cuireann an long an fhairrge i n-a cubhar
gheal d'á taobh, agus fágann sí rian fada i

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services