Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Belfast Gaelic League.
Title
Belfast Gaelic League.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
BELFAST GAELIC LEAGUE. A dhaoine uaisle, cuirim ceud míle fáilte rómhaibh. Tá áthas mór orm fá'n gcruinniughadh mór so d'fheic- sint annso anocht. Labhraim an beagán focal so as Gaedhilge i súil go mbeidh sé 'n-a shompla dhíbh ar ar dteanga dhílis do labhairt ar gach aon ócáid is féidir libh. Is mór an t-adhbhar misnigh dhúinn chum dul ar aghaidh ins an obair atá againn d'á déanamh, na litreacha bríoghmhara sin do léigheas díbh. Cúig bliadhna ó shoin, ní shamhlóchadh aon-neach ar bith go mbéidheadh ar n-obair ag dul ar aghaidh mar tá sí indiu.
Tá súil agam go dtiubhraidh sibh-se atá i láthair anocht congnamh dhúinn i slighe éigin de na slighthibh do chuireamar rómhaibh ins an bhfuagra do chuireamar amach atá tamall ó shoin. Is mór an tubaiste d'éirigh dhúinn go deireannach, mar atá ar rún-chléireach, an saoi Muirgheasach d'imtheacht uainn, do rinne an oiread úd saothair le Connradh na Gaedhilge do chur ar bun ins an gcathair so; acht budh mhaith liom a rádh go ndearnamar ar ndícheall ar an mí-ágh so do mhaolughadh, agus go bhfuara- mar rúin-chléireach eile, mar atá an saoi Mac Gille- Mhártain, agus measaim go ndéanfaidh sé obair an Chonnartha go sár-mhaith. Is mithid damh-sa mo chomhradh do chríochnughadh, mar atá léitheachta agus ceolta le tabhairt annso bheidheas níos taitneamhaighe libh ná urlabhra ar bith.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services