Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Belfast Gaelic League.

Title
Belfast Gaelic League.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

BELFAST GAELIC LEAGUE.



A dhaoine uaisle, cuirim ceud míle fáilte rómhaibh.
Tá áthas mór orm fá'n gcruinniughadh mór so d'fheic-
sint annso anocht. Labhraim an beagán focal so as
Gaedhilge i súil go mbeidh sé 'n-a shompla dhíbh ar ar
dteanga dhílis do labhairt ar gach aon ócáid is
féidir libh.



Is mór an t-adhbhar misnigh dhúinn chum dul ar aghaidh
ins an obair atá againn d'á déanamh, na litreacha
bríoghmhara sin do léigheas díbh.



Cúig bliadhna ó shoin, ní shamhlóchadh aon-neach ar bith
go mbéidheadh ar n-obair ag dul ar aghaidh mar tá sí
indiu.


L. 127


Tá súil agam go dtiubhraidh sibh-se atá i láthair
anocht congnamh dhúinn i slighe éigin de na slighthibh do
chuireamar rómhaibh ins an bhfuagra do chuireamar amach
atá tamall ó shoin.



Is mór an tubaiste d'éirigh dhúinn go deireannach,
mar atá ar rún-chléireach, an saoi Muirgheasach
d'imtheacht uainn, do rinne an oiread úd saothair le
Connradh na Gaedhilge do chur ar bun ins an gcathair
so; acht budh mhaith liom a rádh go ndearnamar ar
ndícheall ar an mí-ágh so do mhaolughadh, agus go bhfuara-
mar rúin-chléireach eile, mar atá an saoi Mac Gille-
Mhártain, agus measaim go ndéanfaidh sé obair an
Chonnartha go sár-mhaith.



Is mithid damh-sa mo chomhradh do chríochnughadh, mar
atá léitheachta agus ceolta le tabhairt annso bheidheas
níos taitneamhaighe libh ná urlabhra ar bith.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services