Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Fuar leam Longphort mo Charad
Title
Fuar leam Longphort mo Charad
Author(s)
Mac an Bhaird, Diarmuid,
Compiler/Editor
Hughes, A. J.
Composition Date
1687
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 1987)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
FUAR LEAM LONGPHORT MO CHARAD Diarmuid Mac an Bhaird cecinit. Fuar leam longphort mo charad, roighléan caol colg ttanalag re hais Í Chobhthuigh Chraoi Bhreagh gan dlaoi orthuibh acht oighreadh. Diongna thrá an teagh luighe do mhac ríogh Fhóid Fhearnmhuighe - ar dhíon d'oighreadh tarla an teach - adbha choirrshleagh is chróiseach. Dursan leam - fa doiligh dhó, mac Colla fhuilngios annró - 's onchoin ó Cholla Dhá Chríoch ar tholchaibh corra coigcríoch.
Saoth linne úr mar iomdhaidh ag iarmhua tais Toirdhealbhaigh fa fhiodhradh fhiar chraobh ccuisne - daor do Bhrian an bhliadhainsi! Atá tréimsi - truagh an bhroid, saoth leam don tí 'gá ttámuid - dá chailg le séideadh na síon - mairg darbh éidear an t-imshníomh! Fada dhó - díochra an sompla, créad acht imshníomh iasachta? - re hól sreibhe re suan ngearr gan luadh fleidhe ná fidhcheall. Mo-nuar a-muigh go madain dearc chorr mar chaoir n-anabaidh re nuall na ccrithear ccinnte 's re ficheadh bhfuar bhfirminnte. Budh lór d'iadhadh a ionair snáth reoidh na reann ngoimhiomhuil cneas géigeal 'na ruainnibh reoidh fuaighidh re héideadh d'ainneoin.
Amuigh ar áth ó oidche bró laoch go lí neamhfhoirbhthe ar rian fhuar nár dhaingean dóibh mo-nuar an mhainnear mharcshlóigh! Doibhinn thrá an chuisle chiúil do Shíol cColla i niath ainiúil - gá ttám, is aoincheol aca glár na ngaoithreodh ngeamhrata. Madh beo dhósan, dreach nuaidhe, seolfaidh ar séan deaghuaire i ndiaidh na ccoilgshleagh ccorcra foirgneamh gan chiaigh ccumhachta. Fuaighfidh i ccionn an chraoi chleath bruidhean chorr cheithre mbeilgeadh fa mbíd maithe chliar ó cCuinn gach laithe ag triall i ttuaruim. Gan iosdadh gan fhoithin lis i ngar laoich Locha hÉigis, mar tá sonna is damhna duaidh ó Colla i nadhbha fhíofhuair.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services