Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Fuar leam Longphort mo Charad

Title
Fuar leam Longphort mo Charad
Author(s)
Mac an Bhaird, Diarmuid,
Compiler/Editor
Hughes, A. J.
Composition Date
1687
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 1987)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


FUAR LEAM LONGPHORT MO CHARAD



Diarmuid Mac an Bhaird cecinit.



Fuar leam longphort mo charad,
roighléan caol colg ttanalag
re hais Í Chobhthuigh Chraoi Bhreagh
gan dlaoi orthuibh acht oighreadh.



Diongna thrá an teagh luighe
do mhac ríogh Fhóid Fhearnmhuighe
- ar dhíon d'oighreadh tarla an teach -
adbha choirrshleagh is chróiseach.



Dursan leam - fa doiligh dhó,
mac Colla fhuilngios annró -
's onchoin ó Cholla Dhá Chríoch
ar tholchaibh corra coigcríoch.


L. 70


Saoth linne úr mar iomdhaidh
ag iarmhua tais Toirdhealbhaigh
fa fhiodhradh fhiar chraobh ccuisne
- daor do Bhrian an bhliadhainsi!



Atá tréimsi - truagh an bhroid,
saoth leam don tí 'gá ttámuid -
dá chailg le séideadh na síon -
mairg darbh éidear an t-imshníomh!



Fada dhó - díochra an sompla,
créad acht imshníomh iasachta? -
re hól sreibhe re suan ngearr
gan luadh fleidhe ná fidhcheall.



Mo-nuar a-muigh go madain
dearc chorr mar chaoir n-anabaidh
re nuall na ccrithear ccinnte
's re ficheadh bhfuar bhfirminnte.



Budh lór d'iadhadh a ionair
snáth reoidh na reann ngoimhiomhuil
cneas géigeal 'na ruainnibh reoidh
fuaighidh re héideadh d'ainneoin.


L. 71


Amuigh ar áth ó oidche
bró laoch go lí neamhfhoirbhthe
ar rian fhuar nár dhaingean dóibh
mo-nuar an mhainnear mharcshlóigh!



Doibhinn thrá an chuisle chiúil
do Shíol cColla i niath ainiúil
- gá ttám, is aoincheol aca
glár na ngaoithreodh ngeamhrata.



Madh beo dhósan, dreach nuaidhe,
seolfaidh ar séan deaghuaire
i ndiaidh na ccoilgshleagh ccorcra
foirgneamh gan chiaigh ccumhachta.



Fuaighfidh i ccionn an chraoi chleath
bruidhean chorr cheithre mbeilgeadh
fa mbíd maithe chliar ó cCuinn
gach laithe ag triall i ttuaruim.



Gan iosdadh gan fhoithin lis
i ngar laoich Locha hÉigis,
mar tá sonna is damhna duaidh
ó Colla i nadhbha fhíofhuair.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services