Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Piaras Mac Gearailt. II.
Title
Piaras Mac Gearailt. II.
Author(s)
Mac Gearailt, Piaras,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
PIARAS MAC GEARAILT. — II. The following poem appears to refer to a vision which was not allegorical:— MAIRE PAOR. Ag taisdeal dam lá ar m' ádhbhar aonair, Cois na Siúire — srúill na méith-bhreac —, Do dhearcas lem' thaoibh an bhrídeach mhaordha Fá dhair chumhra i ndubh-chneid traochta. Fá dhéin na bruinnile dhruideas go heusgaidh; D'fhiafuigheas go huirrimeach siocair a ceusta; "Ca tír nó ainm duit? innis gan bhréig dam, Nó cad fáth do ghártha, a réiltheann?" Ars' ise, “A dhuine, cá'r hoileadh tu ar aon chor? I gcuasán coilleadh nó ar imeall an tsléibhe amuigh? An le seachmall atáir ar fan ód' ghaoltáibh Fá ndeara nach feasach duit m'anachain saoghalta?” “O! — an tu Máire cháidh na céille, Máthair Phiarais, triath na féile, O Chnoc Lathair na bhflatha mbeurach, Dob' uaisle cáil i ndálaibh Déiseach? “I do chisdin do chínn-se gasradh fheudhmach, Bláth do chuim-se, a ríoghain aobhdha, Feara agus mná dhuit gach lá ag géilleadh, Cidh fada fá leacaibh dóibh sgartha ó chéile. “A Rí na bhfine, na cruinne, 's na reulta, Beartaigh an mháthair, a clann, 's a céile, Máire 's a cáirde de phlúr-sgooth Phaorach Go dídin Pharrthais, is aingile d'á n-aoghaireacht!” Tar éis casta do theachdaire Phiarais ó Bhaile Uí Choitín gan aon iasg aige Lá Carrghais, adubhairt an file mar leanas: Baile Uí Choitín gann! Ná téirigh gan do dhinneur ann; Baile beag briste, Tóin le huisge, Agus mná gan tuigsin ann!
Gaoth adtuaidh, fuacht is dian-ghála D'bhur mbualadh anuas mar luach stríocála! Le bráithribh móra, buafa 's píocárda, Go raibh líonta suas go bruach bhur líontána!
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services