PIARAS MAC GEARAILT. — II.
The following poem appears to refer to a vision which
was not allegorical:—
MAIRE PAOR.
Ag taisdeal dam lá ar m' ádhbhar aonair,
Cois na Siúire — srúill na méith-bhreac —,
Do dhearcas lem' thaoibh an bhrídeach mhaordha
Fá dhair chumhra i ndubh-chneid traochta.
Fá dhéin na bruinnile dhruideas go heusgaidh;
D'fhiafuigheas go huirrimeach siocair a ceusta;
"Ca tír nó ainm duit? innis gan bhréig dam,
Nó cad fáth do ghártha, a réiltheann?"
Ars' ise, “A dhuine, cá'r hoileadh tu ar aon chor?
I gcuasán coilleadh nó ar imeall an tsléibhe
amuigh?
An le seachmall atáir ar fan ód' ghaoltáibh
Fá ndeara nach feasach duit m'anachain saoghalta?”
“O! — an tu Máire cháidh na céille,
Máthair Phiarais, triath na féile,
O Chnoc Lathair na bhflatha mbeurach,
Dob' uaisle cáil i ndálaibh Déiseach?
“I do chisdin do chínn-se gasradh fheudhmach,
Bláth do chuim-se, a ríoghain aobhdha,
Feara agus mná dhuit gach lá ag géilleadh,
Cidh fada fá leacaibh dóibh sgartha ó chéile.
“A Rí na bhfine, na cruinne, 's na reulta,
Beartaigh an mháthair, a clann, 's a céile,
Máire 's a cáirde de phlúr-sgooth Phaorach
Go dídin Pharrthais, is aingile d'á n-aoghaireacht!”
Tar éis casta do theachdaire Phiarais ó Bhaile Uí
Choitín gan aon iasg aige Lá Carrghais, adubhairt an
file mar leanas:
Baile Uí Choitín gann!
Ná téirigh gan do dhinneur ann;
Baile beag briste,
Tóin le huisge,
Agus mná gan tuigsin ann!