Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Mac Ríogh na nDeunfadh Comhairle. (Donegal Folk-Tale. - Concluded.)
Title
An Mac Ríogh na nDeunfadh Comhairle. (Donegal Folk-Tale. - Concluded.)
Author(s)
Deeny, J. N.,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN MAC RÍOGH NACH NDEUNFADH COMHAIRLE. (Donegal Folk-Tale — Concluded.) Anois ní raibh eagla ar bith ar an mhac ríogh roimh an tarbh, óir bhí sé go dána misneamhail. D'fhágh sé na trí madaidh ag an bhain-phrionnsa, agus dubhairt léithi: “Má's tuitim dhamh-sa leis an bheathach úd, beidh na madaidh seo mar chompánacha agad-sa, agus tabhair aire mhaith dhóibh, óir bhí siad 'na gcáirdibh fír-dhílse dhamh-sa, agus má thigim slán ar air, beidh siad annso rómham.” B'fhíor é. D'imthigh sé leis ar maidin lá ar n-a bhárach go tuaisceart na tíre. Chon- naic an tarbh i bhfad uaidh é, agus leig sé búifre as, do cualas i gceithre hárdaibh an
domhain, agus thosuigh ag rachtáil chuige. Anois chuala na trí madaidh an búifre sin, agus tháinic a fhios do'n mhadadh ghlic, Fiosach, go raibh a mhaighistir i gcontabhairt mhóir, mar bhí draoidheacht ar an tarbh sin, agus ní thiucfadh le duine bheo é mharbhadh. Mar sin do léim na trí madaidh amach as an pháláis, agus rith an meud bhí 'na gcnámhaibh chum a maighistir. Bhí an Tarbh Ortha comhgarach dhó anois, agus a adharca cromtha le buille do thabhairt do. Rith an madadh gasda, agus rug greim iorbaill ar an tarbh. Thionntuigh an tarbh thart le n-a mharbhadh, acht rith an madadh thart timcheall air chomh tapa sin nár fheud sé breith air. Choinnigh sé an tarbh ag dul thart mar sin go dtáinig an dá mhadadh eile. Léim an madadh láidir, Trom-ualach, suas ar an tarbh agus rug greim sróna air, agus choinnigh 'na sheasamh é, gur stróc na madaidh eile é. Leag siad an tarbh fá dheireadh. Ghearr an mac ríogh a theanga as le n-a sgin agus thug ar air leis chum an pháláis í. Bhí lúthgháir ar an bhain-prionnsa, nuair chonnaic sí ar ais slán é, acht bhí a thrí oiread buaidhridh uirri, lá ar n-a bhárach, nuair a dubhairt sé go gcaithfeadh sé pilleadh chum a thíre féin. Thosuigh sí ag gol 's ag caoineadh, acht dubhairt an mac ríogh léi go dtiucfadh sé ar ais fá cheann lae agus bliadhna, agus go bpósfadh sé í. B'fhíor é. D'imthigh sé leis ar an luing, é féin agus na trí madaidh, go dtáinic siad go caisleán an fhathaigh mhóir arís. Bhí ion- gantas mór ar a dheirbhsheathair ag feicsint mhic an ríogh ag teacht. Dubhairt sí leis go raibh sí i riocht bháis d'fhagháil ó phéin na láimhe, acht ní raibh sí acht ag cur i gcéill. Chuimil an mac ríogh teanga an Tairbh Ortha d'á láimh, agus leig sí uirri gur leighis sin í. Annsin d'innis sí d'á dhearbhráthair go raibh an fathach mór ar siubhal, óir gur bhris sé an cisde lá amháin agus go dtáinig amach, acht go raibh an oiread sin d'eagla air fá na mada- dhaibh gur imthig sé 'na rith, agus nach bhfaca sí ó shoin é. D'innis an mac ríogh dhi fá 'n mheud do chonnaic sé san Domhan Thoir, agus fá 'n bhain-phrionnsa bhí le pósadh aige, agus go gcaithfeadh sise teacht leis chum na bainise. Dubhairt sí go rachadh, acht go gcaithfeadh seisean na trí madaidh fhágáil 'na dhiaidh, óir nach rachadh sí 'san luing leo, ar eagla go strócfadh siad í. Mar nach raibh a athrughadh de raogha aige, d'fhág sé na madaidh sa' chaisleán, agus d'imthigh féin agus a dheirbhshiúr 'san luing. Bí lúthgháir mhór ar inghin Ríogh an Domhan Thoir fá'n mhac ríogh d'fheicsint, agus fá cheann seachtmhaine, pósadh iad. Anois d'iarr inghean deirbhshiúr an mhic ríogh cead ar Rígh an Domhain Thoir fá'n leabaidh do chórughadh dhóibh, agus fuair sí an cead sin uaidh. Bhí cloidheamh an tsoluis léi, gan a fhios d'á dhearbhráthair, agus chroch sí i n-áirde é os cionn na leabtha, agus nuair do chuaidh seisean ar an leabaidh, thuit an cloidheamh air agus mharbh sé é. Cuireadh sgeula chum an ríogh, agus d'innis deirbhshiúr an mhic ríogh dhó gurbh' í a bhean féin do mharbh é leis an chloidheamh. Thug an rí breitheamhnas uirri go gcaithfidhe í dhóghadh mar gheall ar an choir mhilltigh sin; acht ó ba hinghean dó féin í, thug sé cáirde lae agus bliadhna dhi, sul má ndóighfidhe í. Dála na dtrí madadh, bhí cumha mhór orra, nuair d'imthigh a maighistir uatha, agus thafainn agus chaoin siad go mór. Lá ar n-a bhárach, tháinic a fhios do'n mhadadh ghlic, Fiosach, go raibh an fathach mór i n-a fholach sa' tsoiléar fá'n chaisleán. Chuaidh na trí madaidh síos le n-a strócadh, acht bhí an dorus druidte. Chuir an madadh láidir, Trom-ualach, a ghuala leis an dorus, acht bhí an dorus go daingean, agus chuir an fathach mór a dhruim leis ar an taobh istigh, agus níor feudadh é fhosgailt. Thosuigh na trí madaidh ar an dorus le n-a bhfiaclaibh,,gur ghearr siad poll thríd, acht nuair do chuaidh siad isteach 'san pholl, bhí an fathach mór ar siubhal as dorus eile. Lean siad a lorg, go dtáinic siad go ceart-lár na coilleadh, agus go bhfaca
siad an fathach mór thuas ar bharr an chrainn a b' áirde sa' choill. Chuir Trom- ualach a ghuala leis an gcrann agus leag sé é. Thuit an fathach, bhris sé a mhuinéal, agus d'eug sé. Anois rinne na trí madaidh comhairle go leanfadh siad a maighistir, acht ní raibh a fhios aca caidé mar gheobhadh siad thar an mhuir. Bhí sé ro-fhada le snámh, agus cha raibh long ná bád aca. Dubhairt an madadh Fiosach go raibh bád iasgaire ar ceangal i n-a leitheid seo d'áit, agus go dtiubhradh siad leo é. B'fhíor é. Ghearr siad na rópaidhe le n-a gcuid fiacal, spréigh na seolta, rinne an madadh Fiosach stiúr dhóibh, agus thriall siad leo chum an Domhain Thoir. Bhí lúthgháir mhór ar bhaintr'igh an mhic ríogh ag feicsint na dtrí madadh arís, acht chá ndearna siad moill sa' pháláis, acht ghluais leo chum na huamha i n-ar cuireadh an mac ríogh. Thosuigh siad ag cartadh na criadh go dtáinic siad 'fhad leis an chorpán. Thóg siad é agus ligh siad gach aon bhall de. D'éirigh an mac ríogh beó arís chomh slán folláin agus bhí sé riamh. Thug sé d'fhios do'n rígh nár bh' í a bhean do mharbh é, acht a dheirbhshiúr leis an chloidheamh dhraoidheachta; agus an teine bhí cóiriste (cóirighthe) fá'n bhain-phrionnsa, cuiread fá'n mhnaoi fhealltaigh eile í, agus dóigheadh 'na haibhleoig í. D'fhág an mac ríogh slán ag a athair chéile, thug a bhean agus a thrí madaidh leis, chuaidh ar bórd na luinge, agus d'imthigh leis go caisleán an fhathaigh mhóir. Casadh dhó ar an tráigh an óig-bhean thug na trí madaidh dhó, agus dubhairt sí: “Nuair d'imthigh tú ó do bhaile féin i gceudóir, fuair do mháthair bás le cumha 'do dhiaidh, agus mise teachtaire do chuir sí chugat ó'n saoghal eile, le cuidiughadh thabhairt duit in do chontabhairt. Agus na trí madaidh seo, is searbhfoghantaidhthe dhamh-sa iad. Ní bheidh siad-san ná mise de dhíth ort níos mó, óir tá an fathach mór marbh agus tá an draoidheacht tógtha ó'n chais- leán, agus beidh an caisleán agus a bhfuil ann agad féin agus ag do chéile, gan bac gan buaidhreadh, ó so amac.” D'fhág sí slán aige, sgairt sí ar na trí madadhaibh, agus d'imthigh léi. Chaith an mac ríogh agus a bhean beatha shona fhad-saoghlach 'na gcomhnuidhe sa' chaisleán sin go fóill; gidh nach bhfuil beó ar thalamh an domhain duine acht iad de phór an tsean-ríogh sin thug an droch-chomhairle d'á chlainn. Is mairg bheir agus is mairg ghlacas droch- chomhairle. J. N. DEENY.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services