Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Mac Ríogh na nDeunfadh Comhairle. (Donegal Folk-Tale. - Concluded.)

Title
An Mac Ríogh na nDeunfadh Comhairle. (Donegal Folk-Tale. - Concluded.)
Author(s)
Deeny, J. N.,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AN MAC RÍOGH NACH NDEUNFADH
COMHAIRLE.
(Donegal Folk-Tale — Concluded.)



Anois ní raibh eagla ar bith ar an mhac
ríogh roimh an tarbh, óir bhí sé go dána
misneamhail. D'fhágh sé na trí madaidh ag
an bhain-phrionnsa, agus dubhairt léithi: “Má's
tuitim dhamh-sa leis an bheathach úd, beidh na
madaidh seo mar chompánacha agad-sa, agus
tabhair aire mhaith dhóibh, óir bhí siad 'na
gcáirdibh fír-dhílse dhamh-sa, agus má thigim
slán ar air, beidh siad annso rómham.”



B'fhíor é. D'imthigh sé leis ar maidin lá
ar n-a bhárach go tuaisceart na tíre. Chon-
naic an tarbh i bhfad uaidh é, agus leig sé
búifre as, do cualas i gceithre hárdaibh an


L. 173


domhain, agus thosuigh ag rachtáil chuige. Anois
chuala na trí madaidh an búifre sin, agus
tháinic a fhios do'n mhadadh ghlic, Fiosach, go
raibh a mhaighistir i gcontabhairt mhóir, mar
bhí draoidheacht ar an tarbh sin, agus ní thiucfadh
le duine bheo é mharbhadh. Mar sin do léim
na trí madaidh amach as an pháláis, agus rith an
meud bhí 'na gcnámhaibh chum a maighistir.
Bhí an Tarbh Ortha comhgarach dhó anois, agus a
adharca cromtha le buille do thabhairt do.
Rith an madadh gasda, agus rug greim iorbaill
ar an tarbh. Thionntuigh an tarbh thart le n-a
mharbhadh, acht rith an madadh thart timcheall
air chomh tapa sin nár fheud sé breith air.
Choinnigh sé an tarbh ag dul thart mar sin
go dtáinig an dá mhadadh eile. Léim an
madadh láidir, Trom-ualach, suas ar an tarbh
agus rug greim sróna air, agus choinnigh 'na
sheasamh é, gur stróc na madaidh eile é.
Leag siad an tarbh fá dheireadh. Ghearr an
mac ríogh a theanga as le n-a sgin agus thug ar
air leis chum an pháláis í.



Bhí lúthgháir ar an bhain-prionnsa, nuair
chonnaic sí ar ais slán é, acht bhí a thrí
oiread buaidhridh uirri, lá ar n-a bhárach,
nuair a dubhairt sé go gcaithfeadh sé pilleadh
chum a thíre féin. Thosuigh sí ag gol 's ag
caoineadh, acht dubhairt an mac ríogh léi go
dtiucfadh sé ar ais fá cheann lae agus bliadhna,
agus go bpósfadh sé í.



B'fhíor é. D'imthigh sé leis ar an luing,
é féin agus na trí madaidh, go dtáinic siad go
caisleán an fhathaigh mhóir arís. Bhí ion-
gantas mór ar a dheirbhsheathair ag feicsint
mhic an ríogh ag teacht. Dubhairt sí leis go
raibh sí i riocht bháis d'fhagháil ó phéin na
láimhe, acht ní raibh sí acht ag cur i gcéill.
Chuimil an mac ríogh teanga an Tairbh Ortha
d'á láimh, agus leig sí uirri gur leighis sin í.
Annsin d'innis sí d'á dhearbhráthair go raibh
an fathach mór ar siubhal, óir gur bhris sé an
cisde lá amháin agus go dtáinig amach, acht go
raibh an oiread sin d'eagla air fá na mada-
dhaibh gur imthig sé 'na rith, agus nach bhfaca sí
ó shoin é. D'innis an mac ríogh dhi fá 'n
mheud do chonnaic sé san Domhan Thoir, agus
fá 'n bhain-phrionnsa bhí le pósadh aige, agus
go gcaithfeadh sise teacht leis chum na
bainise. Dubhairt sí go rachadh, acht go
gcaithfeadh seisean na trí madaidh fhágáil
'na dhiaidh, óir nach rachadh sí 'san luing leo,
ar eagla go strócfadh siad í. Mar nach
raibh a athrughadh de raogha aige, d'fhág sé na
madaidh sa' chaisleán, agus d'imthigh féin agus a
dheirbhshiúr 'san luing.



Bí lúthgháir mhór ar inghin Ríogh an Domhan
Thoir fá'n mhac ríogh d'fheicsint, agus fá cheann
seachtmhaine, pósadh iad. Anois d'iarr
inghean deirbhshiúr an mhic ríogh cead ar Rígh
an Domhain Thoir fá'n leabaidh do chórughadh
dhóibh, agus fuair sí an cead sin uaidh. Bhí
cloidheamh an tsoluis léi, gan a fhios d'á
dhearbhráthair, agus chroch sí i n-áirde é os cionn
na leabtha, agus nuair do chuaidh seisean ar an
leabaidh, thuit an cloidheamh air agus mharbh sé é.



Cuireadh sgeula chum an ríogh, agus d'innis
deirbhshiúr an mhic ríogh dhó gurbh' í a bhean
féin do mharbh é leis an chloidheamh. Thug an
rí breitheamhnas uirri go gcaithfidhe í dhóghadh
mar gheall ar an choir mhilltigh sin; acht ó
ba hinghean dó féin í, thug sé cáirde lae agus
bliadhna dhi, sul má ndóighfidhe í.



Dála na dtrí madadh, bhí cumha mhór orra,
nuair d'imthigh a maighistir uatha, agus thafainn
agus chaoin siad go mór. Lá ar n-a bhárach,
tháinic a fhios do'n mhadadh ghlic, Fiosach, go
raibh an fathach mór i n-a fholach sa' tsoiléar
fá'n chaisleán. Chuaidh na trí madaidh síos
le n-a strócadh, acht bhí an dorus druidte.
Chuir an madadh láidir, Trom-ualach, a
ghuala leis an dorus, acht bhí an dorus go
daingean, agus chuir an fathach mór a dhruim
leis ar an taobh istigh, agus níor feudadh é
fhosgailt. Thosuigh na trí madaidh ar an
dorus le n-a bhfiaclaibh,,gur ghearr siad
poll thríd, acht nuair do chuaidh siad isteach
'san pholl, bhí an fathach mór ar siubhal as
dorus eile. Lean siad a lorg, go dtáinic
siad go ceart-lár na coilleadh, agus go bhfaca


L. 174


siad an fathach mór thuas ar bharr an
chrainn a b' áirde sa' choill. Chuir Trom-
ualach a ghuala leis an gcrann agus leag sé
é. Thuit an fathach, bhris sé a mhuinéal, agus
d'eug sé.



Anois rinne na trí madaidh comhairle go
leanfadh siad a maighistir, acht ní raibh a
fhios aca caidé mar gheobhadh siad thar an
mhuir. Bhí sé ro-fhada le snámh, agus cha raibh
long ná bád aca. Dubhairt an madadh
Fiosach go raibh bád iasgaire ar ceangal i
n-a leitheid seo d'áit, agus go dtiubhradh siad
leo é.



B'fhíor é. Ghearr siad na rópaidhe le
n-a gcuid fiacal, spréigh na seolta, rinne
an madadh Fiosach stiúr dhóibh, agus thriall siad
leo chum an Domhain Thoir. Bhí lúthgháir
mhór ar bhaintr'igh an mhic ríogh ag feicsint
na dtrí madadh arís, acht chá ndearna siad
moill sa' pháláis, acht ghluais leo chum na
huamha i n-ar cuireadh an mac ríogh. Thosuigh
siad ag cartadh na criadh go dtáinic siad
'fhad leis an chorpán. Thóg siad é agus ligh
siad gach aon bhall de. D'éirigh an mac
ríogh beó arís chomh slán folláin agus bhí sé
riamh. Thug sé d'fhios do'n rígh nár bh' í a
bhean do mharbh é, acht a dheirbhshiúr leis an
chloidheamh dhraoidheachta; agus an teine bhí
cóiriste (cóirighthe) fá'n bhain-phrionnsa,
cuiread fá'n mhnaoi fhealltaigh eile í, agus
dóigheadh 'na haibhleoig í.



D'fhág an mac ríogh slán ag a athair
chéile, thug a bhean agus a thrí madaidh leis,
chuaidh ar bórd na luinge, agus d'imthigh leis
go caisleán an fhathaigh mhóir. Casadh dhó
ar an tráigh an óig-bhean thug na trí madaidh
dhó, agus dubhairt sí: “Nuair d'imthigh tú ó do
bhaile féin i gceudóir, fuair do mháthair bás
le cumha 'do dhiaidh, agus mise teachtaire do
chuir sí chugat ó'n saoghal eile, le cuidiughadh
thabhairt duit in do chontabhairt. Agus na
trí madaidh seo, is searbhfoghantaidhthe
dhamh-sa iad. Ní bheidh siad-san ná mise de
dhíth ort níos mó, óir tá an fathach mór
marbh agus tá an draoidheacht tógtha ó'n chais-
leán, agus beidh an caisleán agus a bhfuil ann
agad féin agus ag do chéile, gan bac gan
buaidhreadh, ó so amac.”



D'fhág sí slán aige, sgairt sí ar na trí
madadhaibh, agus d'imthigh léi. Chaith an mac
ríogh agus a bhean beatha shona fhad-saoghlach 'na
gcomhnuidhe sa' chaisleán sin go fóill; gidh
nach bhfuil beó ar thalamh an domhain duine
acht iad de phór an tsean-ríogh sin thug an
droch-chomhairle d'á chlainn.



Is mairg bheir agus is mairg ghlacas droch-
chomhairle.



J. N. DEENY.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services