Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Seaghán Mac Congamhna.
Title
Seaghán Mac Congamhna.
Author(s)
Ua Ruaidhrí, Seaghán,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SEAGHÁN MHAC CONGAMHNA. Is minic do chualas trácht fad' ó ó na sean-daoinibh i n-aice le Bealach-a'-Doirín ar amadán d' ar bh' ainm dhó Seaghán Mhac Congamhna, do mhair ins an áit sin timcheall 's ar “bhliadhain na bhFranncach,” mar deireadh siad. Má ba amadán féin do bhí ann, bhí sé go sean-ghéarchainteach, 's ba ghnáthach leis labhairt i gcomhnuidhe i rannai- gheacht do bhíodh 'na ughdar gháire. Ba iomdha rann díobh so do chualas im' óigeacht, agus badh mhaith liom an mhéid aca atá im' chuimhne do thabhairt do lucht léighte an Irisleabhair. Tháinic sé isteach lá ag iarraidh déirce, agus d'fhiafruigh fear an tighe dhe cian an nuaidheacht do bhí aige. “Tá na Franncaigh i mBeanntraighe Bae, 'S ní 'l fata im' mhála de bhárr an lae,” arsa Seaghán. Dob' fhearr leis aon rud do theastuigh uaidh do ghoid 'ná a bheith tugtha dhó, agus dá bharr sin b' éigean do na daoinibh bheith ar a gcoimhéad air. Mar so, ghoid sé pluid leaptha ó thigh an phoiticéara uair. Ghabh an poiticéir air, tamall 'na dhiaidh sin, agus dubhairt Seaghán leis: “A thaisge agus a théagair, Fág ag Seaghán é le haghaidh éadaigh.” Ghlac an poiticéir truaighe dhó, agus dubhairt sé go bhfágfadh, dá ndéanfadh sé rann dó. Dubhairt Seaghán: “Ar shiubhal oidhche le solus gealaighe, Ghoid mé an phluid ó'n bpoiticéir bealaidhe.” Ní bhfuair an poiticéir mórán sásaidh as an rann sin. Lá eile bhí sé ag dul thar tigh, agus mhothuigh sé boladh aráin dá bhácáil ann. Bhí ál circe agus ál lachan ag rinnce os coinne an dorais. Chuir Seaghán a cheann isteach, agus d'fuagair do mhnaoi an tighe: “Tá éinín circe agus éinín bárdail Ar gcúl a gcinn 'sa gclábar.” Amach leis an mnaoi ag féachaint god d'éirigh d'á cuid éanlaithe, acht nuair do chuaidh sí ar ais, bhí Seaghán imthighthe amach ar an doras cúil, agus an bhannóg aráin do bhí le héadan na teineadh fá n-a phluid leis. Ba ghnáthach leis lóisdín oidhche d'fhagháil ag duine uasal d'ar bh'ainm Aonghus Ó Breannáin. Chodladh Seaghán cois na teineadh sa' gcisteanach, acht bhí bean tighe Ghallda ann, agus níor bh' ait léi é 'na bealach. Tháinic sé isteach tráthnóna amháin d'á raibh an duine uasal go dona tinn, acht do dhíbir an bhean tighe amach é. Chuala an fear tinn í, agus dubhairt sé léi, “Fág an duine bocht istigh go lá.” Ní luaithe fuair Seaghán an focal 'ná dubhairt sé leis an bhfear tinn: “Mo lacha, mo ghé, 's mo ghandal thú! Mo choileach sa' chlúid 's mo standard thú!” Annsin ag tabhairt aighthe ar an mnaoi Shasanaigh, “You may go out, and be hanged to you! And I'll be here and no thanks to you.”
Ní raibh cruinniughadh ná banais 'san áit nach mbíodh Seaghán ann, agus lá d'á raibh sé ar aonach Bealaigh an Doirín, bhí go leór de shaighdiúraibh dearga ann, agus iad ag déanamh grinn agus plé leis, mar go raibh a phluid mar fhallaing ar a bhrághaid aige, agus cleath mhór 'na láimh chomh fada le cois phíce. Thóisigh oifigeach do bhí leó d'á dhrileáil, agus d'éis tamaill, “Fan anois,” arsa Seaghán, “go múinidh mise “exercise“ duit-se. Seas suas go díreach!” Rinne an fear eile sin. Dubhairt Seaghán arís: “Barr do phíce ar bharr do spáige - As sin suas go cnaipe do bhásta - Coiscéim siar agus tóig do ghárda - Annsin ar t'aghaidh agus déan do sháthadh.” “Déan mar so anois,” ag leigean a dhá láimh síos le n-a thaoibh go dlúth. Rinne an t-oifigeach sin. Tharraing Seaghán buille de'n chleith gur bhuail sé ar bhun na cluaise é, gur chuir sé a chosa os a chionn síos le fánaidh do bhí sa' tsráid. As go bráth le Seaghán i measg na ndaoine, agus na saighdiúirí 'na dhiaidh, agus é ag béicnigh os árd a chinn — “Coinnigidh ann diabhal dearg uaim! Coinnigidh an diabhal dearg uaim!” Acht ní bhéarfadh gadhar ar Sheaghán ag rith, agus leigeadar na saighdiúirí dhó ó sin amach. Seaghán Ó Ruaidhrí.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services