Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seaghán Mac Congamhna.

Title
Seaghán Mac Congamhna.
Author(s)
Ua Ruaidhrí, Seaghán,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

SEAGHÁN MHAC CONGAMHNA.



Is minic do chualas trácht fad' ó ó na
sean-daoinibh i n-aice le Bealach-a'-Doirín
ar amadán d' ar bh' ainm dhó Seaghán Mhac
Congamhna, do mhair ins an áit sin timcheall
's ar “bhliadhain na bhFranncach,” mar
deireadh siad. Má ba amadán féin do bhí
ann, bhí sé go sean-ghéarchainteach, 's ba
ghnáthach leis labhairt i gcomhnuidhe i rannai-
gheacht do bhíodh 'na ughdar gháire. Ba iomdha
rann díobh so do chualas im' óigeacht, agus badh
mhaith liom an mhéid aca atá im' chuimhne do
thabhairt do lucht léighte an Irisleabhair.



Tháinic sé isteach lá ag iarraidh déirce, agus
d'fhiafruigh fear an tighe dhe cian an
nuaidheacht do bhí aige.



“Tá na Franncaigh i mBeanntraighe
Bae,
'S ní 'l fata im' mhála de bhárr an
lae,”



arsa Seaghán.



Dob' fhearr leis aon rud do theastuigh
uaidh do ghoid 'ná a bheith tugtha dhó, agus dá
bharr sin b' éigean do na daoinibh bheith ar
a gcoimhéad air. Mar so, ghoid sé pluid
leaptha ó thigh an phoiticéara uair. Ghabh an
poiticéir air, tamall 'na dhiaidh sin, agus
dubhairt Seaghán leis:



“A thaisge agus a théagair,
Fág ag Seaghán é le haghaidh éadaigh.”



Ghlac an poiticéir truaighe dhó, agus dubhairt
sé go bhfágfadh, dá ndéanfadh sé rann dó.
Dubhairt Seaghán:



“Ar shiubhal oidhche le solus gealaighe,
Ghoid mé an phluid ó'n bpoiticéir
bealaidhe.”



Ní bhfuair an poiticéir mórán sásaidh as
an rann sin.



Lá eile bhí sé ag dul thar tigh, agus mhothuigh
sé boladh aráin dá bhácáil ann. Bhí ál
circe agus ál lachan ag rinnce os coinne an
dorais. Chuir Seaghán a cheann isteach, agus
d'fuagair do mhnaoi an tighe:



“Tá éinín circe agus éinín bárdail
Ar gcúl a gcinn 'sa gclábar.”



Amach leis an mnaoi ag féachaint god
d'éirigh d'á cuid éanlaithe, acht nuair do
chuaidh sí ar ais, bhí Seaghán imthighthe amach
ar an doras cúil, agus an bhannóg aráin do
bhí le héadan na teineadh fá n-a phluid
leis.



Ba ghnáthach leis lóisdín oidhche d'fhagháil
ag duine uasal d'ar bh'ainm Aonghus Ó
Breannáin. Chodladh Seaghán cois na
teineadh sa' gcisteanach, acht bhí bean tighe
Ghallda ann, agus níor bh' ait léi é 'na bealach.
Tháinic sé isteach tráthnóna amháin d'á raibh
an duine uasal go dona tinn, acht do dhíbir
an bhean tighe amach é. Chuala an fear
tinn í, agus dubhairt sé léi, “Fág an duine
bocht istigh go lá.” Ní luaithe fuair
Seaghán an focal 'ná dubhairt sé leis an
bhfear tinn:



“Mo lacha, mo ghé, 's mo ghandal thú!
Mo choileach sa' chlúid 's mo standard
thú!”



Annsin ag tabhairt aighthe ar an mnaoi
Shasanaigh,



“You may go out, and be hanged to
you!
And I'll be here and no thanks to
you.”


L. 171


Ní raibh cruinniughadh ná banais 'san áit
nach mbíodh Seaghán ann, agus lá d'á raibh sé
ar aonach Bealaigh an Doirín, bhí go leór
de shaighdiúraibh dearga ann, agus iad ag
déanamh grinn agus plé leis, mar go raibh a
phluid mar fhallaing ar a bhrághaid aige, agus
cleath mhór 'na láimh chomh fada le cois
phíce. Thóisigh oifigeach do bhí leó d'á
dhrileáil, agus d'éis tamaill, “Fan anois,”
arsa Seaghán, “go múinidh mise “exercise“
duit-se. Seas suas go díreach!”



Rinne an fear eile sin. Dubhairt
Seaghán arís:



“Barr do phíce ar bharr do spáige -
As sin suas go cnaipe do bhásta -
Coiscéim siar agus tóig do ghárda -
Annsin ar t'aghaidh agus déan do sháthadh.”



“Déan mar so anois,” ag leigean a dhá
láimh síos le n-a thaoibh go dlúth. Rinne
an t-oifigeach sin. Tharraing Seaghán
buille de'n chleith gur bhuail sé ar bhun na
cluaise é, gur chuir sé a chosa os a chionn
síos le fánaidh do bhí sa' tsráid. As go
bráth le Seaghán i measg na ndaoine, agus na
saighdiúirí 'na dhiaidh, agus é ag béicnigh os árd
a chinn — “Coinnigidh ann diabhal dearg uaim!
Coinnigidh an diabhal dearg uaim!” Acht
ní bhéarfadh gadhar ar Sheaghán ag rith, agus
leigeadar na saighdiúirí dhó ó sin amach.



Seaghán Ó Ruaidhrí.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services