Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Eachtra Fhinn Mhic Cumaill. Le Seachrán na Sál gCam. II.
Title
Eachtra Fhinn Mhic Cumaill. Le Seachrán na Sál gCam. II.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Collector
O Cadhla, Seaghán
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
EACHTRA FHINN MHIC CUMAILL Le Seachrán na Sál gCam. — II. (Ar n-a chur i sgríbhinn ag Seaghán O Cadhla). 13. Do chuadar chum codalta, agus d'éirigh Seachrán ar maidin go moch, agus do sháith sé biorán suain is na fearaibh, agus d'imthigh amach, agus d'fhág 'na gcodladh 'na dhiaidh iad. Do rinne sé ar Chúirt Deirg Óig, agus do bhuail sgiath agus d'iarr comhrac, agus thug Fiadha nach deaghaidh riamh i ndiaidh a thóna. Tháinig Dearg Óg amach, agus d'fhiafruigh de cad do bhí uaidh. Dubhairt Seachrán leis go raibh comhrac. D'fhiafruigh Dearg Óg, an iomdha fear do chuirfeadh sé chuige? D'fhreagair Seachrán leis, trí chéad ar a láimh dheis agus dhá chéad ar a láimh chlé. Thángadar chuige amach, agus do rinne Seachrán orra, agus do ghabh tríotha, mar gheobhadh seabhac trí scata min-éan lá Márta. Do rinne sé cárnán d'á gceannaibh, cárnán d'á gcosaigh, agus lán- chárnán d'á gcuid airm agus éadaigh; agus do sgaoil loch d'á gcuid fola le fánaidh. D'fhill sé a bhaile, agus do tharraing sé an biorán suain as na fearaibh; agus d'fhiafruigh d' Fhionn, nár mhithid dóibh bheith ag dul ag tabhairt an chatha. Do bhain Fionn searradh as féin, agus dubhairt sé gur mithid agus gur ró-
mhithid. Do ghlaoidh sé ar na fearaibh agus dubhairt leó, ullmhughadh amach go dtéidís ag tabhairt an chatha. Dubhairt Seachrán leis go raibh cath an lae indiu tabhartha, agus go raibh súil aige go ndéanfadaois rud maith i mbárach. “Ní'l amhras,” arsa Fionn, “nach (go) ndéanfam.” 14. D'ullmhuigheadar a gcéud-phroinn agus do rinneadar í d'ithe. Nuair do bhíodar go léir 'na diaidh, dubhairt Seachrán le Fionn, gluaiseacht “go bhfeicfimís caidé mar shaghas áite é seo.” Do bhuaileadar amach, agus d'fhágadar an chuid eile de na fearaibh 'na ndiaidh. Ní rabhadar i bh-fad imthighthe nuair tháinig fear mór isteach agus mála fada leathair aige. Do sheas sé thíos ag an ndorus agus d'fhiafruigh, an raibh aon fhear maith annsoin do raghadh do léim 'sa' mhála. D'fhreagair Diarmuid Donn agus dubhairt go raibh, go raghadh sé féin de léim 'sa 'mhála. Do rinne síos agus do chuaidh sé de léim 'sa' mhála. Níor thúisge sin, ná d'fháisg fear an mhála an gad ar a bhéal, agus do bhuail chuige ar a ghualainn é, agus níor stad cos go rug sé go dtí an chailleach é 'gar bhain Seachrán a lámh di. “A mhic,” ar sise, “ní fhuil an fear ceart agat dam. Beir leat amach é agus cuir sa' túr é, 'san áit, an braon thuitfeas i mullach a chinn air, go ngeobhaidh sé síos amach trí lughaidín a choise.” Tháinig sé arís leis an mála. Do rinne sé an cleas céadna leis an dara fear, agus leis an tríomhadh fear; agus chum an sgéil gairid do dhéanamh, ní raibh aon fhear de'n Fhéinn roimh Fionn agus Seachrán, nach raibh beirthe ag fear an mhála leis, acht Conán; agus ní fheudfadh a dhícheall Conán do chur sa' mhála. 'Nuair tháinig Fionn agus Seachrán, d'fhiafruigh Fionn de Chonán, cá raibh an chuid eile de na fearaibh. Dubhairt Conán leis go mbeadh a fhios aige ar an nóimid; go raibh fear mór agus mála fada leathair aige, agus é ag fiafraighe dhíobh, nuair do thigeadh sé, an raibh aon fhear maith do raghadh de léim 'sa' mhála. Do chuadar go léir de léim sa' mhála, agus rug sé leis iad, agus ní fhuil a thuilleadh d'á dtuairisg agam-sa. “A Chonáin,” arsa Seachrán, “an fada nach raibh sé agat?” “Am bhriathar nach fada, agus gur gairid go bhfeicfir féin arís é.” Do b'fhíor do Chonán: ní raibh an focal as a bhéal, nuair tháinig fear an mhála agus d'fhiafruigh, An raibh aon fhear maith annsoin do raghadh de léim 'sa' mhála. “Tá,” arsa Seachrán; “raghad-sa de léim ann.” “So súd orm,” arsa Fionn, “má raghair, agus nach leigfead-sa dhuit é;” ag preabadh na shuidhe, agus ag breith ar Sheachrán. “Bog díom,” arsa Seachrán; “ní leigfidh mé do na fearaibh imtheacht mar sin. Caithfidh mé a fhios do bheith agam cá bhfuil siad,” d'á shracadh féin ó Fhionn, ag déanamh síos, agus ag dul de léim sa' mhála. Do chaith fear an mhála i n-áirde ar a ghualainn é, agus nuair chuaidh sé go dtí an chailleach, do chuir míle fáilte roimhe. “A mhic,” ar sise, “sin é an fear céadna atá uaim; tá an coire fá bhearbhadh ag feitheamh leis. Fáisg agus lom- fháisg an gad ar bhéal an mhála, agus buail sa choire síos dam é, chum go dtiubhramaoid cúpla friuchadh beirbhthe dhó;” ag tógbháil an fholaigh de'n choire. Ar a linn sin, do bhain Seachrán searradh as fein istigh sa' mhála, agus do sháith a cheann amach trí n-a bharr, agus a dhá chois síos trí n-a thóin, agus do rinne sé suas ar an gcailligh do bhí 'na suidhe le hais an choire, agus rug sé uirri, agus do bhuail síos ar mhullach a cinn í féin sa' choire, agus do bhuail sé an folach uirri. Do rinne sé síos ar fhear an mhála agus rug ar a dhá chluais air; agus d'fhiafruigh de, cá raibh an chuid eile de na fearaibh thug sé leis. “Fóill,” arsa fear an mhála, “agus taisbeánfaidh mé dhuit iad.” D'imthigh sé leis, agus rug sé isteach é 'san áit i raibh an chuid eile de na fearaibh. Ní raibh ionnta acht an sgriothartach rompa, ó'n mbraon do thigeadh ar mhullach a gcinn do bheith ag gabháil síos amach trí lughaidínibh a gcos. “Bí mear,” arsa Seachrán le fear an mhála, “agus
fuasgail as soin iad.” Níor thúisge sin ná bhí sé déanta. Dubhairt sé leis iad do leigheas. D'imthig sé agus thug sé leis buidéilín, agus do chuimil díobh é, agus do bhíodar chomh slán, chomh folláin, agus do bhíodar aon lá riamh d'á saoghal. Do thóg Seachrán leis iad, agus thug leis a bhaile go dtí Fionn iad. 'Nuair thángadar isteach, is amhlaidh do bhí Fionn istigh rómpa, agus a dhá shúil chomh dearg le dhá pholl dóighte i gceirt, ó bheith ag gul ó d'fhág Seachrán é. Do phreab ina shuidhe agus do chuir céad míle fáilte roimh Sheachrán, gur dhóigh leat go múchfadh le pógaibh é, go mbáithfeadh le deóraibh é, agus go dtiormóchadh sé le brataibh síoda agus sróil é. Do shuidheadar i gcuideachtain a chéile, agus do chaitheadar an chuid eile de'n tráthnóna go meidhréiseach ag innsint sgéal d'á chéile, chum go dtáinig am codalta orra, agus do chuadar go léir chum suain. 15. D'éirigh Seachrán ar maidin, agus do sháith sé biorán suain ionnta, agus seo amach é agus do rinne ar Chúirt Dheirg Óig. Do bhuail sgiath, agus d'iarr comhrac, agus thug Fiadha nach deaghaidh riamh i ndiaidh a thóna. Tháinig chuige amach Dearg Óg, agus d'fhiaf- ruigh de an iomdha fear do bhí uaidh indiu. Dubhairt sé leis, cúig céad ar a láimh dheis, agus trí chéad ar a láimh chlé, agus má bhí a thuilleadh aige, iad do chur le na gcois chuige. Thángadar chuige amach, agus do rinne sé thríotha, mar do gheóbhadh seabhac trí scata min-éan lá Márta. Do rinne sé cár- nán d'á gceannaibh, carnán d'á gcosaibh, agus lán-chárnán d'á gcuid airm agus éadaigh, agus do sgaoil loch d'á gcuid fola le fánaidh. Do ghluais sé a bhaile, agus do tharraing an biorán suain as na fearaibh, agus do ghlaoidh ar Fhionn, agus d'fhiafruigh de, nár mhithid éirghe agus bheith ag dul ag tabhairt an chatha. Dubh- airt Fionn gur mhithid agus gur ró-mhithid. Do ghlaoidh sé ar na fearaibh, agus dubhairt leo, ullmhughadh amach go dtéidís ag tabhairt an chatha. Dubhairt Seachrán leis go raibh cath an lae indiu tabhartha. Nuair do bhí an chéad-phroinn ithte, do chaitheadar an chuid eile de'n lá ag déanamh súgrachta dhóibh féin. D'ullmhuigheadar suipéar, agus d'éis suipéir do cuadar chum codalta. 16. D'éirigh Seachrán ar maidin agus do rinne ar Chúirt Dheirg Óig, agus do bhuail sgiath agus d'iarr comhrac, agus thug Fiadha nach deaghaidh riamh i ndiaidh a thóna. Tháinig chuige amach Dearg Óg féin déanta suas ina chulaidh airm agus eudaigh, agus an té thiocfadh ó íochtar an domhain go huachtar an domhain ag feuchaint ar chath ná ar chruadh-chomhrac, is orra bhudh chóir dó teacht ag feuchaint. Do rinneadar ar a chéile mar do dhéan- fadh dhá laoch chalma no dhá tharbh chnuic. Do dhéanaidís ball bog de'n bhall chruaidh, agus ball cruaidh de'n bhall bhog: do tharrai- ngídís toibreacha fíor-uisge aníos trí sgrealam cruaidh cloch: do thógadh duine aca fóidín gáig le n-a chois chlé, do bhaineadh laogh druimfhionn dearg as an mbuin do bhíodh sa' Domhan Tiar; a rogha aici é bheith innti no aisti. Do bhíodar ag gabháil d'á chéile chum go raibh drúcht agus deireannaighe agus meirgidhe ceoigh ag teacht; an láir bhán ag dul ar sgáth na cupóige, agus gan Dia leis an g-cupóig, dá bh-fanfadh sí léi; madraidhe gearra ag amhastraigh isan áit i mbídís, agus isan áit nach mbídís ní labhraidís aon fhocal. Tháinig spideóigín bhruinn-dearg de mhuintir Shúilliobháin ó Shliabh Luachra, agus dubhairt le Seachrán, “A Sheachráin, is fada ód' mhnáibh caointe sínte na tinneachta thu; agus dá dtiubharthá speach suas faoi sin, tá trí léinteacha draoidheachta gloine air sin, agus dá ndeunfá iad soin do bhriseadh, ní bheadh ann acht neart aon fhir.” “Ní moill fhada é sin,” arsa Seachrán, ag tabhairt speacha suas agus d'á m-briseadh. Rug isteach air, agus thug sé cor do, do chuir go glúinibh é; an dara cor, go crománaibh; agus an tríomhadh cor, go muinéal. “Tá do cheann agam, a Dheirg Óig,” ars'
eisean. “Ná déan,” arsa Dearg-Óg, “agus bhéaraidh mé leath mo ríoghachta go dtí mo bhás duit, agus mo ríoghacht go léir dhuit óm' bhás amach.” “Beidh sé sin agus do cheann agam,” arsa Seachrán, ag caitheamh a chinn de. Do tharraing gad agus do sháith sé trí n-a phlucaibh é, agus do bhuail ar a ghualainn é, agus thug leis a bhaile é go dtí Fionn. Do tharraing sé an biorán suain as na fearaibh agus d'fhiafruigh d'Fhionn an raibh aon chuimhneamh aige ar dhul ag tabhairt an chatha. Do bhain Fionn searradh as féin, agus dubhairt go raibh gach aon chuimhneamh, agus gur bh'air do chuaidh cath an lae indiu do thabhairt. Dubhairt Seachrán leis go raibh deireadh na gcath tabhartha, go raibh Dearg Óg agus a chomthaidhe go léir marbh, agus gur mhithid dóibh ullmhughadh chum trialla ar an mbaile. 17. Do bhailigheadar a gcuid airm agus eudaidh, agus nuair bhíodar ag gluaiseacht, do ghlaoidh Seachrán chum cogair ar Fhionn, agus dubhairt sé leis: “'Seadh, anois, a Fhinn,” ars' eisean, “tá an cath so buaidhte. Chomh luath agus bhogfamaoid ar an mbóthar chum baile, beidh an bóthar lán 'nár ndiaidh le búireach bó, capall, caorach, agus beathadhach allta. Má fhéachann aon neach de na fearaibh 'na dhiaidh, chum go mbeimíd trí mhíle amach ó'n áit seo, beidh an gruagach ag siubhal i measg na gcorp, agus caithfead- sa casadh agus bualadh do thabhairt do. Mair- bheochaidh sé mé gan mearbhall.” “Ó,” arsa Fionn, “ní chaithfidh aon neach féachaint 'na dhiaidh;“ ag glaodhach ar na fearaibh go léir chum a chéile, agus ag tabhairt fógartha dhóibh, dá bhféachfadh aon neach aca 'na dhiaidh go mbainfeadh sé an ceann ar an láthair de. Do ghealladar go léir do nach bhféachfaidís agus do thiomáineadar leo. Níor thúisge sin nár thosnuigh an siot 's an fuaim 's an fothrom 'na ndiaidh. Do thiomáineadar leo, agus sul a rabhadar na trí mhíle amach, d'fhéach Conán 'na dhiaidh agus dubhairt: - “Greadadh chugat, a Sheachráin ghránda an éithigh! nach dubhrais nár fhágais aon neach 'na bheathaidh ar pháirc an bhuailte nár mharbhais. Féach anonn anois ar an bhfear úd thall ag siubhal i measg na gcorp.” “Á! a Chonáin,” arsa Seachrán, “do rinnis mar sin é,” ag glaodhach i leath- taoibh ar Fhionn, agus dubhairt leis — “Caith- fead-sa casadh anois, agus ní túisge bhead thall 'ná beidh mé marbh ag an ngruagach. Chomh luath agus do-chífear tú mise marbh, éirigh-se anonn go páirc an bhuailte, agus pioc suas mo chnámha, agus cuir i mbáidín iad i ndiaidh na luinge aniar, agus cuir Conán isteach 'na dteannta. Nuair shroisfear sibh an port, beidh mo bhean-sa rómhaibh ann, agus ní fhuil aon neach thiocfas amach, nach fiafróchaidh sí dhe cá bh-fuil Seachrán. Abradh gach aon neach léi go bhfuil sé ag teacht; mar dá mbíodh a fhios aici go rabhas-sa marbh, do bháithfeadh sí an long agus a raibh innti.” Do b'fhíor dó. 'Nuair thángadar go cuan, bhí bean Sheachráin rómpa, agus ní fhuil aon fhear do thigeadh amach as an luing, 'ná go bhfiafruigheadh sí aige — “Cá'l Seachrán?” D'fhreagradh gach aon neach, agus deiridís go raibh ag teacht, chum go dtáinig Conán agus a ghabháil fá'n oscall aige. D'fhiafruigh sí dhe, “A Chonáin, cá bhfuil Seachrán.” “Sin é agat é,” arsa Conán, ag caitheamh na gcnámh ar an bport chuici. Do nocht sí chuici na cnámha, agus do luigh ar é chaoineadh, agus is di do b'eol. Tháinig Fionn 'na teannta, agus do chaoineadar araon é, má caoineadh aon laoch riamh; agus nuair do bhí a ndóthain guilte aca, dubhairt sí le Fionn go raibh a leigheas le fagháil fós, má bhí sé 'na ghaisgidheach mhaith a dhóthain chum é thabhairt leis. To be concluded
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services