Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Eachtra Fhinn Mhic Cumaill. Le Seachrán na Sál gCam. II.

Title
Eachtra Fhinn Mhic Cumaill. Le Seachrán na Sál gCam. II.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Collector
O Cadhla, Seaghán
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

EACHTRA FHINN MHIC CUMAILL



Le Seachrán na Sál gCam. — II.



(Ar n-a chur i sgríbhinn ag Seaghán O Cadhla).



13. Do chuadar chum codalta, agus d'éirigh
Seachrán ar maidin go moch, agus do sháith sé
biorán suain is na fearaibh, agus d'imthigh
amach, agus d'fhág 'na gcodladh 'na dhiaidh iad.
Do rinne sé ar Chúirt Deirg Óig, agus do
bhuail sgiath agus d'iarr comhrac, agus thug Fiadha
nach deaghaidh riamh i ndiaidh a thóna. Tháinig
Dearg Óg amach, agus d'fhiafruigh de cad do
bhí uaidh. Dubhairt Seachrán leis go raibh
comhrac. D'fhiafruigh Dearg Óg, an iomdha
fear do chuirfeadh sé chuige? D'fhreagair
Seachrán leis, trí chéad ar a láimh dheis agus
dhá chéad ar a láimh chlé. Thángadar chuige
amach, agus do rinne Seachrán orra, agus do
ghabh tríotha, mar gheobhadh seabhac trí scata
min-éan lá Márta. Do rinne sé cárnán
d'á gceannaibh, cárnán d'á gcosaigh, agus lán-
chárnán d'á gcuid airm agus éadaigh; agus do
sgaoil loch d'á gcuid fola le fánaidh.
D'fhill sé a bhaile, agus do tharraing sé an
biorán suain as na fearaibh; agus d'fhiafruigh
d' Fhionn, nár mhithid dóibh bheith ag dul ag
tabhairt an chatha. Do bhain Fionn searradh
as féin, agus dubhairt sé gur mithid agus gur ró-


L. 167


mhithid. Do ghlaoidh sé ar na fearaibh agus
dubhairt leó, ullmhughadh amach go dtéidís
ag tabhairt an chatha. Dubhairt Seachrán
leis go raibh cath an lae indiu tabhartha,
agus go raibh súil aige go ndéanfadaois
rud maith i mbárach. “Ní'l amhras,” arsa
Fionn, “nach (go) ndéanfam.”



14. D'ullmhuigheadar a gcéud-phroinn agus
do rinneadar í d'ithe. Nuair do bhíodar
go léir 'na diaidh, dubhairt Seachrán le
Fionn, gluaiseacht “go bhfeicfimís caidé
mar shaghas áite é seo.” Do bhuaileadar
amach, agus d'fhágadar an chuid eile de na
fearaibh 'na ndiaidh. Ní rabhadar i bh-fad
imthighthe nuair tháinig fear mór isteach agus
mála fada leathair aige. Do sheas sé
thíos ag an ndorus agus d'fhiafruigh, an raibh
aon fhear maith annsoin do raghadh do léim
'sa' mhála. D'fhreagair Diarmuid Donn agus
dubhairt go raibh, go raghadh sé féin de
léim 'sa 'mhála. Do rinne síos agus do
chuaidh sé de léim 'sa' mhála. Níor thúisge
sin, ná d'fháisg fear an mhála an gad ar a
bhéal, agus do bhuail chuige ar a ghualainn é, agus
níor stad cos go rug sé go dtí an chailleach
é 'gar bhain Seachrán a lámh di. “A mhic,”
ar sise, “ní fhuil an fear ceart agat
dam. Beir leat amach é agus cuir sa' túr é,
'san áit, an braon thuitfeas i mullach a
chinn air, go ngeobhaidh sé síos amach trí
lughaidín a choise.” Tháinig sé arís leis an
mála. Do rinne sé an cleas céadna leis
an dara fear, agus leis an tríomhadh fear;
agus chum an sgéil gairid do dhéanamh, ní raibh
aon fhear de'n Fhéinn roimh Fionn agus
Seachrán, nach raibh beirthe ag fear an
mhála leis, acht Conán; agus ní fheudfadh a
dhícheall Conán do chur sa' mhála. 'Nuair
tháinig Fionn agus Seachrán, d'fhiafruigh Fionn
de Chonán, cá raibh an chuid eile de na
fearaibh. Dubhairt Conán leis go mbeadh
a fhios aige ar an nóimid; go raibh fear
mór agus mála fada leathair aige, agus é
ag fiafraighe dhíobh, nuair do thigeadh sé,
an raibh aon fhear maith do raghadh de léim
'sa' mhála. Do chuadar go léir de léim sa'
mhála, agus rug sé leis iad, agus ní fhuil a thuilleadh
d'á dtuairisg agam-sa. “A Chonáin,” arsa
Seachrán, “an fada nach raibh sé agat?”
“Am bhriathar nach fada, agus gur gairid go
bhfeicfir féin arís é.” Do b'fhíor do Chonán:
ní raibh an focal as a bhéal, nuair tháinig
fear an mhála agus d'fhiafruigh, An raibh aon fhear
maith annsoin do raghadh de léim 'sa' mhála.
“Tá,” arsa Seachrán; “raghad-sa de léim
ann.” “So súd orm,” arsa Fionn, “má
raghair, agus nach leigfead-sa dhuit é;” ag
preabadh na shuidhe, agus ag breith ar Sheachrán.
“Bog díom,” arsa Seachrán; “ní leigfidh
mé do na fearaibh imtheacht mar sin. Caithfidh
mé a fhios do bheith agam cá bhfuil siad,” d'á
shracadh féin ó Fhionn, ag déanamh síos, agus ag
dul de léim sa' mhála. Do chaith fear an
mhála i n-áirde ar a ghualainn é, agus nuair
chuaidh sé go dtí an chailleach, do chuir míle
fáilte roimhe. “A mhic,” ar sise, “sin é an
fear céadna atá uaim; tá an coire fá
bhearbhadh ag feitheamh leis. Fáisg agus lom-
fháisg an gad ar bhéal an mhála, agus buail sa
choire síos dam é, chum go dtiubhramaoid
cúpla friuchadh beirbhthe dhó;” ag tógbháil an
fholaigh de'n choire. Ar a linn sin, do bhain
Seachrán searradh as fein istigh sa' mhála, agus
do sháith a cheann amach trí n-a bharr, agus a
dhá chois síos trí n-a thóin, agus do rinne sé suas
ar an gcailligh do bhí 'na suidhe le hais an
choire, agus rug sé uirri, agus do bhuail síos ar
mhullach a cinn í féin sa' choire, agus do bhuail sé
an folach uirri. Do rinne sé síos ar fhear an
mhála agus rug ar a dhá chluais air; agus d'fhiafruigh
de, cá raibh an chuid eile de na fearaibh thug
sé leis. “Fóill,” arsa fear an mhála, “agus
taisbeánfaidh mé dhuit iad.” D'imthigh sé
leis, agus rug sé isteach é 'san áit i raibh an
chuid eile de na fearaibh. Ní raibh ionnta
acht an sgriothartach rompa, ó'n mbraon do
thigeadh ar mhullach a gcinn do bheith ag gabháil
síos amach trí lughaidínibh a gcos. “Bí
mear,” arsa Seachrán le fear an mhála, “agus


L. 168


fuasgail as soin iad.” Níor thúisge sin ná bhí
sé déanta. Dubhairt sé leis iad do leigheas.
D'imthig sé agus thug sé leis buidéilín, agus do
chuimil díobh é, agus do bhíodar chomh slán, chomh
folláin, agus do bhíodar aon lá riamh d'á saoghal.
Do thóg Seachrán leis iad, agus thug leis a bhaile
go dtí Fionn iad. 'Nuair thángadar isteach,
is amhlaidh do bhí Fionn istigh rómpa, agus a dhá
shúil chomh dearg le dhá pholl dóighte i gceirt,
ó bheith ag gul ó d'fhág Seachrán é. Do phreab
ina shuidhe agus do chuir céad míle fáilte roimh
Sheachrán, gur dhóigh leat go múchfadh le
pógaibh é, go mbáithfeadh le deóraibh é, agus go
dtiormóchadh sé le brataibh síoda agus sróil
é. Do shuidheadar i gcuideachtain a chéile, agus
do chaitheadar an chuid eile de'n tráthnóna
go meidhréiseach ag innsint sgéal d'á chéile,
chum go dtáinig am codalta orra, agus do
chuadar go léir chum suain.



15. D'éirigh Seachrán ar maidin, agus do
sháith sé biorán suain ionnta, agus seo amach
é agus do rinne ar Chúirt Dheirg Óig. Do
bhuail sgiath, agus d'iarr comhrac, agus thug Fiadha
nach deaghaidh riamh i ndiaidh a thóna.
Tháinig chuige amach Dearg Óg, agus d'fhiaf-
ruigh de an iomdha fear do bhí uaidh indiu.
Dubhairt sé leis, cúig céad ar a láimh
dheis, agus trí chéad ar a láimh chlé, agus má bhí a
thuilleadh aige, iad do chur le na gcois
chuige. Thángadar chuige amach, agus do rinne
sé thríotha, mar do gheóbhadh seabhac trí
scata min-éan lá Márta. Do rinne sé cár-
nán d'á gceannaibh, carnán d'á gcosaibh, agus
lán-chárnán d'á gcuid airm agus éadaigh,
agus do sgaoil loch d'á gcuid fola le fánaidh.
Do ghluais sé a bhaile, agus do tharraing an
biorán suain as na fearaibh, agus do ghlaoidh
ar Fhionn, agus d'fhiafruigh de, nár mhithid éirghe
agus bheith ag dul ag tabhairt an chatha. Dubh-
airt Fionn gur mhithid agus gur ró-mhithid.
Do ghlaoidh sé ar na fearaibh, agus dubhairt
leo, ullmhughadh amach go dtéidís ag tabhairt
an chatha. Dubhairt Seachrán leis go raibh
cath an lae indiu tabhartha. Nuair do bhí
an chéad-phroinn ithte, do chaitheadar an
chuid eile de'n lá ag déanamh súgrachta
dhóibh féin. D'ullmhuigheadar suipéar, agus
d'éis suipéir do cuadar chum codalta.



16. D'éirigh Seachrán ar maidin agus do
rinne ar Chúirt Dheirg Óig, agus do bhuail
sgiath agus d'iarr comhrac, agus thug Fiadha nach
deaghaidh riamh i ndiaidh a thóna. Tháinig
chuige amach Dearg Óg féin déanta suas
ina chulaidh airm agus eudaigh, agus an té thiocfadh
ó íochtar an domhain go huachtar an domhain
ag feuchaint ar chath ná ar chruadh-chomhrac,
is orra bhudh chóir dó teacht ag feuchaint.
Do rinneadar ar a chéile mar do dhéan-
fadh dhá laoch chalma no dhá tharbh chnuic.
Do dhéanaidís ball bog de'n bhall chruaidh,
agus ball cruaidh de'n bhall bhog: do tharrai-
ngídís toibreacha fíor-uisge aníos trí
sgrealam cruaidh cloch: do thógadh duine
aca fóidín gáig le n-a chois chlé, do
bhaineadh laogh druimfhionn dearg as an
mbuin do bhíodh sa' Domhan Tiar; a rogha
aici é bheith innti no aisti. Do bhíodar ag
gabháil d'á chéile chum go raibh drúcht agus
deireannaighe agus meirgidhe ceoigh ag teacht;
an láir bhán ag dul ar sgáth na cupóige, agus
gan Dia leis an g-cupóig, dá bh-fanfadh sí
léi; madraidhe gearra ag amhastraigh isan
áit i mbídís, agus isan áit nach mbídís ní
labhraidís aon fhocal. Tháinig spideóigín
bhruinn-dearg de mhuintir Shúilliobháin ó
Shliabh Luachra, agus dubhairt le Seachrán,
“A Sheachráin, is fada ód' mhnáibh caointe
sínte na tinneachta thu; agus dá dtiubharthá
speach suas faoi sin, tá trí léinteacha
draoidheachta gloine air sin, agus dá ndeunfá
iad soin do bhriseadh, ní bheadh ann acht neart
aon fhir.” “Ní moill fhada é sin,” arsa
Seachrán, ag tabhairt speacha suas agus d'á
m-briseadh. Rug isteach air, agus thug sé cor
do, do chuir go glúinibh é; an dara cor, go
crománaibh; agus an tríomhadh cor, go muinéal.
“Tá do cheann agam, a Dheirg Óig,” ars'


L. 169


eisean. “Ná déan,” arsa Dearg-Óg, “agus
bhéaraidh mé leath mo ríoghachta go dtí mo
bhás duit, agus mo ríoghacht go léir dhuit óm'
bhás amach.” “Beidh sé sin agus do cheann
agam,” arsa Seachrán, ag caitheamh a chinn de.
Do tharraing gad agus do sháith sé trí n-a
phlucaibh é, agus do bhuail ar a ghualainn
é, agus thug leis a bhaile é go dtí Fionn. Do
tharraing sé an biorán suain as na fearaibh
agus d'fhiafruigh d'Fhionn an raibh aon chuimhneamh
aige ar dhul ag tabhairt an chatha. Do bhain
Fionn searradh as féin, agus dubhairt go raibh
gach aon chuimhneamh, agus gur bh'air do chuaidh
cath an lae indiu do thabhairt. Dubhairt
Seachrán leis go raibh deireadh na gcath
tabhartha, go raibh Dearg Óg agus a chomthaidhe
go léir marbh, agus gur mhithid dóibh ullmhughadh
chum trialla ar an mbaile.



17. Do bhailigheadar a gcuid airm agus
eudaidh, agus nuair bhíodar ag gluaiseacht, do
ghlaoidh Seachrán chum cogair ar Fhionn, agus
dubhairt sé leis: “'Seadh, anois, a Fhinn,”
ars' eisean, “tá an cath so buaidhte. Chomh
luath agus bhogfamaoid ar an mbóthar chum
baile, beidh an bóthar lán 'nár ndiaidh le
búireach bó, capall, caorach, agus
beathadhach allta. Má fhéachann aon neach
de na fearaibh 'na dhiaidh, chum go mbeimíd
trí mhíle amach ó'n áit seo, beidh an gruagach
ag siubhal i measg na gcorp, agus caithfead-
sa casadh agus bualadh do thabhairt do. Mair-
bheochaidh sé mé gan mearbhall.” “Ó,”
arsa Fionn, “ní chaithfidh aon neach féachaint
'na dhiaidh;“ ag glaodhach ar na fearaibh go
léir chum a chéile, agus ag tabhairt fógartha
dhóibh, dá bhféachfadh aon neach aca 'na dhiaidh
go mbainfeadh sé an ceann ar an láthair
de. Do ghealladar go léir do nach
bhféachfaidís agus do thiomáineadar leo. Níor
thúisge sin nár thosnuigh an siot 's an fuaim
's an fothrom 'na ndiaidh. Do thiomáineadar
leo, agus sul a rabhadar na trí mhíle amach,
d'fhéach Conán 'na dhiaidh agus dubhairt: -
“Greadadh chugat, a Sheachráin ghránda an
éithigh! nach dubhrais nár fhágais aon neach
'na bheathaidh ar pháirc an bhuailte nár
mharbhais. Féach anonn anois ar an
bhfear úd thall ag siubhal i measg na
gcorp.” “Á! a Chonáin,” arsa Seachrán,
“do rinnis mar sin é,” ag glaodhach i leath-
taoibh ar Fhionn, agus dubhairt leis — “Caith-
fead-sa casadh anois, agus ní túisge bhead
thall 'ná beidh mé marbh ag an ngruagach.
Chomh luath agus do-chífear tú mise marbh,
éirigh-se anonn go páirc an bhuailte, agus
pioc suas mo chnámha, agus cuir i mbáidín iad
i ndiaidh na luinge aniar, agus cuir Conán
isteach 'na dteannta. Nuair shroisfear
sibh an port, beidh mo bhean-sa rómhaibh
ann, agus ní fhuil aon neach thiocfas amach,
nach fiafróchaidh sí dhe cá bh-fuil Seachrán.
Abradh gach aon neach léi go bhfuil sé ag
teacht; mar dá mbíodh a fhios aici go
rabhas-sa marbh, do bháithfeadh sí an long agus
a raibh innti.” Do b'fhíor dó. 'Nuair
thángadar go cuan, bhí bean Sheachráin
rómpa, agus ní fhuil aon fhear do thigeadh
amach as an luing, 'ná go bhfiafruigheadh
sí aige — “Cá'l Seachrán?” D'fhreagradh
gach aon neach, agus deiridís go raibh ag
teacht, chum go dtáinig Conán agus a ghabháil
fá'n oscall aige. D'fhiafruigh sí dhe, “A
Chonáin, cá bhfuil Seachrán.” “Sin é agat
é,” arsa Conán, ag caitheamh na gcnámh ar
an bport chuici. Do nocht sí chuici na
cnámha, agus do luigh ar é chaoineadh, agus is di do
b'eol. Tháinig Fionn 'na teannta, agus do
chaoineadar araon é, má caoineadh aon laoch
riamh; agus nuair do bhí a ndóthain guilte aca,
dubhairt sí le Fionn go raibh a leigheas le
fagháil fós, má bhí sé 'na ghaisgidheach mhaith
a dhóthain chum é thabhairt leis.



To be concluded


L. 170


19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services