Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Elegy on Donnchadh Ó Briain, Fourth Earl of Thomond
Title
An Elegy on Donnchadh Ó Briain, Fourth Earl of Thomond
Author(s)
Mac Bruaideadha, Tadhg mac Dáire,
Compiler/Editor
Ó Cuív, Brian
Composition Date
1624
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 1984)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Eascar Gaoidheal éag aoinfhir; fada ó fuairsead fíorGhaoidhil cneadh léar teascadh a dtreise, meadh d'eascar na huaire-se. Do heascradh d'éag an aoinfhir onóir fola fionnGhaoidhil; eascar Gaoidheal ós sé soin Gaoidheal mar é níor fhágaibh. A-né ria n-éag don Iarla i gCrích Éireann airmniamhdha, gé tá a dteann ar neimhthní a-niodh, do-bheirthí geall na nGaoidheal. Lughaide dánacht Danar ar a n-áitibh d'átaghadh - mairg Gaoidhil ór gadadh sin - bagar an aoinfhir uaistibh. Do bhiadh dá mbeith 'na oineach eagla ar a fhior bhiodhbhaidheach 's do bhiadh cródhacht 'na charaid gan d'ónnacht ria a eascaraid.
Do bhiadh bhós tré a bhais leabhair ag Gallaibh, ag Gaoidhealaibh, féachain dá fhréimh thiar is toir an gcéin do bhiadh 'na bheathaidh. An gcéin do-chíthí a chruth soin ní bhiadh eagla i n-am ghábhaidh - gnúis chaomh fá dearc-cuirre dreach - ná taom meartnaighe i Muimhneach. I Maiseadóin a mheadh soin i n-am áigh Alex-andair, leó fá deimbríogh an domhan, gleó a ndeighríogh dá ndearscnughadh. Níor chinn námha riamh roimhe ar Iarla fhóid Bhóraimhe 's níor fhéad a námha dul de; dána don éag cur chuige. Is tríd do-rinneadh de dóigh é ar gclódh Earcail is Iasóin; is lór liom a leantair díbh, clódh Piorr, Eachtair is Aichíl.
Fann Gaoidhil d'éag an éinfhir, Iarla fola finnÉimhir, do chéimiomchair chailg 'na neart; mairg d'Éireannchaibh a imtheacht. Mairg rí bhós dár beanadh sin, mairg fós an fonn ór imthigh, mairg oireacht ór éag an fear nár fhéad doibheart do dhéineamh. Námhaid do thuinn ná do thír ní budh eagail dá airdrígh do theacht sa mbeirn ina mbiadh, beacht ina sheilbh a shainfhiadh. Mór n-urchóid nach follas fós tig dá éag, is é a iomthós; mór gcneasghoin nach reich do ríomh tré a bheith d'easbhaidh a airdríogh. Miste coimhéad a charad; móide meanma a eascarad; a bhuain don rígh ris ar rann miste uaim sídh a saorchlann.
Lughaide líon a foirne, liaide a ceasta comhairle, críoch shéimhsheang is chaoin caladh i dtaoibh Éireann d'anaghal. Méad a rodhúthracht dá rígh cia agá bhfuighe i n-am eisídh? A imtheacht is eadh nochtfas a mheadh d'inntleacht, d'arrachtas. Ceathracha is ceithre bliadhna deighsheirbhís ar ndeighIarla, atá ag cungnamh don Choróin gan urlamh ria n-easonóir. I lóirsheirbhís dár lean sé cia ar a gcluintear i gcoimhré ré a ghnúis a ndonnshnuadh dathghlan a chombuan, a chomhrathmhar, Níor briseadh ar bheirn 'na mbiadh, níor loc ó ursainn éinghliadh, a chneas gheall tochairthe i dtroid, meadh chothaighthe do charraig.
A lorga do leath aighthe lámhach luchta a ionnsaighthe, clódh ó gach éigean nár áil lór an t-éideadh dá admháil. Leis do cuireadh, níor chuairt tim, lorg a scor is gach aird d'Éirinn, ní a-mugha acht ar mhairg dóibh, dár thairg cura ar an gCoróin. Dún Baoi, Dún Libhse, 'ga léim, Sliabh Iorrais, Cuan an Chaisléin, 's ag Neimhthinn sa bheirn bhaoghlaigh neimhthim a fheidhm d'iolfhaobhraibh. Dealbh a champa ag Cionn Sháile le cneas arshluagh Easpáine, 'sa bhall 'nar thógaibh a theagh níor fhóbair Gall ná Gaoidheal. Daineamh dar neartchloinn Néill-ne ag Drobhaois, ag deighÉirne, Eachtar na Traoi ar thábhacht nach dóibh do bhaoi a bharánnacht.
Ceangal sídh Gaoidheal is Gall ag bruach Coirrshléibhe, ag Corann, leagair ar-aon ar a iocht; níorbh eagail d'aon gurbh ainiocht. A luadh muna léagar dhíom, na háite i ndearnaidh deighgníomh, áireamh anmann na n-ionadh budh admhall an t-ainmniughadh. Mar nach locadh léim 'na gceann, daingne inmheadhón Éireann, fá lár níor léig a chiomhsa, lámh nár thréig a thréinphrionsa. Lámh nár thais i gcás chogaidh, lámh mhínstiúrtha a mhórphobail, lámh gan doghrainn fá dháil chroidh, lámh gan chonghlainn 'na comhair. Giodh don fhiachaibh teacht tarsa brostaid orchra oram-sa, mór dá ndingne damhna guil, a gharma inmhe, a fhíonfhuil.
President móirchríoch Mumhan, Iarla tromdha Tuadhmhumhan dá ghairm gan ra-rún re a rádh dar ainm Barún Ó mBreacán. Post ceart do Chomhairle an Ríogh, scriostóir meirleach is míghníomh, slios nár ghníomh-ra-lag ar gha, scrios príomhnamhad a phrionnsa. Tarla i gcomhuaim a chnis ghil tonn d'fhuil sinnsear mac Mílidh, - drúchtfhuil go ndeaghailt déaraigh - Gearailt, Búrcaigh, Buitléaraigh. Ardfhola Gaoidheal is Gall mar táid ar dteacht 'na thiomchall tug ós aird tréna oidhidh mairg ar fhud gach aonoirir. Bíodh gur truagh inn dá easbhaidh tinne uaidhe ar n-uireasbhaidh, ............................... ...............................
Truagh leam do mhairg, a Mhumha, cian bhus buan do bhrónchumha, tárrthais cás neamhratha a-nois, bás do dheaghfhlatha dúthchais. A Mhumha na magh n-uaine, mise ón chás-so an chéadtruaighe 's gach cuaine dar chara so; an dara truaighe tusa. Bíodh nach meadhar d'aon eile truaighe mar ar dtruaighe-ne, sinn le chéile do mheas mé, Éire linn an treas truaighe. Tú féin is mise, a Mhumha, beag an bhríogh ar n-osnadha; níor chás i n-éineing osna cás d'Éirinn an t-adhbhar-so. Giodh mó ag gach duine a dhíoth féin, a Mhumha, ar n-eascar aigmhéil mar léan d'fhagháil giodh lór liom mór mar scéal anáir Éireann.
Go bhfagha mise, a Mhumha, triath mar mhac meic Dhonnchadha dearbh linn nach fuighbhe-se flaith rem linn chuimhne-se a chommaith. Ní bhia an fios ag flaith oile dá éis mar ar n-iarla-ne; fios grian iomall fá aoinfhear d'fhios t'fhionnGhall is t'fhíorGhaoidheal. A thuicse ar theangthaibh bhur slóigh, a aithne ar airde, ar onóir gach aicme seach ar-oile do mhaicne do mhacaidhe. A riaghladh fáithghlic feithmheach, a smacht fírcheart fóirthneach, féachthar cáit i bhfoighthe ag flaith iona áit choidhche a chommaith. Gan ghuais do thír ná do thuinn, gan bhaoghal ria mbreith leatroim, gan troimreacht nábadh loinn libh, gan fhoirneart nGoill ná Gaoidhil.
Gan lorg bhfoghladh i bhfeadhaibh ná faolchon i bhfoithreadhaibh, gan sheilg n-innilte tré a ucht red leirg imill-te d'fhurtacht. Gan drud ndorais acht ar ghaoith i bhfaidghleantaibh t'fhóid fhéarmhaoith, gan fhaire mbuair do bhunadh acht chuain d'fhaire ar fhoghlughadh. Ní fuair sibh is é ar n-aonghuth re cuimhne bhur gcianshaoghlach síth go síorshuaimhnigh mar sin i gcrích fhíonuaibhrigh Éimhir. Ag sin, a Mhumha is mhín fonn, síona dá gcur sa gcomhthrom, an mheadh chaointe fád chomhair, an seal faoilte fuarabhair. Giodh mairg dhúinn-ne a dhula atá tríd, a thréanMhumha, roinn do mhairgnigh is mairg leann in gach aird d'airdibh Éireann.
Atá i gcomhghar chuan Alban roinn dár mairg 'na mórardghol, mairg daghfhlatha Ó nDuach ar ndul 's um bhruach glanLacha Garman. Ó Bhearbha thoir go Teach nDuinn, ó Chlíodhna go Crích nUmhaill, críoch gan mhairg ann ní fhuighe os aird tré bharr Bóraimhe. Truaighe éighmhe, bualadh bas, ní brón fá léan do labhras; na déara ag snighe fár snaidhm 's gan fhréamha cridhe ag commaidhm. A Dhé, dá dtagradh tusa budh furthacht é dom urchra-sa m'éag ina ghoire go grod an t-éag roimhe ó nach ránag. Bheith ag cor cháich dá gcumhaidh dob é ar nós a-nallamhain; tar chéill do-chuaidh an rosc ruinn, mo chosc féin uaim ní fhaghaim.
M'fhaicsin go mór miste sibh, miste mé fós bhur bhfaicsin; a aos cumtha, seachnaidh sinn, do leathnaigh urchra im intinn. Mairidh mór ndeighgníomh 'na dhiaidh gé atá Donnchadh ua deighBhriain mar dhuine ar n-éag ina fheart is nach éag uile a imtheacht. Tug Dia óigshliocht i n-oirbheart bhus dídean dá dheaghoighreacht; a bhás nach imdheacht uile d'fhás d'fhinnshliocht ar n-Iarla-ne. Mairid fionnlaoidhe fileadh d'admholtaibh gan aindligheadh ó mbuadh beó chroidhche ar cuimhne gan reó ndoirche ar nDonnchaidh-ne. Mairid mór rian do réidhigh tré fhoithribh, tré aimhréidhibh, mór gceall ar na gcur fá dhíon ar scur mheang agus mhíghníomh.
Mairidh trá, ní tarbha bheag, nuimhir dhoidhéanta droichead; neach dá ngluis nach fuighe feast, guais ó thuile dá dtoirmeasc.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services