Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Elegy on Donnchadh Ó Briain, Fourth Earl of Thomond

Title
An Elegy on Donnchadh Ó Briain, Fourth Earl of Thomond
Author(s)
Mac Bruaideadha, Tadhg mac Dáire,
Compiler/Editor
Ó Cuív, Brian
Composition Date
1624
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 1984)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Eascar Gaoidheal éag aoinfhir;
fada ó fuairsead fíorGhaoidhil
cneadh léar teascadh a dtreise,
meadh d'eascar na huaire-se.



Do heascradh d'éag an aoinfhir
onóir fola fionnGhaoidhil;
eascar Gaoidheal ós sé soin
Gaoidheal mar é níor fhágaibh.



A-né ria n-éag don Iarla
i gCrích Éireann airmniamhdha,
gé tá a dteann ar neimhthní a-niodh,
do-bheirthí geall na nGaoidheal.



Lughaide dánacht Danar
ar a n-áitibh d'átaghadh
- mairg Gaoidhil ór gadadh sin -
bagar an aoinfhir uaistibh.



Do bhiadh dá mbeith 'na oineach
eagla ar a fhior bhiodhbhaidheach
's do bhiadh cródhacht 'na charaid
gan d'ónnacht ria a eascaraid.


L. 92


Do bhiadh bhós tré a bhais leabhair
ag Gallaibh, ag Gaoidhealaibh,
féachain dá fhréimh thiar is toir
an gcéin do bhiadh 'na bheathaidh.



An gcéin do-chíthí a chruth soin
ní bhiadh eagla i n-am ghábhaidh
- gnúis chaomh fá dearc-cuirre dreach -
ná taom meartnaighe i Muimhneach.



I Maiseadóin a mheadh soin
i n-am áigh Alex-andair,
leó fá deimbríogh an domhan,
gleó a ndeighríogh dá ndearscnughadh.



Níor chinn námha riamh roimhe
ar Iarla fhóid Bhóraimhe
's níor fhéad a námha dul de;
dána don éag cur chuige.



Is tríd do-rinneadh de dóigh
é ar gclódh Earcail is Iasóin;
is lór liom a leantair díbh,
clódh Piorr, Eachtair is Aichíl.


L. 93


Fann Gaoidhil d'éag an éinfhir,
Iarla fola finnÉimhir,
do chéimiomchair chailg 'na neart;
mairg d'Éireannchaibh a imtheacht.



Mairg rí bhós dár beanadh sin,
mairg fós an fonn ór imthigh,
mairg oireacht ór éag an fear
nár fhéad doibheart do dhéineamh.



Námhaid do thuinn ná do thír
ní budh eagail dá airdrígh
do theacht sa mbeirn ina mbiadh,
beacht ina sheilbh a shainfhiadh.



Mór n-urchóid nach follas fós
tig dá éag, is é a iomthós;
mór gcneasghoin nach reich do ríomh
tré a bheith d'easbhaidh a airdríogh.



Miste coimhéad a charad;
móide meanma a eascarad;
a bhuain don rígh ris ar rann
miste uaim sídh a saorchlann.


L. 94


Lughaide líon a foirne,
liaide a ceasta comhairle,
críoch shéimhsheang is chaoin caladh
i dtaoibh Éireann d'anaghal.



Méad a rodhúthracht dá rígh
cia agá bhfuighe i n-am eisídh?
A imtheacht is eadh nochtfas
a mheadh d'inntleacht, d'arrachtas.



Ceathracha is ceithre bliadhna
deighsheirbhís ar ndeighIarla,
atá ag cungnamh don Choróin
gan urlamh ria n-easonóir.



I lóirsheirbhís dár lean sé
cia ar a gcluintear i gcoimhré
ré a ghnúis a ndonnshnuadh dathghlan
a chombuan, a chomhrathmhar,



Níor briseadh ar bheirn 'na mbiadh,
níor loc ó ursainn éinghliadh,
a chneas gheall tochairthe i dtroid,
meadh chothaighthe do charraig.


L. 95


A lorga do leath aighthe
lámhach luchta a ionnsaighthe,
clódh ó gach éigean nár áil
lór an t-éideadh dá admháil.



Leis do cuireadh, níor chuairt tim,
lorg a scor is gach aird d'Éirinn,
ní a-mugha acht ar mhairg dóibh,
dár thairg cura ar an gCoróin.



Dún Baoi, Dún Libhse, 'ga léim,
Sliabh Iorrais, Cuan an Chaisléin,
's ag Neimhthinn sa bheirn bhaoghlaigh
neimhthim a fheidhm d'iolfhaobhraibh.



Dealbh a champa ag Cionn Sháile
le cneas arshluagh Easpáine,
'sa bhall 'nar thógaibh a theagh
níor fhóbair Gall ná Gaoidheal.



Daineamh dar neartchloinn Néill-ne
ag Drobhaois, ag deighÉirne,
Eachtar na Traoi ar thábhacht
nach dóibh do bhaoi a bharánnacht.


L. 96


Ceangal sídh Gaoidheal is Gall
ag bruach Coirrshléibhe, ag Corann,
leagair ar-aon ar a iocht;
níorbh eagail d'aon gurbh ainiocht.



A luadh muna léagar dhíom,
na háite i ndearnaidh deighgníomh,
áireamh anmann na n-ionadh
budh admhall an t-ainmniughadh.



Mar nach locadh léim 'na gceann,
daingne inmheadhón Éireann,
fá lár níor léig a chiomhsa,
lámh nár thréig a thréinphrionsa.



Lámh nár thais i gcás chogaidh,
lámh mhínstiúrtha a mhórphobail,
lámh gan doghrainn fá dháil chroidh,
lámh gan chonghlainn 'na comhair.



Giodh don fhiachaibh teacht tarsa
brostaid orchra oram-sa,
mór dá ndingne damhna guil,
a gharma inmhe, a fhíonfhuil.


L. 97


President móirchríoch Mumhan,
Iarla tromdha Tuadhmhumhan
dá ghairm gan ra-rún re a rádh
dar ainm Barún Ó mBreacán.



Post ceart do Chomhairle an Ríogh,
scriostóir meirleach is míghníomh,
slios nár ghníomh-ra-lag ar gha,
scrios príomhnamhad a phrionnsa.



Tarla i gcomhuaim a chnis ghil
tonn d'fhuil sinnsear mac Mílidh,
- drúchtfhuil go ndeaghailt déaraigh -
Gearailt, Búrcaigh, Buitléaraigh.



Ardfhola Gaoidheal is Gall
mar táid ar dteacht 'na thiomchall
tug ós aird tréna oidhidh
mairg ar fhud gach aonoirir.



Bíodh gur truagh inn dá easbhaidh
tinne uaidhe ar n-uireasbhaidh,
...............................
...............................




L. 98


Truagh leam do mhairg, a Mhumha,
cian bhus buan do bhrónchumha,
tárrthais cás neamhratha a-nois,
bás do dheaghfhlatha dúthchais.



A Mhumha na magh n-uaine,
mise ón chás-so an chéadtruaighe
's gach cuaine dar chara so;
an dara truaighe tusa.



Bíodh nach meadhar d'aon eile
truaighe mar ar dtruaighe-ne,
sinn le chéile do mheas mé,
Éire linn an treas truaighe.



Tú féin is mise, a Mhumha,
beag an bhríogh ar n-osnadha;
níor chás i n-éineing osna
cás d'Éirinn an t-adhbhar-so.



Giodh mó ag gach duine a dhíoth féin,
a Mhumha, ar n-eascar aigmhéil
mar léan d'fhagháil giodh lór liom
mór mar scéal anáir Éireann.


L. 99


Go bhfagha mise, a Mhumha,
triath mar mhac meic Dhonnchadha
dearbh linn nach fuighbhe-se flaith
rem linn chuimhne-se a chommaith.



Ní bhia an fios ag flaith oile
dá éis mar ar n-iarla-ne;
fios grian iomall fá aoinfhear
d'fhios t'fhionnGhall is t'fhíorGhaoidheal.



A thuicse ar theangthaibh bhur slóigh,
a aithne ar airde, ar onóir
gach aicme seach ar-oile
do mhaicne do mhacaidhe.



A riaghladh fáithghlic feithmheach,
a smacht fírcheart fóirthneach,
féachthar cáit i bhfoighthe ag flaith
iona áit choidhche a chommaith.



Gan ghuais do thír ná do thuinn,
gan bhaoghal ria mbreith leatroim,
gan troimreacht nábadh loinn libh,
gan fhoirneart nGoill ná Gaoidhil.


L. 100


Gan lorg bhfoghladh i bhfeadhaibh
ná faolchon i bhfoithreadhaibh,
gan sheilg n-innilte tré a ucht
red leirg imill-te d'fhurtacht.



Gan drud ndorais acht ar ghaoith
i bhfaidghleantaibh t'fhóid fhéarmhaoith,
gan fhaire mbuair do bhunadh
acht chuain d'fhaire ar fhoghlughadh.



Ní fuair sibh is é ar n-aonghuth
re cuimhne bhur gcianshaoghlach
síth go síorshuaimhnigh mar sin
i gcrích fhíonuaibhrigh Éimhir.



Ag sin, a Mhumha is mhín fonn,
síona dá gcur sa gcomhthrom,
an mheadh chaointe fád chomhair,
an seal faoilte fuarabhair.



Giodh mairg dhúinn-ne a dhula
atá tríd, a thréanMhumha,
roinn do mhairgnigh is mairg leann
in gach aird d'airdibh Éireann.


L. 101


Atá i gcomhghar chuan Alban
roinn dár mairg 'na mórardghol,
mairg daghfhlatha Ó nDuach ar ndul
's um bhruach glanLacha Garman.



Ó Bhearbha thoir go Teach nDuinn,
ó Chlíodhna go Crích nUmhaill,
críoch gan mhairg ann ní fhuighe
os aird tré bharr Bóraimhe.



Truaighe éighmhe, bualadh bas,
ní brón fá léan do labhras;
na déara ag snighe fár snaidhm
's gan fhréamha cridhe ag commaidhm.



A Dhé, dá dtagradh tusa
budh furthacht é dom urchra-sa
m'éag ina ghoire go grod
an t-éag roimhe ó nach ránag.



Bheith ag cor cháich dá gcumhaidh
dob é ar nós a-nallamhain;
tar chéill do-chuaidh an rosc ruinn,
mo chosc féin uaim ní fhaghaim.


L. 102


M'fhaicsin go mór miste sibh,
miste mé fós bhur bhfaicsin;
a aos cumtha, seachnaidh sinn,
do leathnaigh urchra im intinn.



Mairidh mór ndeighgníomh 'na dhiaidh
gé atá Donnchadh ua deighBhriain
mar dhuine ar n-éag ina fheart
is nach éag uile a imtheacht.



Tug Dia óigshliocht i n-oirbheart
bhus dídean dá dheaghoighreacht;
a bhás nach imdheacht uile
d'fhás d'fhinnshliocht ar n-Iarla-ne.



Mairid fionnlaoidhe fileadh
d'admholtaibh gan aindligheadh
ó mbuadh beó chroidhche ar cuimhne
gan reó ndoirche ar nDonnchaidh-ne.



Mairid mór rian do réidhigh
tré fhoithribh, tré aimhréidhibh,
mór gceall ar na gcur fá dhíon
ar scur mheang agus mhíghníomh.


L. 103


Mairidh trá, ní tarbha bheag,
nuimhir dhoidhéanta droichead;
neach dá ngluis nach fuighe feast,
guais ó thuile dá dtoirmeasc.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services