Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Séadna. (Ar leanamhaint.)
Title
Séadna. (Ar leanamhaint.)
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Séadna (ar leanamhaint) Na daoine a bhí ar an aonach - Cleamhnas Shaidhbh' - An t-aonach creachta ag ceathrar uaisle. Lá ar n-a bhárach a bhí chugainn, do bhí aonach sa' tsráid. Bhí Séadna ar an aonach le hua- lach bróg. Bhí Miceal ar an aonach 'na shea- samh leis an ualach. Bhí máthair Mhicil ar an aonach ag díol muice raimhre agus ag ceannach céise. Bhí Seaghán Ciotach ar an aonach, agus stoc mór de bhuaibh seasga aige le díol ó'n gcnuc. Bhí Máire Ghearra ar an aonach i dteannta a hathar. Bhí an báille ar an aonach, chomh plucach, chomh caingcíneach, chomh mórchúiseach, chomh géar- shúileach, chomh tarr-leathan, chomh colpach, chomh tur agus bhí Seaghán an Aonaigh riamh. Dá bhfeicfeá ag déanamh ort é, badh dhóigh leat air gurab amhlaidh bhí barántas 'na phóca aige id' choinnibh. Dá mbadh ná déanfá acht beannughadh dhó, d'fhéacfadh sé ort, fá mar 'fheuchfadh sé ar dhuine bheadh chum a bhuailte. Bhí an uile shaghas eachradh ann, chomh hioma- damhail agus bhí an chéad lá úd a tháinig Séadna ann chum capaill agus bó bainne do cheannach. Bhí lucht cleas ann, agus lucht rinnce, agus lucht ceóil, agus lucht cátaidhe, agus lucht pócaidhe do phiocadh. Bhí tincéirí ann as gach áird idir chian agus comhgar, agus is iad do bhí go buadhartha agus go bladhmannach, go droch-mhúinte, go droich- bhéasach, agus go droch-labhartha. Iad féin agus a mná agus a gclann ag dul i gcochall a chéile. Gur dóigh leat go maireobhaidís a chéile, agus 'na thaobh sain ná marbhuighdís. Bhí lucht méaracán ann. Acht má 'seadh,
ní raibh fear méaracán Shéadna ortha, nó má bhí, ní bhfuair Séadna aon radharc air. Do ritheadh an rá, fá mar do ritheadh an chéad lá. Bhí gach aon-ne' ag faire air. Nuair bhí sé críochnuighthe, bhí gach aon-ne' ag rith agus gach aon-ne' ag liúighrigh, acht má bhí, níor rith Séadna, ná níor liúigh. Ní túisge bhí an rás ar leath-taoibh, ná d'éirigh troid idir bheirt tincéirí, mar ghioll ar cheannrach asail. Ba ghearr go raibh béal fola ar dhuine acu, agus súil dúnta ag an nduine eile. Do phreab tincéir ba threise ná aon-ne' acu eatorra isteach. Do chuir sé ó chéile iad agus do thóg sé féin an cheannrach. Le n-a linn sin d'airigh Séadna na daoine 'na thimcheall ag cogarnaigh: “Féach! Féach! Féach!” ars' iad. D'fhéach sé sa' treó i n-a rabhadar-san ag féachaint. Cia chífeadh sé ag gabháil anuas lár páirce. an aonaigh, agus an t-aonach ag déanamh slighe dhóibh, acht an bheirt — Sadhbh, agus an duine uasal iasachta! Bhí culaidh chraoidhearg ar dearg-lasadh ar Shaidhbh, ó mhullach talamh. Bhí culaidh éadaigh uasail air-sean, agus is é bhí go piocaithe bearrtha, go cumtha córachcothuighthe cumasach deagh-chroicinn. Do leath a shúile, glan, ar Shéadna nuair thán'adar 'na chomhgar. B'é an duine uasal céadna é, ar ar eitigh sé an t-airgead agus ar ar thug sé “cladhaire díomhaoin!” Ní fheadar sé ó thalamh an domhain cad badh mhaith dhó do rádh ná do dhéanamh. Níor dhin sé acht stad mar a raibh aige agus éisteacht. Do bhuailea- dar thairis an pháirc síos, i ngoireacht trí ráinní dhó, gan féachaint air, gan é thabhairt fá ndeara, acht chom beag agus dá mbadh ná beadh sé ann i n-aon-chor. Do bhuaileadar suas ar an dtaobh eile de'n pháirc, na daoine ag osgailt na slighe reómpa, agus annsain ag síneadh na méar fútha, agus ag crothadh a gceann, agus ag dul ins na tríthidhibh. Nuair chonnaic an tincéir mór iad, do stad sé ag féachaint ortha, agus srian an asail ar a chuislinn aige. Nuair bhíodar imthighthe thairis, d'éaluigh sé 'na ndiaidh, agus tharraing sé an tsrian ortha fá mar bheadh sé chum a mbuailte, acht ní baoghal gur bhuail, ná gur mhothuigheadar é, acht badh dhóigh leat go dtuitfeadh an t-anam tur te as na daoinibh bhí ag féachaint ar an spórt. Ní bhfuair Séadna aon tsult ann. Bhí iomarca i n'iongnadh air. “A Mhichil,” ars' eisean le Miceal, “imthigh suas chomh géar agus tá sé id'chosaibh, agus abair le Diarmuid Liath go n-oireann dom labhairt láithreach leis.” Do ghluais Miceal. Sul a raibh sé leath na páirce suas, do bhuail Diarmuid uime, agus d'fhilleadar. “Cia hé sin i n-éinfheacht le Saidhbh?” arsa Séadna. “Am basa, a Shéadna,” arsa Diarmuid, “ní'l puinn aithne agam-sa air, acht gur duine uasal é ó i n-aice Bhaile Átha Cliath.” “Caidé an ainm atá air?” “Síogaidhe Mac Giolla Phádraig a thugaid a mhuintir air.” “Cia hiad a mhuintir?” “Triúr eile uaisle tháinig le n-a chois.” “Cad a thug annseo iad?” “Thán'adar ar an aonach.” “Cad chuige?” “Ag ceannach eachradh do'n rígh.” “Cathain do thán'adar?” “Um thráthnóna árú indé.” “Cá'r chaitheadar an aimsir ó shoin?” “Bhídís amuigh formhór an lae, acht is agam-sa thugaidís an oidhche.” “Caidé an fuadar é seo fá Shaidhbh?” “Cleamhnas atá socair idir í féin agus Síogaidhe Mac Giolla Phádraig.” “Cá bhfios duit ná fuil bean cheana ag an nduine uasal sain?” “Sin é díreach adubhairt an sagart aréir, nuair bhíos ag caint leis. Acht dubhart-sa leis na raibh uaim acht cead 'fhagháil uaidh do shagart éigin i mBaile
Átha Cliath chum iad do phósadh. Gan amhras, ní iarrfadh sé an cead sain, dá mbeadh sé pósta, agus bean cheana i mBaile Átha Cliath aige.” “Tuigim,” arsa Séadna. “Cia rinne an cleamhnas?” “Is amhlaidh bhíodar ag magadh agus ag caitheamh aimsire dhóibh féin an chéad oidhche: gach aon-ne' acu d'á áiteamh ar an gcuid eile gur thúisge phósfadh Sadhbh é féin 'ná aon-ne' dhíobh-san. “'Cuirimis ar crannaibh é,” arsa duine acu. “'B'fhéidir ná tógfadh sí an té go dtuitfeadh an crann air,' arsa duine eile acu. “Cuireadar chúichi an cheist. “'Tógfad,' ars' ise, 'má thuiteann an crann ar an bhfear a thaidnfidh liom.' “Fuaradar go léir ana-shult sa' mhéid sin. Do cuireadh ar crannaibh é, agus do thuit an crann ar an bhfear do chonnaicís le n-a cois ó chianaibh. Cheapamar uile ná raibh ann ag magadh, acht am briathar gur ghlac seisean de chroidhe dhá ríribh é. Nuair mheas Sadhbh tarrang as, 'Am basa, a inghean ó,' ars' eisean, “ní dhéanfaidh sain an gnó duit. Dubhraidhis go dtógfá an té air go dtuitfeadh an crann, dá dtuitfeadh an crann ar an bhfear do thaidnfeadh leath. Tóg mé anois, nó abair ná taidnim leat.' B'é deireadh an aighnis gur dineadh an cleamhnas.” “Ar ceannuigheadh puinn capall do'n rígh?” arsa Séadna. “An oidhche thán'adar,” arsa Diarmuid, “thugadar dom, le cur i gcoimeád, bosga mór iarainn, agus é lán go barra d'ór bhuidhe. Bhí muirighean mo dhá lámh ann. Ar maidin indiu, do líonadar a bpócaidhe as, ag gabháil amach dóibh. Nuair bhíodh roinnt capall ceannuighthe acu, agus díolta asta, agus iad féin agus a ngiollaidhe curtha ar bhóthar Bhaile Átha Cliath acu, d'fhillidís, agus bheiridís tuilleadh de'n ór leó, agus cheannuighdís tuilleadh. Fá dheireadh do bhí an bosga folamh. Nuair bhíodar ag díol as an roinnt déidheanach, bhí trí chéad punt i n- easnamh ortha. Ní raibh sé oireamhnach agam-sa, acht bhí ag Saidhbh, agus thug sí dhóibh é ar iasacht, go dtí go mbeidís go léir i bhfocair a chéile i mBaile Átha Cliath.” “A Mhicil,” arsa Séadna, “glaodhuigh ar an mbáille chugam. Tá sé ar an aonach.” “Sin é thuas é,” arsa Miceal, “ag caint le Seaghán Bolg Ua Dála'. Beidh sé anuas chughat láithreach agam.” Tháinig an báille. “An 'mó fear agat?” arsa Séadna. “Ní'l acht fear agus fiche,” ars' an báille. “Cruinnigh iad láithreach timcheall tighe Dhiarmuda Léith,” arsa Séadna. “Tá ceathrar bitheamhnach ann, agus tá an t-aonach creachta acu.” Chuir an báille fead as, agus phreab sé chum siubhail. Is beag ná gur thuit Diarmuid. “Is fearra dhuit gan dul fá dhéin an tighe go fóill,” arsa Séadna. “Ní'l siad súd gan arm faobhair, agus má théidheann an sgéal dian ortha, beidh fuil acu. Fág fá Chormac iad. Tá cleas ar an mbata draighin úd aige do bhain fear láidir d'á bhonnaibh go minic.” “Cá bhfios duit an bitheamhnaigh iad?” arsa Diarmuid. “Sean-aithne bheith agam ar dhuine acu, an fear úd a bhí le Saidhbh ag siubhal an aonaigh ó chianaibh. Tháinig sé ag lorg airgid ar iasacht chugham, tá roinnt bliadhanta ó shoin ann. Nuair 'eitigheas an t-airgead air, dubhairt se go raibh ocras air. Níor chreideas focal uaidh, agus bhí a fhios aige nár chreideas. Do leig se air ó chianaibh nár aithin se mé, agus d'aithin chomh maith díreach agus d'aithnigheas-sa é. Má thagann Cormac suas leis, curfar deireadh le n-a chúrsaidhibh agus le n-a chuid uaisleachta, go ceann tamaill.” Le n-a linn sin, d'airigheadar an liúgh
fhiadhaigh i dtreó tighe Dhiarmuda suas. Do bhris ar an bhfoidhidne ag Diarmuid. “O!” ars' eisean. “Marbhóchar Sadhbh bhocht eatortha!” agus do rith sé chomh maith agus bhí rith ag an nduine mbocht. Rug Séadna ar chuislinn air. “Ní'l baoghal uirthi,” ars' eisean, “acht ní mar sin duit-se. Beidh an t-aonach bailighthe annsúd láithreach. Ní'l aon-ne' atá caillte leó súd ná beidh ag cur ortha. Is fearr as an slighe thusa, le heagla go ndéarfadh duine éigin go raibh rún a ngnótha agat, agus go n-iompóchadh na daoine ort.” “Dia lem' anam!” arsa Diarmuid. 'Cad do chas im'threó iad i n-aonchor?” “Do chas airgead Shaidhbh,” arsa Séadna. “Ní raibh aon bheart eile acu le n-a dtiocfaidís air.” “Tá an liuighreach ag stad. Táid siad ag dul chum suaimhnis. Téidhmís suas,” arsa Diarmuid. “An bhfuil deireadh na mbróg díolta, a Mhicil?” arsa Séadna. “Táid acht beagán,” arsa Miceal. “Gaibh an capall, má 'seadh, agus comáin leat a-bhaile,” arsa Séadna. (leanfar de seo.) Peadar Ua Laoghaire.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services