Séadna
(ar leanamhaint)
Na daoine a bhí ar an aonach - Cleamhnas Shaidhbh' - An
t-aonach creachta ag ceathrar uaisle.
Lá ar n-a bhárach a bhí chugainn, do bhí aonach
sa' tsráid. Bhí Séadna ar an aonach le hua-
lach bróg. Bhí Miceal ar an aonach 'na shea-
samh leis an ualach. Bhí máthair Mhicil ar
an aonach ag díol muice raimhre agus ag
ceannach céise. Bhí Seaghán Ciotach ar
an aonach, agus stoc mór de bhuaibh seasga
aige le díol ó'n gcnuc. Bhí Máire Ghearra
ar an aonach i dteannta a hathar. Bhí an
báille ar an aonach, chomh plucach, chomh
caingcíneach, chomh mórchúiseach, chomh géar-
shúileach, chomh tarr-leathan, chomh colpach,
chomh tur agus bhí Seaghán an Aonaigh riamh. Dá
bhfeicfeá ag déanamh ort é, badh dhóigh leat
air gurab amhlaidh bhí barántas 'na phóca
aige id' choinnibh. Dá mbadh ná déanfá acht
beannughadh dhó, d'fhéacfadh sé ort, fá mar
'fheuchfadh sé ar dhuine bheadh chum a bhuailte.
Bhí an uile shaghas eachradh ann, chomh hioma-
damhail agus bhí an chéad lá úd a tháinig Séadna
ann chum capaill agus bó bainne do cheannach.
Bhí lucht cleas ann, agus lucht rinnce, agus lucht
ceóil, agus lucht cátaidhe, agus lucht pócaidhe do
phiocadh. Bhí tincéirí ann as gach áird idir
chian agus comhgar, agus is iad do bhí go buadhartha agus
go bladhmannach, go droch-mhúinte, go droich-
bhéasach, agus go droch-labhartha. Iad féin agus a
mná agus a gclann ag dul i gcochall a chéile.
Gur dóigh leat go maireobhaidís a chéile, agus
'na thaobh sain ná marbhuighdís.
Bhí lucht méaracán ann. Acht má 'seadh,
ní raibh fear méaracán Shéadna ortha, nó
má bhí, ní bhfuair Séadna aon radharc air.
Do ritheadh an rá, fá mar do ritheadh an
chéad lá. Bhí gach aon-ne' ag faire air.
Nuair bhí sé críochnuighthe, bhí gach aon-ne'
ag rith agus gach aon-ne' ag liúighrigh, acht má bhí,
níor rith Séadna, ná níor liúigh.
Ní túisge bhí an rás ar leath-taoibh, ná
d'éirigh troid idir bheirt tincéirí, mar ghioll
ar cheannrach asail. Ba ghearr go raibh
béal fola ar dhuine acu, agus súil dúnta ag
an nduine eile. Do phreab tincéir ba
threise ná aon-ne' acu eatorra isteach. Do
chuir sé ó chéile iad agus do thóg sé féin an
cheannrach.
Le n-a linn sin d'airigh Séadna na
daoine 'na thimcheall ag cogarnaigh:
“Féach! Féach! Féach!” ars' iad. D'fhéach
sé sa' treó i n-a rabhadar-san ag féachaint.
Cia chífeadh sé ag gabháil anuas lár páirce.
an aonaigh, agus an t-aonach ag déanamh slighe
dhóibh, acht an bheirt — Sadhbh, agus an duine uasal
iasachta!
Bhí culaidh chraoidhearg ar dearg-lasadh
ar Shaidhbh, ó mhullach talamh. Bhí culaidh
éadaigh uasail air-sean, agus is é bhí go
piocaithe bearrtha, go cumtha córachcothuighthe
cumasach deagh-chroicinn. Do leath a shúile,
glan, ar Shéadna nuair thán'adar 'na
chomhgar. B'é an duine uasal céadna é,
ar ar eitigh sé an t-airgead agus ar ar thug
sé “cladhaire díomhaoin!” Ní fheadar sé
ó thalamh an domhain cad badh mhaith dhó do
rádh ná do dhéanamh. Níor dhin sé acht stad
mar a raibh aige agus éisteacht. Do bhuailea-
dar thairis an pháirc síos, i ngoireacht trí
ráinní dhó, gan féachaint air, gan é thabhairt
fá ndeara, acht chom beag agus dá mbadh ná
beadh sé ann i n-aon-chor. Do bhuaileadar
suas ar an dtaobh eile de'n pháirc, na
daoine ag osgailt na slighe reómpa, agus
annsain ag síneadh na méar fútha, agus ag
crothadh a gceann, agus ag dul ins na tríthidhibh.
Nuair chonnaic an tincéir mór iad, do
stad sé ag féachaint ortha, agus srian an asail
ar a chuislinn aige. Nuair bhíodar imthighthe
thairis, d'éaluigh sé 'na ndiaidh, agus tharraing
sé an tsrian ortha fá mar bheadh sé chum a
mbuailte, acht ní baoghal gur bhuail, ná gur
mhothuigheadar é, acht badh dhóigh leat go
dtuitfeadh an t-anam tur te as na daoinibh
bhí ag féachaint ar an spórt.
Ní bhfuair Séadna aon tsult ann.
Bhí iomarca i n'iongnadh air. “A Mhichil,”
ars' eisean le Miceal, “imthigh suas chomh
géar agus tá sé id'chosaibh, agus abair le
Diarmuid Liath go n-oireann dom labhairt
láithreach leis.”
Do ghluais Miceal. Sul a raibh sé leath
na páirce suas, do bhuail Diarmuid uime,
agus d'fhilleadar.
“Cia hé sin i n-éinfheacht le Saidhbh?”
arsa Séadna.
“Am basa, a Shéadna,” arsa Diarmuid,
“ní'l puinn aithne agam-sa air, acht gur
duine uasal é ó i n-aice Bhaile Átha
Cliath.”
“Caidé an ainm atá air?”
“Síogaidhe Mac Giolla Phádraig a
thugaid a mhuintir air.”
“Cia hiad a mhuintir?”
“Triúr eile uaisle tháinig le n-a chois.”
“Cad a thug annseo iad?”
“Thán'adar ar an aonach.”
“Cad chuige?”
“Ag ceannach eachradh do'n rígh.”
“Cathain do thán'adar?”
“Um thráthnóna árú indé.”
“Cá'r chaitheadar an aimsir ó shoin?”
“Bhídís amuigh formhór an lae, acht is
agam-sa thugaidís an oidhche.”
“Caidé an fuadar é seo fá Shaidhbh?”
“Cleamhnas atá socair idir í féin agus
Síogaidhe Mac Giolla Phádraig.”
“Cá bhfios duit ná fuil bean cheana ag
an nduine uasal sain?”
“Sin é díreach adubhairt an sagart
aréir, nuair bhíos ag caint leis. Acht
dubhart-sa leis na raibh uaim acht cead
'fhagháil uaidh do shagart éigin i mBaile
Átha Cliath chum iad do phósadh. Gan amhras,
ní iarrfadh sé an cead sain, dá mbeadh sé
pósta, agus bean cheana i mBaile Átha Cliath
aige.”
“Tuigim,” arsa Séadna. “Cia rinne
an cleamhnas?”
“Is amhlaidh bhíodar ag magadh agus ag
caitheamh aimsire dhóibh féin an chéad oidhche:
gach aon-ne' acu d'á áiteamh ar an gcuid
eile gur thúisge phósfadh Sadhbh é féin 'ná
aon-ne' dhíobh-san.
“'Cuirimis ar crannaibh é,” arsa duine
acu.
“'B'fhéidir ná tógfadh sí an té go
dtuitfeadh an crann air,' arsa duine eile
acu.
“Cuireadar chúichi an cheist.
“'Tógfad,' ars' ise, 'má thuiteann an
crann ar an bhfear a thaidnfidh liom.'
“Fuaradar go léir ana-shult sa' mhéid
sin. Do cuireadh ar crannaibh é, agus do
thuit an crann ar an bhfear do chonnaicís
le n-a cois ó chianaibh. Cheapamar uile ná
raibh ann ag magadh, acht am briathar gur
ghlac seisean de chroidhe dhá ríribh é. Nuair
mheas Sadhbh tarrang as, 'Am basa, a
inghean ó,' ars' eisean, “ní dhéanfaidh sain
an gnó duit. Dubhraidhis go dtógfá an té
air go dtuitfeadh an crann, dá dtuitfeadh
an crann ar an bhfear do thaidnfeadh
leath. Tóg mé anois, nó abair ná
taidnim leat.' B'é deireadh an aighnis
gur dineadh an cleamhnas.”
“Ar ceannuigheadh puinn capall do'n
rígh?” arsa Séadna.
“An oidhche thán'adar,” arsa Diarmuid,
“thugadar dom, le cur i gcoimeád, bosga
mór iarainn, agus é lán go barra d'ór bhuidhe.
Bhí muirighean mo dhá lámh ann. Ar maidin
indiu, do líonadar a bpócaidhe as, ag
gabháil amach dóibh. Nuair bhíodh roinnt
capall ceannuighthe acu, agus díolta asta, agus
iad féin agus a ngiollaidhe curtha ar bhóthar
Bhaile Átha Cliath acu, d'fhillidís, agus bheiridís
tuilleadh de'n ór leó, agus cheannuighdís
tuilleadh. Fá dheireadh do bhí an bosga
folamh. Nuair bhíodar ag díol as an
roinnt déidheanach, bhí trí chéad punt i n-
easnamh ortha. Ní raibh sé oireamhnach
agam-sa, acht bhí ag Saidhbh, agus thug sí dhóibh
é ar iasacht, go dtí go mbeidís go léir i
bhfocair a chéile i mBaile Átha Cliath.”
“A Mhicil,” arsa Séadna, “glaodhuigh ar
an mbáille chugam. Tá sé ar an aonach.”
“Sin é thuas é,” arsa Miceal, “ag
caint le Seaghán Bolg Ua Dála'. Beidh
sé anuas chughat láithreach agam.”
Tháinig an báille.
“An 'mó fear agat?” arsa Séadna.
“Ní'l acht fear agus fiche,” ars' an báille.
“Cruinnigh iad láithreach timcheall tighe
Dhiarmuda Léith,” arsa Séadna. “Tá
ceathrar bitheamhnach ann, agus tá an t-aonach
creachta acu.”
Chuir an báille fead as, agus phreab sé chum
siubhail. Is beag ná gur thuit Diarmuid.
“Is fearra dhuit gan dul fá dhéin an
tighe go fóill,” arsa Séadna. “Ní'l siad
súd gan arm faobhair, agus má théidheann an
sgéal dian ortha, beidh fuil acu. Fág fá
Chormac iad. Tá cleas ar an mbata
draighin úd aige do bhain fear láidir d'á
bhonnaibh go minic.”
“Cá bhfios duit an bitheamhnaigh iad?”
arsa Diarmuid.
“Sean-aithne bheith agam ar dhuine acu,
an fear úd a bhí le Saidhbh ag siubhal an
aonaigh ó chianaibh. Tháinig sé ag lorg
airgid ar iasacht chugham, tá roinnt
bliadhanta ó shoin ann. Nuair 'eitigheas
an t-airgead air, dubhairt se go raibh ocras
air. Níor chreideas focal uaidh, agus bhí a fhios
aige nár chreideas. Do leig se air ó
chianaibh nár aithin se mé, agus d'aithin chomh
maith díreach agus d'aithnigheas-sa é. Má
thagann Cormac suas leis, curfar deireadh
le n-a chúrsaidhibh agus le n-a chuid uaisleachta,
go ceann tamaill.”
Le n-a linn sin, d'airigheadar an liúgh
fhiadhaigh i dtreó tighe Dhiarmuda suas. Do
bhris ar an bhfoidhidne ag Diarmuid.
“O!” ars' eisean. “Marbhóchar Sadhbh
bhocht eatortha!” agus do rith sé chomh maith agus bhí
rith ag an nduine mbocht. Rug Séadna ar
chuislinn air.
“Ní'l baoghal uirthi,” ars' eisean, “acht
ní mar sin duit-se. Beidh an t-aonach
bailighthe annsúd láithreach. Ní'l aon-ne'
atá caillte leó súd ná beidh ag cur ortha.
Is fearr as an slighe thusa, le heagla go
ndéarfadh duine éigin go raibh rún a
ngnótha agat, agus go n-iompóchadh na daoine
ort.”
“Dia lem' anam!” arsa Diarmuid.
'Cad do chas im'threó iad i n-aonchor?”
“Do chas airgead Shaidhbh,” arsa
Séadna. “Ní raibh aon bheart eile acu le
n-a dtiocfaidís air.”
“Tá an liuighreach ag stad. Táid siad
ag dul chum suaimhnis. Téidhmís suas,”
arsa Diarmuid.
“An bhfuil deireadh na mbróg díolta, a
Mhicil?” arsa Séadna.
“Táid acht beagán,” arsa Miceal.
“Gaibh an capall, má 'seadh, agus comáin
leat a-bhaile,” arsa Séadna.
(leanfar de seo.)
Peadar Ua Laoghaire.