Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Beannacht na Luinge.
Title
Beannacht na Luinge.
Author(s)
Fitzgerald, Maurice,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
BEANNACHT NA LUINGE
I. Beannaigh an long so, a Chríost cháidh, An t-síon, an tonn, 's an tír; Bíodh t'aingil 'na g-cléith d'ar g-cómhair A's rómhainn, mar sgéith dhaingin dhín. II. Síthigh gairbhshíon ghoimh d'a glór; Mínigh gach muir ainmhín, fhuar; Fraoch an earraigh cuir ar g-cúl Go dul dúinn tar ceannaibh cuain. III. Doiligh mé f'ám chúl do chur Re Múr Té 's is doiligh dom, Múr fiann-bhothach na sealg sean, Treabh na sreabh ngrian-srothach nglan. IV. Cuir mé go seasgair chum seoil, A Dhé, gan easbhaidh ár n-iuil O'n tsín gharbh-fhuar, tar muir mhóir, Re cóir ghlain go g-calmain g-ciuin. V. Maith mo churach aidhbhseach úr, Taidhbhseach a turadh 's a taobh, Long gheugach, bhonnógach, bhuan, Stuadh theudach, chronnógach, caomh. VI. Long gan tslás i dtacar arm, Gan sgáth ré sgáthaibh na storm, Seoltóir tré chlár na g-ceann ngarbh Mar badh sál marbh gach gleann gorm. VII. Tre ghrian-bháth gach tuinne, tráth, Ar fiarlán dá ghainne gaoth, Lingidh ó chabhlach na g-críoch, Armach a fíoch a's a fraoch. VIII. Slios fad' úr, fóiléimneach, treun, Róimheanmnach mar dhragún ndús; Breac-long na seól-bhratach saor, Taobh creat-lom ór-shlatach úr. IX. Brú dhealbh-nathrach ghríobhach gharg! Beann bhachlach chíocrach na g-colg! Slios snas-chaomh, as faobhrach fearg, Na bhfras-chaor ndearg, mbaoghalach, mborb! X. Tionnlaic sinn, a rí na rann Tar linn, a's gach nídh as leam, Gan baoghal tar bholgaibh tonn, Anonn seach bhordaibh na mbeann. An Ceangal. XI. Beannuigh an long so anonn tar sáile ag dul, Bhachalach, riumpach, lonnrach, lán-chliste, An chreatalach sgonnsach riunntach láin- tsiosmach Mharbhthach bhronntach chobhrach átharach.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services