Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Beannacht na Luinge.

Title
Beannacht na Luinge.
Author(s)
Fitzgerald, Maurice,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 161


BEANNACHT NA LUINGE

L. 162



I.
Beannaigh an long so, a Chríost cháidh,
An t-síon, an tonn, 's an tír;
Bíodh t'aingil 'na g-cléith d'ar g-cómhair
A's rómhainn, mar sgéith dhaingin dhín.



II.
Síthigh gairbhshíon ghoimh d'a glór;
Mínigh gach muir ainmhín, fhuar;
Fraoch an earraigh cuir ar g-cúl
Go dul dúinn tar ceannaibh cuain.



III.
Doiligh mé f'ám chúl do chur
Re Múr Té 's is doiligh dom,
Múr fiann-bhothach na sealg sean,
Treabh na sreabh ngrian-srothach nglan.



IV.
Cuir mé go seasgair chum seoil,
A Dhé, gan easbhaidh ár n-iuil
O'n tsín gharbh-fhuar, tar muir mhóir,
Re cóir ghlain go g-calmain g-ciuin.



V.
Maith mo churach aidhbhseach úr,
Taidhbhseach a turadh 's a taobh,
Long gheugach, bhonnógach, bhuan,
Stuadh theudach, chronnógach, caomh.



VI.
Long gan tslás i dtacar arm,
Gan sgáth ré sgáthaibh na storm,
Seoltóir tré chlár na g-ceann ngarbh
Mar badh sál marbh gach gleann gorm.



VII.
Tre ghrian-bháth gach tuinne, tráth,
Ar fiarlán dá ghainne gaoth,
Lingidh ó chabhlach na g-críoch,
Armach a fíoch a's a fraoch.



VIII.
Slios fad' úr, fóiléimneach, treun,
Róimheanmnach mar dhragún ndús;
Breac-long na seól-bhratach saor,
Taobh creat-lom ór-shlatach úr.



IX.
Brú dhealbh-nathrach ghríobhach gharg!
Beann bhachlach chíocrach na g-colg!
Slios snas-chaomh, as faobhrach fearg,
Na bhfras-chaor ndearg, mbaoghalach, mborb!



X.
Tionnlaic sinn, a rí na rann
Tar linn, a's gach nídh as leam,
Gan baoghal tar bholgaibh tonn,
Anonn seach bhordaibh na mbeann.



An Ceangal.



XI.
Beannuigh an long so anonn tar sáile ag
dul,
Bhachalach, riumpach, lonnrach, lán-chliste,
An chreatalach sgonnsach riunntach láin-
tsiosmach
Mharbhthach bhronntach chobhrach átharach.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services