Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sgeul Fiannaidheachta.
Title
Sgeul Fiannaidheachta.
Author(s)
Ó Cadhla, Seaghán,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SGEUL FIANNAIDHEACHTA. A dhuine uasail, — Fuaras an sgeul mar leanas ó Thadhg Ó Conchobhair (i gCnoc Dubh isan pharóiste seo), fear chomh deas-bheulach deagh-chainteach agus do gheobhthá i ngoireacht deich míle ar aon taobh de'n áit i gcomh- nuigheann sé. Do bhí gach aon fhocal mar atá sgríobhtha gan athrughadh de mheabhair chinn ghlain aige, gidh go bhfuil deich mbliadhna fichead ó d'airigh sé féin é ó sgeulaidhe áird-chéimeach do tháthuigheadh an áit seo timcheall na haimsire ainmnighthe. Is iomdha tráthnóna greannmhar grianmhar brothallach do chaitheamar ar feadh an tsamh- raidh do ghabh tharainn, le cois an chlaidhe, dá sgríobhadh; agus fá mar do sgríobhmaois pas i gcomhnuidhe, do stadamaois annsain ar feadh tamaill eile ag trácht ar laochraidh agus ar ghaisgidheachaibh ársa na hÉireann. Má fhaghann aon duine de léightheóraibh an Irisleabhair a leath-oiread grinn ag léigheadh an sgéil agus fuaras-sa dá sgríobhadh, beidh mé lán-tsásta lem' thrioblóid, agus má 's dóigh leat gur fiú é sgeul eile d'á shaghas d'fhagháil, gheobhad é ó'n bhfear gceudna, agus cuirfead chugat é agus míle fáilte. Do sheirbhíseach umhal. Seaghán Ó Cadhla, Oide Sgoile. Cuilinn, Sráid a'Mhuilinn. [Do rinneadh athrughadh ar chorr-fhocal de'n sgeul so, le linn a ullmhuighthe i gcomhair an
chlódóra, chum go dtuigfidhe go coitcheannta é. Níor mhór le rádh aon athrughadh dhíobh, agus is é an sgeul ceudna é mar do hinniseadh agus mar do cuireadh síos ar dtús é. — Fear Eagair I. na G.]
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services