Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sgeul Fiannaidheachta.

Title
Sgeul Fiannaidheachta.
Author(s)
Ó Cadhla, Seaghán,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

SGEUL FIANNAIDHEACHTA.



A dhuine uasail, — Fuaras an sgeul mar
leanas ó Thadhg Ó Conchobhair (i gCnoc Dubh
isan pharóiste seo), fear chomh deas-bheulach
deagh-chainteach agus do gheobhthá i ngoireacht
deich míle ar aon taobh de'n áit i gcomh-
nuigheann sé. Do bhí gach aon fhocal mar
atá sgríobhtha gan athrughadh de mheabhair
chinn ghlain aige, gidh go bhfuil deich mbliadhna
fichead ó d'airigh sé féin é ó sgeulaidhe
áird-chéimeach do tháthuigheadh an áit seo
timcheall na haimsire ainmnighthe.



Is iomdha tráthnóna greannmhar grianmhar
brothallach do chaitheamar ar feadh an tsamh-
raidh do ghabh tharainn, le cois an chlaidhe, dá
sgríobhadh; agus fá mar do sgríobhmaois pas
i gcomhnuidhe, do stadamaois annsain ar
feadh tamaill eile ag trácht ar laochraidh
agus ar ghaisgidheachaibh ársa na hÉireann.



Má fhaghann aon duine de léightheóraibh an
Irisleabhair a leath-oiread grinn ag léigheadh
an sgéil agus fuaras-sa dá sgríobhadh, beidh mé
lán-tsásta lem' thrioblóid, agus má 's dóigh
leat gur fiú é sgeul eile d'á shaghas
d'fhagháil, gheobhad é ó'n bhfear gceudna, agus
cuirfead chugat é agus míle fáilte. Do
sheirbhíseach umhal.



Seaghán Ó Cadhla,
Oide Sgoile.
Cuilinn,
Sráid a'Mhuilinn.



[Do rinneadh athrughadh ar chorr-fhocal de'n
sgeul so, le linn a ullmhuighthe i gcomhair an


L. 152


chlódóra, chum go dtuigfidhe go coitcheannta
é. Níor mhór le rádh aon athrughadh dhíobh, agus
is é an sgeul ceudna é mar do hinniseadh agus
mar do cuireadh síos ar dtús é. — Fear
Eagair I. na G.]



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services