Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Séadna. (Ar leanamhaint.)
Title
Séadna. (Ar leanamhaint.)
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Séadna. (Ar leanamhaint.) Peg. Fan leat go fóil, a Ghobnuit. “Tá sé ar naisg aici,” ars' an sagart, “agus is mór an truagh é. Acht cad tá le déanamh againn?” “Cad a bheidheadh le déanamh againn,” arsa Seaghán, “acht an gheallamhaint do chur i leath-taobh? Ní'l sé ceangailte ar Shéadna an gheallamhaint do sheasamh. Ní bheidheadh se ceangailte ar aon fhear beó bheidheadh 'na chás. Is geallamhaint gan éifeacht í.” “Tá sain uile fíor go leór,” ars' an sagart, “acht cionnus curfar i leath-taobh í? Sin í an cheisd. Caidé an chéad aitheasg atá le déanamh againn?” “Is é céad aitheasg do dhéanfainn-se, a athair,” arsa Seaghán, “dul soir go tigh Dhiarmud' Léith, agus an ceann do bhaint de'n sgéal láithreach dó féin agus do Shaidhbh, agus a innsint dóibh bheith ag brath air go bhféadfaidís í chur i bhfeidhm ar an nduine.” “Má dheinir mar sin,” ars' an sagart, “ceapaim gurab é céad aitheasg a dhéan- faidh Sadhbh, a fhiafraighe dhíot go tur agus go teann, cia dubhairt leat teacht chum cainte léi, nó an n-é Séadna do chuir chúichi thu
leis an dteachdaireacht sain, agus má 's é, gurab é a comhairle féin duit imtheacht a-bhaile agus aire thabhairt dod' ghnó féin, agus a leigint do Shéadna an cleas céadna do dhéanamh.” “Má's eadh, a athair,” ars' eisean, “cad déarfá lem'dhul chum caint le Séadna féin ar dtúis?” “Agus cad déarfá leis?” ars' an sagart. “Déarfainn leis,” ars' eisean, “gur mór an truagh dhó a shaoghal do sgaoileadh uaidh ag seasamh geallamhna gan bhrígh, agus gan ceangal air i láthair Dé an ghealla- mhaint do choimhlíonadh.” “Ní fhéadfainn aon tuairim do thabhairt,” ars' an sagart, “fá'n bhfreagra do gheabhthá uaidh. Is duine ro-dhoimhin ro-dhorcha é. Dhá ghéire thabharfá tuairim fá'n gcaint a bheidheadh le teacht uaidh, nuair thiocfadh an chaint, bheidheadh sí seacht míle ó n'dtuairim. Acht do gheallfainn duit go ndéarfadh sé rud éigin ná beidheadh coinne agat leis agus bhainfeadh ded'bhonnaibh thu.” “Ní fheadar 'n tsaoghal, a athair,” arsa Seaghán, “cad is maith dhom do dhéanamh.” “Ar innis Máire dhuit,” ars' an sagart, “cad dubhairt Séadna léi, an lá bhí sé thiar?” “Níor innis, a athair,” ars' eisean, “agus níor fhiafruigheas di é.” “B'fhéidir,” ars' an sagart, “dá mbeidheadh a fhios agat cad dubhairt sé léi an lá sain, go dtabharfadh sain oiread eólais ar a aigneadh dhuit agus chuirfeadh ar an mbóthar gceart thu sul a raghfá chum cainte leis.” “Tá go maith, a athair,” ars' eisean. “Fiafróchad anois di é, nuair raghad a- bhaile, ar a shon nach maith liom trácht i n-aon chor léi air, le heagla go gcuirfeadh sé aon bhuadhairt uirthi, agus go bhfillfeadh an lionn-dubh úd arís uirthi.” “Ní'l agat,” ars' an sagart, “acht an sgéal do tharrang anuas chomh réidh chomh neamhthoiseach agus is féidir é.” D'imthigh sé a-bhaile, agus nuair fuair sé an chaoi, do tharraing sé anuas an sgéal. “Ní'l aon tseó, a Mháire,” ars' eisean, “acht a bhfuil de mhaitheas ag Séadna d'á dhéanamh ar fuaid na dúithche. Ní fheadar 'n tsaoghal cionnus sheasuigheann airgead dó. Is e mo thuairim ná fuil, nó gur beag má tá, aon duine bocht sa' pharóisde anois ná fuil roinnt d'á chuid aige.” “Ní'l, a athair,” ars' ise, “ná dá ndéarfá ins na seacht bparóisdíbh is goire dhi. Bíonn iongnadh mo chroidhe orm féin leis, nuair airighim na daoine ag caint, cionnus ná fuil sé briste fad' ó. Ní 'na sgillingíbh ná 'na phuntaibh atá an t-airgead ag imtheacht uaidh, acht i n-a fhichdibh agus 'na chéadaibh punt.” “Is minic bhím d'á chuimhneamh,” ars' eisean, gur mór go léir an t-iongnadh, é bheith d'á sgaoileadh uaidh ar an gcuma sain. Dar ndóigh d'fhéadfadh duine tairbhe do dhéanamh agus deirc do dhéanamh agus carthan- acht do dhéanamh, agus gan an éagcóir sin do dhéanamh air féin. Is é rud adeir a lán 'ná gurab ar éadtromacht atá sé.” “Ar éadtromacht!” ars' ise. “Is deacair dul uatha. Dá mbeidheadh sé 'na spriúnlóir neamh-mhaitheach, do gheabhaidís locht air. Déarfaidís go raibh sé ag déanamh an airgid le sainnt agus le cruadháil. Anois, 'nuair nach féidir sainnt ná spriún- luightheacht do chur 'na leith, ní fuláir a rádh gur ar éadtromacht atá sé. Is maith an bhail air gur ró-bheag é a shuim 'na gcaint. 'Pé cúis atá aige le bheith ag déanamh na maitheasa, is dócha go bhfuil fios a aignidh féin aige.” “Tá daoine adéarfadh gur buadhairt aignidh atá ag imirt air,” ars' eisean, “buadhairt mhór éigin, — gur chuir sé ceangal nó geallamhaint nó rud éigin de'n tsórd sain air féin, ceangal éigin
nár thuig sé i gceart i n-am. Annsain nuair thuig sé é féin agus fuair cad do bhí déanta aige, i n-ionad aon iarracht do thabhairt ar é féin d'fhuasgailt, gurab amhlaidh do chuaidh sé i n-éadóchas ar fad.” D'éist Máire. Níor leig sí aon rud uirthi. Bhí iongnadh a croidhe uirthi, “Ní héidir,” ars' ise 'na haigneadh, “gurab amhlaidh do sgéith an bhaintreach!” “Badh chóir,” ars' eisean, “dá mbeidheadh aon rud de'n tsórd sain ar a aigneadh, go 'neósadh sé dhuit-se é an lá úd, i dtaobh a's gur ró-bheag an uain a thug sé dhó féin ar phuinn d'innsint duit.” “Andaigh féin, badh chóir sin,” ars' ise go neamhthoiseach. “Is dócha,” ars' ise, “dá mbeidheadh rud d'á shórd ag déanamh buadhartha dhó, go dtabharfadh sé uain dó féin ar é dh'innsint.” “Seo,” ars' ise. “Cuir umat anois é, go bhfeicead an mbeidh sé ad ghortughadh.” Síle. Am briathar féin gur mhaith an bhail uirthi nár leig sí amach é. Ní bheidheadh an meas céadna go bráth arís agam uirthi, an dá lá 's an fhaid do mhairfeadh sí, feuch! An rógaire! nach áiseach a bhí an stoca aici. A dhe mhaise, a Mháire, níor theip riamh ort! Gob. Cad do dhein Seaghán annsain, a Pheg? Peg. Chomh luath agus bhí caoi aige air, do bhuail sé soir chum tighe an tsagairt. “'Seadh, a athair,” ars' eisean, “táim níos daille anois ar an sgéal 'ná bhíos riamh.” “Cionnus é sin?” ars' an sagart. “Pé rud adubhairt sé le Máire an lá bhí sé thiar, níor thrácht sé léi ar cheangal ná ar gheallamhaint phósta.” Ar éigin do bhí an focal as a bhéal, nuair d'airigheadar coiscéim ag déanamh ar an ndoras. Do bhuail chúcha isteach - Diarmuid Liath féin! “Dé bheatha-sa, a Dhiarmuid!” ars' an sagart. “Go mairir, a athair!” arsa Diarmuid. “Cionnus táir, a Sheagháin?” “Go maith, slán a bheir!” arsa Seaghán. Rinneadar rainnt chainte, caint ná raibh puinn suime ag aon-ne' acu innti. Fá dheireadh dubhairt Diarmuid, “dá mb' é do thoil é, a athair,” ars' eisean, “d'oir- feadh dom beagán cainte do dhéanamh leat.” “Ar mhisde leat-sa fanamhaint annso tamaillín, a Sheagháin?” ars' an sagart. “Tá go maith, a athair,” arsa Seaghán. “Ná bacaidh mise.” D'imthigheadar isteach i seomra eile. D'imthigh tamaillín, agus d'imthigh tamall mór 'na dhiaidh. Fá dheireadh d'imthigh Diarmuid agus d'fhill an sagart. Is é bhí ag feuchaint go greannmhar. “'Seadh, a Sheagháin,” ars' eisean. “Tá do cheisd-se réidhtighthe, 'pé i nÉirinn é.” “Cionnus é sin, a athair?” ars' eisean. “Tá Sadhbh le pósadh,” ars' an sagart. “Mo ghradhain mo shúil!” arsa Seaghán. “Nach maith a bhí a fhios agam go raibh an greim dúid aici air, agus na sgarfadh sí leis?” “Ní le Séadna atá sí le pósadh,” ars' an sagart. Do stad Seaghán agus do leath a shúile air. “Ní le Séadna é, an n-eadh?” ars' eisean. “Ní leis,” ars' an sagart. “Ní féidir
liom a dhéanamh amach cia hé féin. Deir Diarmuid gur duine uasal é agus gur aníos ó i n-aice Bhaile Átha Cliath i mball éigin é, agus nach beag de sheó a bhfuil d'ór agus d'airgead agus de shaibhreas aige. Deir sé gur i mBaile Átha Cliath do pósfar iad. Ní'l uaidh acht cead d'fhagháil uaim-se go bpósfadh an sagart thíos iad. Bronnaim air iad go fonnmhar, geallaim dhuit é. Ní misde liom gan aon lámh do bheith agam sa' ghnó. Tá eagla orm gurab olc an gnó é. D'iarras air an sgéal do chur ar gcúlaibh go ceann roinnt laetheanta go mbeidheadh uain agam ar thuairisg na háite thíos do chur, agus ar a dhéanamh amach cia hé an duine uasal mór so go bhfuil an saidhbhreas go léir aige, agus caidé an chúis ná féadfadh sé bean d'fhagháil thíos 'na dhúthaigh féin agus gan teacht chomh fada ó bhaile ar lorg mná. Ní thaitneann an sgéal ro-mhaith leis an nduine mbocht féin, acht deir sé go bhfuil an gnó go léir socair ag Saidhbh agus ag an nduine uasal.” “Ar iompáil na n-each thig atharrach na sgéal,” arsa Seaghan. “Ní raibh de choinne agam leis an méid sin acht oiread agus bhí agam go dtuitfeadh an spéir uachdarach. 'Pé deireadh bheidh ar an ngnó so, tá deireadh le caint Shaidhbh' i dtaobh aon éilimh do bheith aici ar Shéadna. 'Pé acu bhí greim geal- leamhna aici air, nó ná raibh, go dtí so, ní féidir di a leigint uirthi níos mó go bhfuil ná go raibh riamh. Is olc an ghaoth ná séideann do dhuine éigin.” “Ná codail ar an gcluais sin, a Sheagháin,” ars' an sagart. “Ní'l aithne cheart agat ar Shaidhbh. Is í bean is dána d'ár bhuail riamh umam í. Ní chuirfeadh sé blúire iongnaidh orm, dá mbadh rud é go dteipfeadh an gnó so uirthi, dá ráineó- chadh go bhfágfadh an duine uasal so Baile Átha Cliath ar an mbóthar aici, í theacht os comhair na dúithche arís chomh dána agus bhí sí riamh, d'á chur 'na luighe orainn go léir go raibh 'fhiachaibh ar Shéadna í phósadh.” “Agus cé chreidfeadh í, a athair?” arsa Seaghán. “Is dócha,” ars' an sagart, “aon-ne' 'fhéachfadh isteach sa' sgéal, ná creidfeadh sé í, acht is gnáth le daoinibh sgéal de'n tsaghas sain do ghlacadh gan feuchaint chuige puinn. Níor ghéilleas féin riamh do ráidhtibh aon-ne', gur thug sé geallamhaint di, go dtí gur chuiris-se 'na luighe orm é, an lá déidheanach úd do bhíomar ag trácht air. Agus táim deimhnightheach anois go raibh dearmhad ort. Táim lán-deimhnigh- theach, 'pé rud atá ag teacht idir Shéadna agus pósadh d'inghine-se, ná baineann sé le Saidhbh agus ná baineann Sadhbh leis, olc maith ná donaidhe.” “Tá súil agam,” arsa Seaghán, “go bpósfaidh an duine uasal so í, 'pé hé féin. Níor mhór liom dó í. Dá mbeidheadh sí árduighthe leis go Baile Átha Cliath aige, badh mhór an suaimhneas ar an ndúthaigh é.” “Tá eagla orm, a Sheagháin,” ars' an sagart, “nach mar mhaithe leis an nduine uasal bocht adeirir-se an méid sin.” “Dála an chait, a athair,” arsa Seaghán. “Mar mhaithe leis féin a dheineann an cat crónán.” “Acht 'na thaobh sain agus uile,” ars' an sagart, “ní fios cia acu de'n bheirt, Sadhbh nó an duine uasal, is mó bheidh beartha ná caillte leis an bpósadh, má théidheann sé chum cinn. Má's duine uasal foghanta é, is fada nár tháinig ó Bhaile Átha Cliath aon amadán chomh críochnuighthe leis. Sin é an cailín a thabharfaidh fios aitheanta a chreidimh dó, sul a mbeidh sé i bhfad pósta aici. Má 's feallaire é, ní maithfear puinn dó. Má cheapann sé i n' aigneadh go dtiocfaidh leis smacht do chur ar Shaidhbh, tá an dearmhad ar an bhfear mbocht is mó bhí riamh air. Níor cuireadh smachd ar Shaidhbh i n-am. Do cailleadh a máthair sul a raibh sí bliadhain iomlán.
Thug Diarmuid a shlighe féin di, go dtí go raibh sé ro-dhéidheanach, go dtí go raibh sí imthighthe ó smachd.” “Ní dóigh liom gur cúrsaidhe smachd é, a athair,” arsa Seaghán. “Do cailleadh Aoibhlín orm-sa, agus gan Máire bheag acht dá bhliadhain. Níor chuireas aon smachd riamh ar an leanbh sain. Tugadh a slighe dhi, má tugadh d'aon ne' é. Oiread agus labhairt árd léi níor deineadh é, ní áirmhighim focal feargach do labhairt léi, ná buille do bhualadh uirthi. Agus féach cionnus mar atá an sgéal againn. Chomh siúráilte agus táir id'shuidhe annsain, is túisge chuimhni- gheann sí ar an rud a bhíonn uaim 'na chuimhnighim féin air.” “Gan amhras, a Sheagháin,” ars' an sagart, “bíonn grástamhlacht i ndaoinibh seachas a chéile, agus bíonn an braon foghanta i ndaoinibh seachas a chéile, agus an droch-bhraon. Acht mar sin féin, chomh fada agus théidheann an choitcheanntacht, is fíor é an sean-fhocal agus ní sáróchar é, — Ní bhíonn an rath acht mar a mbíonn an smacht.” Thiomáineadar leó ar an gcuma sain ag caint agus ag cur tré chéile, Seaghán Ciotach go sásda i n'aigneadh agus go ro- bhuidheach de'n duine uasal a tháinig chomh fada fá dhéin Shaidhbh, agus an sagart go neamh- shásda i n'aigneadh le heagla nach aon chríoch fhoghanta do bhéarsadh gnó Shaidhbh agus an duine uasail iasachta. (leanfar de seo.)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services