Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Séadna. (Ar leanamhaint.)

Title
Séadna. (Ar leanamhaint.)
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 145


Séadna.



(Ar leanamhaint.)



Peg. Fan leat go fóil, a Ghobnuit. “Tá
sé ar naisg aici,” ars' an sagart, “agus is
mór an truagh é. Acht cad tá le déanamh
againn?”



“Cad a bheidheadh le déanamh againn,”
arsa Seaghán, “acht an gheallamhaint do
chur i leath-taobh? Ní'l sé ceangailte
ar Shéadna an gheallamhaint do sheasamh.
Ní bheidheadh se ceangailte ar aon fhear beó
bheidheadh 'na chás. Is geallamhaint gan
éifeacht í.”



“Tá sain uile fíor go leór,” ars' an
sagart, “acht cionnus curfar i leath-taobh
í? Sin í an cheisd. Caidé an chéad
aitheasg atá le déanamh againn?”



“Is é céad aitheasg do dhéanfainn-se,
a athair,” arsa Seaghán, “dul soir go tigh
Dhiarmud' Léith, agus an ceann do bhaint de'n
sgéal láithreach dó féin agus do Shaidhbh, agus a
innsint dóibh bheith ag brath air go
bhféadfaidís í chur i bhfeidhm ar an
nduine.”



“Má dheinir mar sin,” ars' an sagart,
“ceapaim gurab é céad aitheasg a dhéan-
faidh Sadhbh, a fhiafraighe dhíot go tur agus go
teann, cia dubhairt leat teacht chum cainte
léi, nó an n-é Séadna do chuir chúichi thu


L. 146


leis an dteachdaireacht sain, agus má 's é,
gurab é a comhairle féin duit imtheacht
a-bhaile agus aire thabhairt dod' ghnó féin, agus a
leigint do Shéadna an cleas céadna do
dhéanamh.”



“Má's eadh, a athair,” ars' eisean, “cad
déarfá lem'dhul chum caint le Séadna
féin ar dtúis?”



“Agus cad déarfá leis?” ars' an
sagart.



“Déarfainn leis,” ars' eisean, “gur
mór an truagh dhó a shaoghal do sgaoileadh
uaidh ag seasamh geallamhna gan bhrígh, agus
gan ceangal air i láthair Dé an ghealla-
mhaint do choimhlíonadh.”



“Ní fhéadfainn aon tuairim do thabhairt,”
ars' an sagart, “fá'n bhfreagra do gheabhthá
uaidh. Is duine ro-dhoimhin ro-dhorcha é.



Dhá ghéire thabharfá tuairim fá'n gcaint a
bheidheadh le teacht uaidh, nuair thiocfadh an
chaint, bheidheadh sí seacht míle ó n'dtuairim.
Acht do gheallfainn duit go ndéarfadh sé
rud éigin ná beidheadh coinne agat leis agus
bhainfeadh ded'bhonnaibh thu.”



“Ní fheadar 'n tsaoghal, a athair,” arsa
Seaghán, “cad is maith dhom do dhéanamh.”



“Ar innis Máire dhuit,” ars' an sagart,
“cad dubhairt Séadna léi, an lá bhí sé
thiar?”



“Níor innis, a athair,” ars' eisean, “agus
níor fhiafruigheas di é.”



“B'fhéidir,” ars' an sagart, “dá
mbeidheadh a fhios agat cad dubhairt sé léi
an lá sain, go dtabharfadh sain oiread
eólais ar a aigneadh dhuit agus chuirfeadh ar
an mbóthar gceart thu sul a raghfá chum
cainte leis.”



“Tá go maith, a athair,” ars' eisean.
“Fiafróchad anois di é, nuair raghad a-
bhaile, ar a shon nach maith liom trácht i
n-aon chor léi air, le heagla go gcuirfeadh
sé aon bhuadhairt uirthi, agus go bhfillfeadh an
lionn-dubh úd arís uirthi.”



“Ní'l agat,” ars' an sagart, “acht an
sgéal do tharrang anuas chomh réidh chomh
neamhthoiseach agus is féidir é.”



D'imthigh sé a-bhaile, agus nuair fuair sé an
chaoi, do tharraing sé anuas an sgéal.
“Ní'l aon tseó, a Mháire,” ars' eisean,
“acht a bhfuil de mhaitheas ag Séadna d'á
dhéanamh ar fuaid na dúithche. Ní fheadar
'n tsaoghal cionnus sheasuigheann airgead
dó. Is e mo thuairim ná fuil, nó gur beag
má tá, aon duine bocht sa' pharóisde anois
ná fuil roinnt d'á chuid aige.”



“Ní'l, a athair,” ars' ise, “ná dá
ndéarfá ins na seacht bparóisdíbh is goire
dhi. Bíonn iongnadh mo chroidhe orm féin
leis, nuair airighim na daoine ag caint,
cionnus ná fuil sé briste fad' ó. Ní 'na
sgillingíbh ná 'na phuntaibh atá an t-airgead
ag imtheacht uaidh, acht i n-a fhichdibh agus 'na
chéadaibh punt.”



“Is minic bhím d'á chuimhneamh,” ars'
eisean, gur mór go léir an t-iongnadh, é
bheith d'á sgaoileadh uaidh ar an gcuma
sain. Dar ndóigh d'fhéadfadh duine tairbhe
do dhéanamh agus deirc do dhéanamh agus carthan-
acht do dhéanamh, agus gan an éagcóir sin do
dhéanamh air féin. Is é rud adeir a lán
'ná gurab ar éadtromacht atá sé.”



“Ar éadtromacht!” ars' ise. “Is
deacair dul uatha. Dá mbeidheadh sé 'na
spriúnlóir neamh-mhaitheach, do gheabhaidís
locht air. Déarfaidís go raibh sé ag
déanamh an airgid le sainnt agus le cruadháil.
Anois, 'nuair nach féidir sainnt ná spriún-
luightheacht do chur 'na leith, ní fuláir a
rádh gur ar éadtromacht atá sé. Is maith
an bhail air gur ró-bheag é a shuim 'na
gcaint. 'Pé cúis atá aige le bheith ag
déanamh na maitheasa, is dócha go bhfuil
fios a aignidh féin aige.”



“Tá daoine adéarfadh gur buadhairt
aignidh atá ag imirt air,” ars' eisean,
“buadhairt mhór éigin, — gur chuir sé
ceangal nó geallamhaint nó rud éigin
de'n tsórd sain air féin, ceangal éigin


L. 147


nár thuig sé i gceart i n-am. Annsain
nuair thuig sé é féin agus fuair cad do bhí
déanta aige, i n-ionad aon iarracht do
thabhairt ar é féin d'fhuasgailt, gurab
amhlaidh do chuaidh sé i n-éadóchas ar fad.”



D'éist Máire. Níor leig sí aon rud
uirthi. Bhí iongnadh a croidhe uirthi, “Ní
héidir,” ars' ise 'na haigneadh, “gurab
amhlaidh do sgéith an bhaintreach!”



“Badh chóir,” ars' eisean, “dá mbeidheadh
aon rud de'n tsórd sain ar a aigneadh, go
'neósadh sé dhuit-se é an lá úd, i dtaobh a's
gur ró-bheag an uain a thug sé dhó féin ar
phuinn d'innsint duit.”



“Andaigh féin, badh chóir sin,” ars' ise
go neamhthoiseach. “Is dócha,” ars' ise,
“dá mbeidheadh rud d'á shórd ag déanamh
buadhartha dhó, go dtabharfadh sé uain dó
féin ar é dh'innsint.”



“Seo,” ars' ise. “Cuir umat anois é, go
bhfeicead an mbeidh sé ad ghortughadh.”



Síle. Am briathar féin gur mhaith an
bhail uirthi nár leig sí amach é. Ní bheidheadh
an meas céadna go bráth arís agam
uirthi, an dá lá 's an fhaid do mhairfeadh
sí, feuch! An rógaire! nach áiseach a bhí
an stoca aici. A dhe mhaise, a Mháire,
níor theip riamh ort!



Gob. Cad do dhein Seaghán annsain, a
Pheg?



Peg. Chomh luath agus bhí caoi aige air, do
bhuail sé soir chum tighe an tsagairt.
“'Seadh, a athair,” ars' eisean, “táim níos
daille anois ar an sgéal 'ná bhíos
riamh.”



“Cionnus é sin?” ars' an sagart.



“Pé rud adubhairt sé le Máire an
lá bhí sé thiar, níor thrácht sé léi ar
cheangal ná ar gheallamhaint phósta.”



Ar éigin do bhí an focal as a bhéal,
nuair d'airigheadar coiscéim ag déanamh
ar an ndoras. Do bhuail chúcha isteach -
Diarmuid Liath féin!



“Dé bheatha-sa, a Dhiarmuid!” ars' an
sagart.



“Go mairir, a athair!” arsa Diarmuid.
“Cionnus táir, a Sheagháin?”



“Go maith, slán a bheir!” arsa Seaghán.



Rinneadar rainnt chainte, caint ná
raibh puinn suime ag aon-ne' acu innti.
Fá dheireadh dubhairt Diarmuid, “dá mb'
é do thoil é, a athair,” ars' eisean, “d'oir-
feadh dom beagán cainte do dhéanamh
leat.”



“Ar mhisde leat-sa fanamhaint annso
tamaillín, a Sheagháin?” ars' an sagart.



“Tá go maith, a athair,” arsa Seaghán.
“Ná bacaidh mise.”



D'imthigheadar isteach i seomra eile.
D'imthigh tamaillín, agus d'imthigh tamall mór
'na dhiaidh. Fá dheireadh d'imthigh Diarmuid
agus d'fhill an sagart. Is é bhí ag feuchaint
go greannmhar.



“'Seadh, a Sheagháin,” ars' eisean. “Tá
do cheisd-se réidhtighthe, 'pé i nÉirinn é.”



“Cionnus é sin, a athair?” ars' eisean.



“Tá Sadhbh le pósadh,” ars' an sagart.



“Mo ghradhain mo shúil!” arsa Seaghán.
“Nach maith a bhí a fhios agam go raibh an
greim dúid aici air, agus na sgarfadh sí
leis?”



“Ní le Séadna atá sí le pósadh,” ars' an
sagart.



Do stad Seaghán agus do leath a shúile air.



“Ní le Séadna é, an n-eadh?” ars'
eisean.



“Ní leis,” ars' an sagart. “Ní féidir


L. 148


liom a dhéanamh amach cia hé féin. Deir
Diarmuid gur duine uasal é agus gur aníos
ó i n-aice Bhaile Átha Cliath i mball éigin
é, agus nach beag de sheó a bhfuil d'ór agus
d'airgead agus de shaibhreas aige. Deir sé
gur i mBaile Átha Cliath do pósfar iad.
Ní'l uaidh acht cead d'fhagháil uaim-se go
bpósfadh an sagart thíos iad. Bronnaim
air iad go fonnmhar, geallaim dhuit é. Ní
misde liom gan aon lámh do bheith agam sa'
ghnó. Tá eagla orm gurab olc an gnó é.
D'iarras air an sgéal do chur ar gcúlaibh
go ceann roinnt laetheanta go mbeidheadh
uain agam ar thuairisg na háite thíos do
chur, agus ar a dhéanamh amach cia hé an duine
uasal mór so go bhfuil an saidhbhreas go
léir aige, agus caidé an chúis ná féadfadh sé
bean d'fhagháil thíos 'na dhúthaigh féin agus gan
teacht chomh fada ó bhaile ar lorg mná.
Ní thaitneann an sgéal ro-mhaith leis an
nduine mbocht féin, acht deir sé go bhfuil
an gnó go léir socair ag Saidhbh agus ag an
nduine uasal.”



“Ar iompáil na n-each thig atharrach na
sgéal,” arsa Seaghan. “Ní raibh de choinne
agam leis an méid sin acht oiread agus bhí agam
go dtuitfeadh an spéir uachdarach. 'Pé
deireadh bheidh ar an ngnó so, tá deireadh le
caint Shaidhbh' i dtaobh aon éilimh do bheith
aici ar Shéadna. 'Pé acu bhí greim geal-
leamhna aici air, nó ná raibh, go dtí so, ní
féidir di a leigint uirthi níos mó go bhfuil
ná go raibh riamh. Is olc an ghaoth ná
séideann do dhuine éigin.”



“Ná codail ar an gcluais sin, a
Sheagháin,” ars' an sagart. “Ní'l aithne
cheart agat ar Shaidhbh. Is í bean is dána
d'ár bhuail riamh umam í. Ní chuirfeadh sé
blúire iongnaidh orm, dá mbadh rud é
go dteipfeadh an gnó so uirthi, dá ráineó-
chadh go bhfágfadh an duine uasal so Baile
Átha Cliath ar an mbóthar aici, í theacht
os comhair na dúithche arís chomh dána agus bhí
sí riamh, d'á chur 'na luighe orainn go léir
go raibh 'fhiachaibh ar Shéadna í phósadh.”



“Agus cé chreidfeadh í, a athair?” arsa
Seaghán.



“Is dócha,” ars' an sagart, “aon-ne'
'fhéachfadh isteach sa' sgéal, ná creidfeadh
sé í, acht is gnáth le daoinibh sgéal de'n
tsaghas sain do ghlacadh gan feuchaint
chuige puinn. Níor ghéilleas féin riamh do
ráidhtibh aon-ne', gur thug sé geallamhaint
di, go dtí gur chuiris-se 'na luighe orm é,
an lá déidheanach úd do bhíomar ag trácht
air. Agus táim deimhnightheach anois go
raibh dearmhad ort. Táim lán-deimhnigh-
theach, 'pé rud atá ag teacht idir Shéadna agus
pósadh d'inghine-se, ná baineann sé le
Saidhbh agus ná baineann Sadhbh leis, olc maith
ná donaidhe.”



“Tá súil agam,” arsa Seaghán, “go
bpósfaidh an duine uasal so í, 'pé hé
féin. Níor mhór liom dó í. Dá mbeidheadh
sí árduighthe leis go Baile Átha Cliath
aige, badh mhór an suaimhneas ar an
ndúthaigh é.”



“Tá eagla orm, a Sheagháin,” ars' an
sagart, “nach mar mhaithe leis an nduine
uasal bocht adeirir-se an méid sin.”



“Dála an chait, a athair,” arsa Seaghán.
“Mar mhaithe leis féin a dheineann an cat
crónán.”



“Acht 'na thaobh sain agus uile,” ars' an
sagart, “ní fios cia acu de'n bheirt,
Sadhbh nó an duine uasal, is mó bheidh
beartha ná caillte leis an bpósadh, má
théidheann sé chum cinn. Má's duine uasal
foghanta é, is fada nár tháinig ó Bhaile
Átha Cliath aon amadán chomh críochnuighthe
leis. Sin é an cailín a thabharfaidh fios
aitheanta a chreidimh dó, sul a mbeidh sé i
bhfad pósta aici. Má 's feallaire é, ní
maithfear puinn dó. Má cheapann sé i n'
aigneadh go dtiocfaidh leis smacht do chur
ar Shaidhbh, tá an dearmhad ar an bhfear
mbocht is mó bhí riamh air. Níor cuireadh
smachd ar Shaidhbh i n-am. Do cailleadh a
máthair sul a raibh sí bliadhain iomlán.


L. 149


Thug Diarmuid a shlighe féin di, go dtí go
raibh sé ro-dhéidheanach, go dtí go raibh sí
imthighthe ó smachd.”



“Ní dóigh liom gur cúrsaidhe smachd é,
a athair,” arsa Seaghán. “Do cailleadh
Aoibhlín orm-sa, agus gan Máire bheag acht dá
bhliadhain. Níor chuireas aon smachd riamh
ar an leanbh sain. Tugadh a slighe dhi, má
tugadh d'aon ne' é. Oiread agus labhairt árd
léi níor deineadh é, ní áirmhighim focal
feargach do labhairt léi, ná buille do
bhualadh uirthi. Agus féach cionnus mar
atá an sgéal againn. Chomh siúráilte agus
táir id'shuidhe annsain, is túisge chuimhni-
gheann sí ar an rud a bhíonn uaim 'na
chuimhnighim féin air.”



“Gan amhras, a Sheagháin,” ars' an
sagart, “bíonn grástamhlacht i ndaoinibh
seachas a chéile, agus bíonn an braon foghanta
i ndaoinibh seachas a chéile, agus an droch-bhraon.
Acht mar sin féin, chomh fada agus théidheann an
choitcheanntacht, is fíor é an sean-fhocal agus
ní sáróchar é, — Ní bhíonn an rath acht mar a
mbíonn an smacht.”



Thiomáineadar leó ar an gcuma sain
ag caint agus ag cur tré chéile, Seaghán
Ciotach go sásda i n'aigneadh agus go ro-
bhuidheach de'n duine uasal a tháinig chomh
fada fá dhéin Shaidhbh, agus an sagart go neamh-
shásda i n'aigneadh le heagla nach aon
chríoch fhoghanta do bhéarsadh gnó Shaidhbh agus
an duine uasail iasachta.



(leanfar de seo.)



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services