Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Greann na Gaedhilge.
Title
Greann na Gaedhilge.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
GREANN NA GAEDHILGE. Atá súil againn, as so amach, go gcuir- fimid ós comhair luchd léighte an Irisleabhair, gach mí má's féidir, giotaidhe gearra geura grinn Gaedhilge, idir phrós agus dán. Is iomdha sgéilín beag grinn d'á innsint ag muintir na Gaedhilge cois teineadh sa' bhaile, nó i n-am a sgíth do leigean dóibh amuigh, sa' cheardchain lá fuachta nó fearthanna, ar fhaithche an tséipéil d'éis Aifrinn Domhnaigh, nó cibé áit eile i n-a mbíd siad cruinnighthe chum cainte. Agus dár ndóigh, ní géire agus ní geur-chúisighe uraghaill aon chinidh eile ar dhruim an domhain, agus ní glioca aon dream dá maireann 'ná an mhuintir so na Gaedhilge ag gríosadh a chéile chum gáire gan mhailís gan urchóid. Is iomdha duine, dar linn, de lucht léighte an Irisleabhair, ag a bhfuil sé ar a chumas a shamhail so de sgéilíníbh do bhailiughadh agus
do sgríobhadh, cuid ó mheabhair, cuid ó theangmháil an lae, cuid ó sholáthar daoine eile i leabhraibh agus i sgríbheannaibh. Dá gcuireadh gach duine a chion féin chugainn, ní hairgead do gheabhadh sé d'á bharr, acht buidheachas luchd cosanta na Gaedhilge i gceithre hárdaibh an domhain. Tig an sean-fhocal leis so, “an rud is giorra is géire.” Budh mhaith an tomhas é ar an méid cainte budh chóir do bheith in gach sgéilín, oiread agus thuillfeadh ar leathtaoibh chárta phosta; acht gan sgeul maith do chosg, mar gheall ar a bheith rud beag ní budh mhó 'ná sin. Níor mhisde do dhuine gluais nó míniughadh beag éigin do chur ar aon-nídh do bheidheadh ag foghlaim Gaedhilge. A ainm féin, nó ainm bréige, má's rogha leis féin an nídh nach rogha linne, do chur do'n sgríbhneóir fá bhun gach sgéilín. An ríogh-sgoláire sin, Seosamh Laoide, do chuir chugainn na sgéilíní so thíos mar thionnsgnamh ar a gcuirimid rómhainn, ar n-a gcur síos dó ó bheul-aithris daoine éigin i dtuaisceart na hÉireann. AN CONNACHTACH AGUS AN MUILEANN GAOITHE. (Is minic muintir gach cúigidh ag magadh fá mhuintir na gcúigeadh eile, agus gach condae ag magadh fá chéile ar an nós ceudna. An Laighneach atá ag maghadh fá 'n gConnachtach de'n chor so.) Bhí Connachtach lá ag baint choirce i bpáirc i bhfogus do Bhaile an Gháire, go bhfaca sé uaidh an muileann gaoithe. Shaoil sé gur crois ár Slánaightheóra bhí ann. “Fan annsin,” ars' eisean, “go dtabhra mé póg dhó.” Chuaidh an roithleán thart, agus gheárr an puisín dó. “Ní crois ar Slánaightheóra seo,” ars' é, acht crann tochairdte an Diabhail!” OIDHCHE NA SEACHT SION. Bhí girseach aon uair amháin agus bhí leas- mháthair aici agus is cosmhail nach raibh sí go ró-mhaith léithi. A hathair do chuir amach í. “Gabh amach, a inghean, agus féach goidé an seórt oidhche atá ann.” Seo an freagra thug sí chuige: “Oidhche cheódhach, reódhach, réaltógach, ag fearthainn, ag cur sneachta, agus ag á shíobadh, agus ag sioc!” “Is mór an t-iongantas sin ort, a inghean!” “Ní mó an t-iongantas sin 'ná an bhó riabhach bheith uile 'na cruadh-ae.” Seo cuma eile ar an sgeul sin: Bhí fear aon uair amháin, agus d'iarr sé ar a mhac dul amach agus amharc goidé an seórt oidhche bhí ann. Tháinig an gasúr isteach. “A athair,” air' eisean, “tá oidhche cheódhach ann, reódhach, réaltógach, ag cur shneachta, ag fearthainn, 's ag sioc.” “Ní féidir sin do bheith mar sin,” ars' an t-athair. “Nach raibh sé comh hiongantach ceudna,” ars' an mac, “an bhológ mhór do mharbh tusa, nach raibh ann acht croidhe agus cruadh-ae uile?” “Goidé an sgeul dó sin?” ars' an t- athair. “Sin a bhfuair mise dhe,” ars' an gasúr. LEAC LE LIGHE. Seo sgeul eile ar leas-mháthair. Ughdar Greugach thug “leas-mháthair na long” ar chuan gharbh éigin. Ní fearr an cháil atá ag Gaedhealaibh ar na leas-mháithreachaibh. Gasúr do bhí aon uair amháin ann, agus bhí leas-mháthair air. Gheibheadh sí leac cloiche, agus cuireadh sí taos ar gach aon taoibh di, agus thriomuigheadh sí leis an teinidh í. Tháinig an t-athair isteach aon tráthnóna
amháin. “A ghasúir,” ars' é, “Is dearg na pluca atá órt.” “Teine mhaith mhóna, a athair,” ars' eisean. “Truagh nach bhfuil mo chosa nighte, agus mo leac lighte, agus mé im' luighe!” “Goidé an sgeul dó sin?” ars' an t-athair. “Sin a bhfaghaim-se gach aon oidhche, an chloch le lighe.” Dubhairt a athair leis go bhfuigheadh sé a sháith feasda, agus fuair sé a sháith ó shoin amach.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services