Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Greann na Gaedhilge.

Title
Greann na Gaedhilge.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

GREANN NA GAEDHILGE.



Atá súil againn, as so amach, go gcuir-
fimid ós comhair luchd léighte an Irisleabhair,
gach mí má's féidir, giotaidhe gearra geura
grinn Gaedhilge, idir phrós agus dán. Is iomdha
sgéilín beag grinn d'á innsint ag muintir
na Gaedhilge cois teineadh sa' bhaile, nó i
n-am a sgíth do leigean dóibh amuigh, sa'
cheardchain lá fuachta nó fearthanna, ar
fhaithche an tséipéil d'éis Aifrinn Domhnaigh,
nó cibé áit eile i n-a mbíd siad cruinnighthe
chum cainte. Agus dár ndóigh, ní géire agus
ní geur-chúisighe uraghaill aon chinidh eile ar
dhruim an domhain, agus ní glioca aon dream
dá maireann 'ná an mhuintir so na Gaedhilge
ag gríosadh a chéile chum gáire gan mhailís
gan urchóid.



Is iomdha duine, dar linn, de lucht léighte
an Irisleabhair, ag a bhfuil sé ar a chumas
a shamhail so de sgéilíníbh do bhailiughadh agus


L. 140


do sgríobhadh, cuid ó mheabhair, cuid ó
theangmháil an lae, cuid ó sholáthar daoine
eile i leabhraibh agus i sgríbheannaibh. Dá
gcuireadh gach duine a chion féin chugainn, ní
hairgead do gheabhadh sé d'á bharr, acht
buidheachas luchd cosanta na Gaedhilge i
gceithre hárdaibh an domhain.



Tig an sean-fhocal leis so, “an rud is
giorra is géire.” Budh mhaith an tomhas é
ar an méid cainte budh chóir do bheith in gach
sgéilín, oiread agus thuillfeadh ar leathtaoibh
chárta phosta; acht gan sgeul maith do chosg,
mar gheall ar a bheith rud beag ní budh mhó
'ná sin. Níor mhisde do dhuine gluais nó
míniughadh beag éigin do chur ar aon-nídh do
bheidheadh ag foghlaim Gaedhilge. A ainm
féin, nó ainm bréige, má's rogha leis féin
an nídh nach rogha linne, do chur do'n
sgríbhneóir fá bhun gach sgéilín.



An ríogh-sgoláire sin, Seosamh Laoide, do
chuir chugainn na sgéilíní so thíos mar
thionnsgnamh ar a gcuirimid rómhainn, ar
n-a gcur síos dó ó bheul-aithris daoine éigin
i dtuaisceart na hÉireann.



AN CONNACHTACH AGUS AN MUILEANN
GAOITHE.



(Is minic muintir gach cúigidh ag magadh
fá mhuintir na gcúigeadh eile, agus gach condae
ag magadh fá chéile ar an nós ceudna. An
Laighneach atá ag maghadh fá 'n gConnachtach
de'n chor so.)



Bhí Connachtach lá ag baint choirce i bpáirc
i bhfogus do Bhaile an Gháire, go bhfaca sé
uaidh an muileann gaoithe. Shaoil sé gur
crois ár Slánaightheóra bhí ann. “Fan
annsin,” ars' eisean, “go dtabhra mé póg
dhó.” Chuaidh an roithleán thart, agus gheárr an
puisín dó. “Ní crois ar Slánaightheóra
seo,” ars' é, acht crann tochairdte an
Diabhail!”



OIDHCHE NA SEACHT SION.



Bhí girseach aon uair amháin agus bhí leas-
mháthair aici agus is cosmhail nach raibh sí go
ró-mhaith léithi. A hathair do chuir amach í.
“Gabh amach, a inghean, agus féach goidé an
seórt oidhche atá ann.”



Seo an freagra thug sí chuige:



“Oidhche cheódhach, reódhach, réaltógach, ag
fearthainn, ag cur sneachta, agus ag á shíobadh,
agus ag sioc!”



“Is mór an t-iongantas sin ort, a
inghean!”



“Ní mó an t-iongantas sin 'ná an bhó
riabhach bheith uile 'na cruadh-ae.”



Seo cuma eile ar an sgeul sin:



Bhí fear aon uair amháin, agus d'iarr sé ar a
mhac dul amach agus amharc goidé an seórt
oidhche bhí ann. Tháinig an gasúr isteach.
“A athair,” air' eisean, “tá oidhche cheódhach
ann, reódhach, réaltógach, ag cur shneachta, ag
fearthainn, 's ag sioc.”



“Ní féidir sin do bheith mar sin,” ars' an
t-athair.



“Nach raibh sé comh hiongantach ceudna,”
ars' an mac, “an bhológ mhór do mharbh tusa,
nach raibh ann acht croidhe agus cruadh-ae uile?”



“Goidé an sgeul dó sin?” ars' an t-
athair.



“Sin a bhfuair mise dhe,” ars' an gasúr.



LEAC LE LIGHE.



Seo sgeul eile ar leas-mháthair. Ughdar
Greugach thug “leas-mháthair na long” ar
chuan gharbh éigin. Ní fearr an cháil atá ag
Gaedhealaibh ar na leas-mháithreachaibh.



Gasúr do bhí aon uair amháin ann, agus bhí
leas-mháthair air. Gheibheadh sí leac cloiche,
agus cuireadh sí taos ar gach aon taoibh di, agus
thriomuigheadh sí leis an teinidh í.



Tháinig an t-athair isteach aon tráthnóna


L. 141


amháin. “A ghasúir,” ars' é, “Is dearg na
pluca atá órt.”



“Teine mhaith mhóna, a athair,” ars' eisean.
“Truagh nach bhfuil mo chosa nighte, agus mo
leac lighte, agus mé im' luighe!”



“Goidé an sgeul dó sin?” ars' an
t-athair.



“Sin a bhfaghaim-se gach aon oidhche, an
chloch le lighe.”



Dubhairt a athair leis go bhfuigheadh sé a
sháith feasda, agus fuair sé a sháith ó shoin amach.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services