Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ceisteanna.
Title
Ceisteanna.
Author(s)
Laoide, Seosamh,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CEISTEANNA. Fuarthas i mBaile an Fhirtéirigh i gCiar- raidhe Luachra. Fear sgríobhtha na bhfocal so do chuir síos tá timchioll is dá bhliadhain ó shoin ann. Is é fáth gur chuir sé síos iad, do bhrígh go dtabhradh fá ndeara go mbíthí ag tabhairt faillighe i gceisteannaibh no tomh- sannaibh na Mumhan agus a lán de thom- sannaibh Connacht fá lán tsúl de chló fá'n taca sain d'aimsir. Is fíor, faraor, gur fada fuar an fhaillighe i n-ar léig sé féin ó shoin iad. Cuiridh sé i n-umhail anois a bhrónaighe atá sé fá a ndeárnaidh, no fá nach ndeárnaidh, is amhlaidh is cirte a rádh. Dar go dearbhtha, is mór an maoithneachas agus an méala atá air faoi sin, agus gabhaidh sé párdún go humhal ag Micheál Ua Mainín agus ag Uilliam Ua Lubhaing agus go mór-mhór ag “Seagháinín”, .i. Seaghán Ua Mainín, agus gurab uaidh-sean fuair sé gach a bhfuil orra, nach mór. Is breágh blasda bríoghmhar an Gaedhilgeoir é sin, agus i dtús a shaoghail dó fós. caithfidhear a rádh 'na thaobh, agus is mithid é, gurab aige-sean do bhí ar eolus furmhór na seanráidhte sár-chasda úd atá fá chló ins an Irisleabhar le seal fada.
1. Fear ag siubhal na trágha agus bothán ar a dhrom aige. F. Mingeán nó (miongán). 2. Saighdiúr 'sa gháirdín agus cáibín gorm air. F. Ruibe lín. 3. Oileáinín lán de chosaibh mionánaidhe. F. Cárdaidhe. 4. Láir bhán 'sa gháirdín; Siorrach innti; siorrach aisdi; Siorrach dá h-ól, Agus í fa eachmairt. F. Cruiceog bheach. 5. Ceithre muca firionna bána, Ag féachaint siar ar Hallaidhibh Uí Dhála; D'íosaidís a dtiocfaidh 's a dtáinig, Agus ní chacfaidís oiread an cháingthe. F. Ceithre theampall. 6. Ceist do bhí ar an easbog seachtmhain is trí lá, Naonbhar fear i gceart ag aon mhnaoi amháin. F. Naonbhar ab' ainm dá fear. 7. Dháréag ar aon leabaidh, 's gan aon aca ar colbha. F. Roth tuirinn. 8. Trí cosa i n-áirde; Dhá chois i dtalamh; Ceann an duine bheo I mbéal an duine mhairbh. F. Corcán ar cheann cailín. 9. Chidhim chugham anoir Fear na sruth Fear na coise caoile cruaidhe Agus mo dhá thruagh mo laogh gan ruith. F. Bó do bhí t'réis breithe agus do chonnaic sí madra allaidh ag teacht.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services