Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ceisteanna.

Title
Ceisteanna.
Author(s)
Laoide, Seosamh,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CEISTEANNA.



Fuarthas i mBaile an Fhirtéirigh i gCiar-
raidhe Luachra. Fear sgríobhtha na bhfocal
so do chuir síos tá timchioll is dá bhliadhain
ó shoin ann. Is é fáth gur chuir sé síos iad,
do bhrígh go dtabhradh fá ndeara go mbíthí ag
tabhairt faillighe i gceisteannaibh no tomh-
sannaibh na Mumhan agus a lán de thom-
sannaibh Connacht fá lán tsúl de chló fá'n
taca sain d'aimsir. Is fíor, faraor, gur
fada fuar an fhaillighe i n-ar léig sé féin
ó shoin iad. Cuiridh sé i n-umhail anois a
bhrónaighe atá sé fá a ndeárnaidh, no fá nach
ndeárnaidh, is amhlaidh is cirte a rádh. Dar
go dearbhtha, is mór an maoithneachas agus an
méala atá air faoi sin, agus gabhaidh sé párdún
go humhal ag Micheál Ua Mainín agus ag
Uilliam Ua Lubhaing agus go mór-mhór ag
“Seagháinín”, .i. Seaghán Ua Mainín, agus
gurab uaidh-sean fuair sé gach a bhfuil orra,
nach mór. Is breágh blasda bríoghmhar an
Gaedhilgeoir é sin, agus i dtús a shaoghail dó
fós. caithfidhear a rádh 'na thaobh, agus is mithid
é, gurab aige-sean do bhí ar eolus furmhór
na seanráidhte sár-chasda úd atá fá chló ins
an Irisleabhar le seal fada.


L. 139


1.



Fear ag siubhal na trágha agus bothán ar a
dhrom aige.



F. Mingeán nó (miongán).



2.



Saighdiúr 'sa gháirdín agus cáibín gorm air.



F. Ruibe lín.



3.



Oileáinín lán de chosaibh mionánaidhe.



F. Cárdaidhe.



4.



Láir bhán 'sa gháirdín;
Siorrach innti; siorrach aisdi;
Siorrach dá h-ól,
Agus í fa eachmairt.



F. Cruiceog bheach.



5.



Ceithre muca firionna bána,
Ag féachaint siar ar Hallaidhibh Uí Dhála;
D'íosaidís a dtiocfaidh 's a dtáinig,
Agus ní chacfaidís oiread an cháingthe.



F. Ceithre theampall.



6.



Ceist do bhí ar an easbog seachtmhain is
trí lá,
Naonbhar fear i gceart ag aon mhnaoi
amháin.



F. Naonbhar ab' ainm dá fear.



7.



Dháréag ar aon leabaidh, 's gan aon aca ar
colbha.



F. Roth tuirinn.



8.



Trí cosa i n-áirde;
Dhá chois i dtalamh;
Ceann an duine bheo
I mbéal an duine mhairbh.



F. Corcán ar cheann cailín.



9.



Chidhim chugham anoir
Fear na sruth
Fear na coise caoile cruaidhe
Agus mo dhá thruagh mo laogh gan
ruith.



F. Bó do bhí t'réis breithe agus do
chonnaic sí madra allaidh
ag teacht.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services