Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Mac Ríogh nach nDéunfadh Comhairle.
Title
An Mac Ríogh nach nDéunfadh Comhairle.
Author(s)
Deeny, J. N.,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN MAC RÍOGH NACH NDEUNFADH COMHAIRLE. Donegal Folk-tale — III. Ar maidin lá ar n-a bhárach, d'imthigh mac an ríogh 'un (chum) na coilleadh arís, agus an gunna agus na trí madaidh leis. Dá mheud ar casadh dhó d'eunachaibh an ceud lá, casadh a thrí oiread dó an dara lá agus sgaoil sé an gunna leó, gur mharbh sé tort dá chruaich fhéir an lá sin. Thug sé ordughadh do'n mhadadh Trom-ualach, iad do chaitheadh ar a dhruim, agus d'iomchur 'na bhaile, agus rinne an madadh sin. Bhí an tighearna amuigh ag feitheamh air an lá sin, agus nuair chonnaic sé é ag teacht slán, rith sé i n-a airicis, agus bhí lúthgháir mhór air. Bhí oiread eunacha leis an tráth sin agus nár bh' fhéidir úsáid do dhéanamh dhíobh i gceann trí míosa. Nuair fuair an mac ríogh a bhreicfeasta ar maidin lá ar n-a bhárach, d'imthigh sé leis 'un na coilleadh arís, agus an gunna agus na trí madaidh leis, mar rinne sé an dá lá roimh a chéile. Chuaidh sé ní b' fhaide isteach sa' choill 'ná bhí sé roimhe, agus dá mheud ar casadh dhó d'eunachaibh an dá cheud la, casadh a thrí oiread dó an lá so. Chaith sé leis, go raibh tort cnuic de na heunachaibh marbh aige, agus d'orduigh sé do'n mhadadh láidir Trom-ualach, iad do chaitheadh ar a dhruim agus a dtabhairt 'na bhaile. Rinne an madadh sin, acht cha deachaidh siad i bhfad, gur stad na madaidh agus gur thosuigh siad mar bhéidheadh siad ag cogarnaigh le chéile. Cha raibh siad i bhfad 'n-a suidhe, go bhfaca an mac ríogh fathach mór na coilleadh ag teacht, agus a chraos fosgailte le n-a shlugadh. Chaith an madadh láidir na heunacha d'á dhruim, agus léim suas agus rug greim sgornaighe ar an bhfathach agus thosuigh an dá mhadadh eile ag strócadh na feóla d'á chnámhaibh. Chuir an fathach impidhe ar an mac ríogh na madaidh thógáil de, sul má muirbhfeadh siad é, agus go dtiubhradh sé a chaisleán agus a raibh ann de shaidhbhreas dó uile go léir. “Is é an caisleán is breáchta san domhan é,” ars' é. “Tá na hursain agus na doirse déanta le hór agus le hairgead, agus ní'l coirnéal istigh ann, nach bhfuil mosóg óir agus airgid ann. Agus,” ars' eisean, “ná déan a gach liom-sa, acht mo chaitheadh isteach in mo chisde mhór féin, agus an glas do chur air, agus béidh tú saor ó mo bhuaidhreadh uaidh sin amach.” B' fhíor é. Sgairt an rí óg ar na
madaidhibh stad de'n fhathach, agus d'orduigh sé do'n mhadadh láidir é chaitheadh thar a dhruim agus a iomchur 'un an chaisleáin. Shiubhail siad leó go dtáinig siad a fhad le caisleán an fhathaigh mhóir, agus caitheadh an fathach isteach sa' chisde agus cuireadh an glas air. B' fhíor é. Cha raibh coirnéal istigh sa' chaisleán nach raibh mosóg óir nó airgid ann. Ghleus an mac ríogh suipeur dhó féin agus do na trí madaidhibh. Nuair fuair na madaidh a suipeur, léim siad suas ar chlár an chisde agus luigh siad annsin go maidin. Chuartuigh an mac ríogh thart go bhfuair sé leabaidh an fhathaigh mhóir, agus chodail sé innti go sámh an oidhche sin. Ar maidin lá ar n-a bhárach, nuair bhí an breicfeasta déanta aige dhó féin agus do na trí madaidhibh, rinne sé comhairle leis féin dul fá choinne a dheirbhshiúra, go rachadh siad 'n-a gcomhnuidhe sa' chaisleán. Nuair tháinig sé chum tighe an tighearna, bhí an tighearna amuigh ag feitheamh leis agus bhí lúthgháir mhór air ag á fheicsint slán. D' fhiafruigh sé dhe caidé tharla dhó nuair nach dtáinic sé ar ais aréir. D'innis an mac ríogh dhó go dtáinic fathach mór na coilleadh air. “O!” ars' an tighearna, “sin an rógaire gránna a mharbh mo sheachtar mac-sa.” “Mise 'mo bhannaidhe,” ars' an mac ríogh, “nach muirbhfidh sé a'n duine níos mó,” ag tosacht agus ag á innsint dó caidé rinn' sé féin leis agus caidé an saidhbhreas mór a thárla leis le linn an fhathaigh mhóir. “Agus,” ars' é, “tháinig mé fá choinne mo dheirbhshiúra, go rachamuis 'n-ar gcomhnuidhe sa' chaisleán bhreágh úd.” “Is fearr dhuit,” ars' an tighearna, “an saidhbhreas do thabhairt leat annso, óir tá an caisleán sin fá dhraoidheacht, agus ní bheidh rath ort choidhche ann.” “Cha ndéanam sin,” ars' an mac ríogh. “Rachaidh mé 'mo chomhnuidhe sa' chaisleán úd, óir is é an caisleán is deise 's is áilne é ar thalamh an domhain.” B' fhíor é. Thug sé leis a dheirbhshiúr go caisleán an fhathaigh mhóir. Bhí lúthgháir mhór uirri-se le linn tuitim isteach i n-a leitheid d'áit ghalánta. Lá ar n-a bhárach, dubhairt an mac ríogh le n-a dheirbhshiúir go raibh sé ag dul amach ag sealgaireacht, agus aire mhaith do thabhairt do'n chaisleán go dtiucfadh sé ar ais, agus d' imthigh sé agus a ghunna agus a thrí madaidh leis. Cha raibh sé i bhfad ar siubhal gur thosuigh an fathach mór ag labhairt leis an óg-mhnaoi, agus 'gá breugadh, agá innsint di go raibh grádh mór aige uirri, “agus,” ars' é, “má leigeann tú amach as an chisde mé, pósfaidh mé thú, agus béidh an caisleán againn féin.” B' fhíor é. Leig an cailín amach as an chisde é, agus rinne siad comhairle eatorra féin go muirbhfeadh siad mac an ríogh, ar mhodh go mbéidheadh an caisleán aca féin dairíribh. “Anois,” ars' an fathach, “gabh síos 'un an tseomra, agus tabhair aníos cloidheamh an tsoluis. Croch i n-áirde é os cionn an dorais, agus nuair thiucfas do dhearbhráthair isteach, tuitfidh an cloidheamh anuas air, agus bainfidh sé an ceann de.” B' fhíor é. Thug an óig-bhean léi cloidheamh an tsolais agus chuir i n-áirde os cionn an dorais é. J. N. DEENY. (Ní críoch).
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services