AN MAC RÍOGH NACH NDEUNFADH
COMHAIRLE.
Donegal Folk-tale — III.
Ar maidin lá ar n-a bhárach, d'imthigh mac
an ríogh 'un (chum) na coilleadh arís, agus an
gunna agus na trí madaidh leis. Dá mheud ar
casadh dhó d'eunachaibh an ceud lá, casadh a
thrí oiread dó an dara lá agus sgaoil sé an
gunna leó, gur mharbh sé tort dá chruaich
fhéir an lá sin. Thug sé ordughadh do'n
mhadadh Trom-ualach, iad do chaitheadh ar a
dhruim, agus d'iomchur 'na bhaile, agus rinne an
madadh sin.
Bhí an tighearna amuigh ag feitheamh air an
lá sin, agus nuair chonnaic sé é ag teacht slán,
rith sé i n-a airicis, agus bhí lúthgháir mhór air.
Bhí oiread eunacha leis an tráth sin agus nár
bh' fhéidir úsáid do dhéanamh dhíobh i gceann
trí míosa.
Nuair fuair an mac ríogh a bhreicfeasta
ar maidin lá ar n-a bhárach, d'imthigh sé leis
'un na coilleadh arís, agus an gunna agus na trí
madaidh leis, mar rinne sé an dá lá roimh
a chéile. Chuaidh sé ní b' fhaide isteach sa'
choill 'ná bhí sé roimhe, agus dá mheud ar casadh
dhó d'eunachaibh an dá cheud la, casadh a thrí
oiread dó an lá so. Chaith sé leis, go raibh
tort cnuic de na heunachaibh marbh aige, agus
d'orduigh sé do'n mhadadh láidir Trom-ualach,
iad do chaitheadh ar a dhruim agus a dtabhairt
'na bhaile.
Rinne an madadh sin, acht cha deachaidh siad
i bhfad, gur stad na madaidh agus gur thosuigh
siad mar bhéidheadh siad ag cogarnaigh le
chéile. Cha raibh siad i bhfad 'n-a suidhe, go
bhfaca an mac ríogh fathach mór na coilleadh
ag teacht, agus a chraos fosgailte le n-a
shlugadh. Chaith an madadh láidir na heunacha
d'á dhruim, agus léim suas agus rug greim
sgornaighe ar an bhfathach agus thosuigh an dá
mhadadh eile ag strócadh na feóla d'á
chnámhaibh. Chuir an fathach impidhe ar an
mac ríogh na madaidh thógáil de, sul má
muirbhfeadh siad é, agus go dtiubhradh sé a
chaisleán agus a raibh ann de shaidhbhreas dó
uile go léir. “Is é an caisleán is
breáchta san domhan é,” ars' é. “Tá na
hursain agus na doirse déanta le hór agus le
hairgead, agus ní'l coirnéal istigh ann, nach
bhfuil mosóg óir agus airgid ann. Agus,”
ars' eisean, “ná déan a gach liom-sa, acht
mo chaitheadh isteach in mo chisde mhór féin, agus
an glas do chur air, agus béidh tú saor ó mo
bhuaidhreadh uaidh sin amach.”
B' fhíor é. Sgairt an rí óg ar na
madaidhibh stad de'n fhathach, agus d'orduigh sé
do'n mhadadh láidir é chaitheadh thar a dhruim
agus a iomchur 'un an chaisleáin. Shiubhail siad
leó go dtáinig siad a fhad le caisleán an
fhathaigh mhóir, agus caitheadh an fathach isteach sa'
chisde agus cuireadh an glas air.
B' fhíor é. Cha raibh coirnéal istigh sa'
chaisleán nach raibh mosóg óir nó airgid
ann. Ghleus an mac ríogh suipeur dhó féin
agus do na trí madaidhibh. Nuair fuair na
madaidh a suipeur, léim siad suas ar chlár
an chisde agus luigh siad annsin go maidin.
Chuartuigh an mac ríogh thart go bhfuair sé
leabaidh an fhathaigh mhóir, agus chodail sé innti
go sámh an oidhche sin.
Ar maidin lá ar n-a bhárach, nuair bhí an
breicfeasta déanta aige dhó féin agus do na
trí madaidhibh, rinne sé comhairle leis féin
dul fá choinne a dheirbhshiúra, go rachadh siad
'n-a gcomhnuidhe sa' chaisleán. Nuair tháinig
sé chum tighe an tighearna, bhí an tighearna
amuigh ag feitheamh leis agus bhí lúthgháir mhór
air ag á fheicsint slán. D' fhiafruigh sé dhe
caidé tharla dhó nuair nach dtáinic sé ar ais
aréir. D'innis an mac ríogh dhó go dtáinic
fathach mór na coilleadh air.
“O!” ars' an tighearna, “sin an rógaire
gránna a mharbh mo sheachtar mac-sa.”
“Mise 'mo bhannaidhe,” ars' an mac ríogh,
“nach muirbhfidh sé a'n duine níos mó,” ag
tosacht agus ag á innsint dó caidé rinn' sé
féin leis agus caidé an saidhbhreas mór a thárla
leis le linn an fhathaigh mhóir. “Agus,” ars'
é, “tháinig mé fá choinne mo dheirbhshiúra, go
rachamuis 'n-ar gcomhnuidhe sa' chaisleán
bhreágh úd.”
“Is fearr dhuit,” ars' an tighearna, “an
saidhbhreas do thabhairt leat annso, óir tá
an caisleán sin fá dhraoidheacht, agus ní bheidh
rath ort choidhche ann.”
“Cha ndéanam sin,” ars' an mac ríogh.
“Rachaidh mé 'mo chomhnuidhe sa' chaisleán úd,
óir is é an caisleán is deise 's is áilne é
ar thalamh an domhain.”
B' fhíor é. Thug sé leis a dheirbhshiúr go
caisleán an fhathaigh mhóir. Bhí lúthgháir mhór
uirri-se le linn tuitim isteach i n-a
leitheid d'áit ghalánta. Lá ar n-a bhárach,
dubhairt an mac ríogh le n-a dheirbhshiúir go
raibh sé ag dul amach ag sealgaireacht, agus
aire mhaith do thabhairt do'n chaisleán go
dtiucfadh sé ar ais, agus d' imthigh sé agus a ghunna
agus a thrí madaidh leis.
Cha raibh sé i bhfad ar siubhal gur thosuigh
an fathach mór ag labhairt leis an óg-mhnaoi,
agus 'gá breugadh, agá innsint di go raibh grádh
mór aige uirri, “agus,” ars' é, “má
leigeann tú amach as an chisde mé, pósfaidh
mé thú, agus béidh an caisleán againn féin.”
B' fhíor é. Leig an cailín amach as an
chisde é, agus rinne siad comhairle eatorra féin
go muirbhfeadh siad mac an ríogh, ar mhodh
go mbéidheadh an caisleán aca féin
dairíribh.
“Anois,” ars' an fathach, “gabh síos 'un
an tseomra, agus tabhair aníos cloidheamh an
tsoluis. Croch i n-áirde é os cionn an
dorais, agus nuair thiucfas do dhearbhráthair
isteach, tuitfidh an cloidheamh anuas air, agus
bainfidh sé an ceann de.”
B' fhíor é. Thug an óig-bhean léi cloidheamh
an tsolais agus chuir i n-áirde os cionn an
dorais é.
J. N. DEENY.
(Ní críoch).