Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Agallamh Idir Mháire Bhuidhe agus file eile.
Title
Agallamh Idir Mháire Bhuidhe agus file eile.
Author(s)
Ó hEachthigheirn, Séamus,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AGALLAMH Idir Mháire Bhuidhe agus file eile. An file. A Mháire ní Laoghaire ó bhéal an Chéime Mar a mbíodh an fiadh maol d'á dhúiseacht, Nach mór do thréigis sinn, ná hairighmíd aon phioc De ghuth do bhéil d'á mhúsgailt!
Nó ar airighis aon-neach 'gabháil moch nó déidheanach Ins an ngleann so taobh le Dubhchoill D'inneósad sgéal beag ar chúrsaidh' an tsaoghail seo, Nó a' bhfuil Clanna Gaedheal i gcúntabhairt? Máire. Do chuala sgéal beag anois go déidheanach Ó fheadóig shléibhe bhí i nDubhchoill, Go suidhfeadh téarmonn gan mhoill i nÉirinn Do chuirfeadh baos ar a chúlaibh; Go mbeadh Repéalar agus a fhórsaidhe tréana Agus congnamh Dé dh'á stiúradh, Agus an bhuidhean so an Bhéarla gan fíon gan féasda; Acht ceatha p'léar d'á rúsgadh An file. Go n-éirighidh an saoghal leis an bhfeadóig shléibhe úd Do thug an sgéal sain chughainn-ne! Le feabhas do thréithe tar mhnáibh na hÉireann, A Bhláith 's a chraobh na n-ughdar; Ó bhís chomh héasgaidh agus a lámhach le p'léaraibh A's a bhfághail tréith le púdar, 'S gur geárr an tréimhse — tá an cháirde taobh leo - Do gheárr an t-Aon-Mhac chúcha. Máire. A mhic an deagh-athair, do chuala trácht ort Gur bh' fhada do cháil 'san dúthaigh; Guidhim rath a's ágh agus sliocht fá bhláth ort Do chuirfeas c'ráiste 's fonn ort. Dá mbeinn-se faon-lag fá thobach gheárrtha 'S fá sholus bhán gan múchadh, Acht go n-aireó'inn trácht ar an dream do chráidh mé, D'éireó'inn láidir chúcha. Tá mo shúil lem' Mháighistir ná raghad fá'n mbán nglas, Go bhfeicfead sláth an cumplachd, A's go mbeadh d'á n-áireamh i bpollaibh báithte A's le fílibh árda dh'á dtúrnadh; Ceatha p'léar agus pícidhe géara D'á gcur i maolaibh brúighte; Cloch agus craobh i láimh gach aon-neich, Agus mallacht Dé ar an gcumplacht. Go mbeid siúd faon-lag fá spealadh na gréine 'S gan neach sa' tsaoghal 'na gcúram, Ach a gcoin 's a mbéigil 's a gcapaill traochta Gan suim i ngaem ná i mbúigil. Tá dream an áird seo go céast cráidhte Ag cíos gach lá d'á thúrgnadh; Gidh mór an taca d'á mballaibh bána Tá deireadh a gcáirde tabhartha. Ní féasda ar chlár dóibh, acht prátaidhe bána Agus salann lán de bhrúsgar, A's ní bheinn-se sásta le méid a ngábhatair Go mbeadh córda cnáibe fútha. An bhliadhain seo tá againn, chonnaic fáidh air Go rithfear rás ó na búraibh; Beid a srianta geárrtha, 's a gcapaill fánach, Agu iad gan áird gan fhusgailt. An file. Go deimhin is dóigh liom, má's fíor do ghlór- sa, Go ndearnais óg arís mé, A dtiúin tallyho bheith ar mhnaoi gach rógaire D'íosadh feóil Dia hAoine. Is é deir lucht eolaus go mbeid siúd brónach Mar gheall ar phóit an tsaoghail seo, Ná dearnadar comhairle na cléire foghanta A's gabháil an bhóthair dhírigh. Séamus Ó hEachthigheirn.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services