Corpas Stairiúil na Gaeilge
1600 - 1926

Agallamh Idir Mháire Bhuidhe agus file eile.

Teideal
Agallamh Idir Mháire Bhuidhe agus file eile.
Údar
Ó hEachthigheirn, Séamus,
Bailitheoir/Eagarthóir
Mac Néill, Eoin
Dáta cumtha
1896
Foilsitheoir
Connradh na Gaedhilge

Cuardaigh Téacsanna

Prós/Filíocht
1600 1926




L. 120


AGALLAMH



Idir Mháire Bhuidhe agus file eile.



An file.
A Mháire ní Laoghaire ó bhéal an Chéime
Mar a mbíodh an fiadh maol d'á dhúiseacht,
Nach mór do thréigis sinn, ná hairighmíd aon
phioc
De ghuth do bhéil d'á mhúsgailt!


L. 121


Nó ar airighis aon-neach 'gabháil moch nó
déidheanach
Ins an ngleann so taobh le Dubhchoill
D'inneósad sgéal beag ar chúrsaidh' an
tsaoghail seo,
Nó a' bhfuil Clanna Gaedheal i
gcúntabhairt?



Máire.
Do chuala sgéal beag anois go déidheanach
Ó fheadóig shléibhe bhí i nDubhchoill,
Go suidhfeadh téarmonn gan mhoill i nÉirinn
Do chuirfeadh baos ar a chúlaibh;
Go mbeadh Repéalar agus a fhórsaidhe tréana
Agus congnamh Dé dh'á stiúradh,
Agus an bhuidhean so an Bhéarla gan fíon
gan féasda;
Acht ceatha p'léar d'á rúsgadh



An file.
Go n-éirighidh an saoghal leis an bhfeadóig
shléibhe úd
Do thug an sgéal sain chughainn-ne!
Le feabhas do thréithe tar mhnáibh na
hÉireann,
A Bhláith 's a chraobh na n-ughdar;
Ó bhís chomh héasgaidh agus a lámhach le p'léaraibh
A's a bhfághail tréith le púdar,
'S gur geárr an tréimhse — tá an cháirde taobh
leo -
Do gheárr an t-Aon-Mhac chúcha.



Máire.
A mhic an deagh-athair, do chuala trácht ort
Gur bh' fhada do cháil 'san dúthaigh;
Guidhim rath a's ágh agus sliocht fá bhláth ort
Do chuirfeas c'ráiste 's fonn ort.
Dá mbeinn-se faon-lag fá thobach gheárrtha
'S fá sholus bhán gan múchadh,
Acht go n-aireó'inn trácht ar an dream do
chráidh mé,
D'éireó'inn láidir chúcha.



Tá mo shúil lem' Mháighistir ná raghad fá'n
mbán nglas,
Go bhfeicfead sláth an cumplachd,
A's go mbeadh d'á n-áireamh i bpollaibh
báithte
A's le fílibh árda dh'á dtúrnadh;
Ceatha p'léar agus pícidhe géara
D'á gcur i maolaibh brúighte;
Cloch agus craobh i láimh gach aon-neich,
Agus mallacht Dé ar an gcumplacht.



Go mbeid siúd faon-lag fá spealadh na
gréine
'S gan neach sa' tsaoghal 'na gcúram,
Ach a gcoin 's a mbéigil 's a gcapaill
traochta
Gan suim i ngaem ná i mbúigil.
Tá dream an áird seo go céast cráidhte
Ag cíos gach lá d'á thúrgnadh;
Gidh mór an taca d'á mballaibh bána
Tá deireadh a gcáirde tabhartha.



Ní féasda ar chlár dóibh, acht prátaidhe bána
Agus salann lán de bhrúsgar,
A's ní bheinn-se sásta le méid a ngábhatair
Go mbeadh córda cnáibe fútha.
An bhliadhain seo tá againn, chonnaic fáidh
air
Go rithfear rás ó na búraibh;
Beid a srianta geárrtha, 's a gcapaill
fánach,
Agu iad gan áird gan fhusgailt.



An file.
Go deimhin is dóigh liom, má's fíor do ghlór-
sa,
Go ndearnais óg arís mé,
A dtiúin tallyho bheith ar mhnaoi gach rógaire
D'íosadh feóil Dia hAoine.
Is é deir lucht eolaus go mbeid siúd brónach
Mar gheall ar phóit an tsaoghail seo,
Ná dearnadar comhairle na cléire foghanta
A's gabháil an bhóthair dhírigh.



Séamus Ó hEachthigheirn.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Website developed by Niall O'Leary Services