Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Séadna. (Ar leanamhaint.)
Title
Séadna. (Ar leanamhaint.)
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Séadna (Ar leanamhaint) Peg. 'Pé aca chreid Sadhbh féin é nó nár chreid, bhí a lán de na comhursanaibh do chreid láithreach é, agus ba ghearr gur chreideadar go léir é. Cheapadar, is dócha, toisg an deigh- leáil leathair do bheith idir Dhiarmaid agus Séadna, go mb'fhéidir go raibh an ghealla- mhaint ann. 'Pé sgéal é, bhí sé socair 'n-a n-aigneadh gur mar ghioll ar Shaidhbh do theip cleamhnas Mháire Ghearra. Annsain, nuair chuimhnigheadar ar an dturus úd Diarmada suas go tigh Shéadna, thuigeadar go mb'fhéidir ná raibh Diarmaid chomh mór gan fios a gnó féin agus do shíleadar. “Á!” adeiridís le n-a chéile, “ní'l spioraid ná púca gan fios a chúise féin aige.” Miceal agus a mháthair a bhí go troma- chroidheach de dhruim an sgéil. Gan amhras do bhí a fhios ag Siobháin ná raibh baint ar bith ná cuidh ar bith ag Saidhbh de bhriseadh an chleamhnais, acht ní raibh a fhios sain ag Miceal. Acht má bhí troma-chroidhe ar Shio- bháin i dtaobh na beirte sin do bheith sgartha go bráth le chéile ar an saoghal so, do bhí troma-chroidhe agus cancar agus buile ar Mhiceal i dtaobh a rádha go mbeidheadh sé de phláinéid ar Shéadna go dtug sé geallamhaint phósda do Shaidhbh. Síle. Agus dar ndóigh níor thug, a Pheg. Peg. Cheap Miceal gur thug. Síle. Ní dheunfainn dobhata dhe! Nach iongantach ná teipfeadh air, uair éigin, an tuathal do cheapadh! Peg. 'Sdó' bhí sé i mbeul gach aon-ne' aici. Bhí sé leathta ar fuaid na dúithche aici. Leath's'muigh de Shéadna féin agus de Mháire Ghearra agus de Shiobháin, ní raibh duine ná daonnaidhe ná raibh an sgéal aige fé mar chuir Sadhbh amach é. Dá mb'é Seaghán Ciotach féin é, bhí sé buailte isteach ina aigneadh go raibh geallamhaint phósta ta- bhartha ag Séadna do Saidhbh, agus gurbh' í an gheallamhaint sin do bhí ar aigneadh Shéadna an lá bhíodar ag siubhal sa' pháirc ar aghaidh tighe Shéadna amach, é féin ag á thafaint air Máire do phósadh, agus eisean ag admháil mhéid a ghrádha dhi, agus 'san n-am gcéadna, ag cur an uile shaghais constaice i gcoinnibh an chleamhnais. Síle. Agus an n-é sin do bhí ar siubhal aca? Cionnus fuaradh amach é, a Pheg? Peg. Níor fuaradh amach é gur leath ráfla Shaidhbhe ar fuaid na háite, agus gur airigh Seaghán é. Annsain do bhuail sé buille d'á bhois ar a leath-ghlúin, agus dubhairt sé i n'aigneadh féin, “Ó! tuigim anois,! ars' eisean, “Cad do bhí ar aigneadh Shéadna an lá úd. Nach mór an t-iongnadh,” ars' eisean, “nár innis sé dhom, lom díreach, cad do bhí ar aigneadh, agus gan mé bheith ag dul chomh dian air, d'á chur suas chum mná do phósadh, agus geallamhaint phósta tabhartha do mhnaoi eile aige. Dála an sgéil,” ars' eisean, “ní
fheadar an crann a bhí air agus a leithéid de gheallamhaint do thabhairt uaidh d'á leithéid de mhnaoi.” Nuair bhuail Seaghán agus an sagart um a chéile, do shocruigheadar an sgéal eatorra ar a sástacht féin. Go dtí sain, do theip ar aon-ne' aca bun ná barr d'fhagháil ar an sgéal. Acht nuair bhí ráfla Shaidhbhe aca, do thuigeadar é go léir tríd síos. Síle. Thuigeadar, dar leó féin. Peg. Dar leó féin, go díreach. Cheapa- dar go raibh bun agus barr an sgéil go cruinn agus go baileach aca, nuair bhí fios na geall- amhna aca, agus is iad do bhí go hathtruaghach agus go dubrónach de bharr an mhí-ágha do bhí ar Shéadna, agus an chuma i n-a raibh Sadhbh ag déanamh toirmisg dó. “Ní fheadar 'n tsaoghal,” ars' an sagart, “caidé an mallchar radhairce bhí air, agus a leithéid de gheallamhaint do thabhairt d'á leithéid de mhnaoi.” “Is dócha,” arsa Seaghán, “gur an fhaid do bhí an dealbhas air do dhin sé é. Do gheibheadh sé leathar ar cairde go minic ó Dhiarmaid, agus b'fhéidir gur cheap an fear bocht, dá bpósadh sé Sadhbh, go mbeidheadh tinteán tirm teann aige, 'pé i nÉirinn é, 'pé compórd eile bheidheadh aige nó ná beidheadh.” “Gabhaim-se orm,” ars' an sagart, “ná raibh aon bhaoghal go bpósfadh sí an uair sin é. Acht mar sin féin, b'fhéidir nár mhisde léi an gheallamhaint do ghlacadh uaidh. Níl teóra le n-a leithéidí', nuair luighid siad amach ar an bhfeall agus ar an gcalaois agus ar an éitheach.” “Fágaim le hudhacht, a athair,” arsa Seaghán Ciotach,” gur dócha go bhfuil an ceart agat. Acht ar a shon sain, tá a lán sa' sgéal nach féidir do thuigsint. An lá bhí sé thiar agom' thigh-se, dubhairt sé gur oir dó cúpla focal do labhairt le Máire. Cheapas ná raibh uain aige ar dhul isteach, nuair bhí sé imthighthe. Má labhair sé i n-aon chor, níor labhair se thar an dá fhocal. D'imthigh sé mar 'imtheochadh an t-eun. 'Pé rud adubhairt sé, ní fheaca-sa riamh a leithéid d'athrughadh i n-aon Chríostaighe agus do bhí innti sin, as sain amach. Do tháinig a goile dhi agus do tháinig a luisne dhi. D'imthigh an mhairbhitighe agus an dúire. Ba ghearr go raibh a guth chomh haibidh agus a gáire chomh binn agus d'airigheas riamh ó n-a máthair, an lá is óige bhí sí. Má's amhlaidh d'innis sé dhi go raibh geallamhaint tabhartha do Shaidhbh aige, is deacair a rádh go dtógfadh sain an cheó d'á croidhe, mar tógadh é. Badh dhóigh liom gurab é rud do dhéanfadh sé 'ná an galar dóghach do chur ar fad uirthi.” “Am briathar 's am basa, a Sheaghain,” ars' an sagart, “go bhfuil iongnadh mór agat d'á chur orm, feuch. An lá tháinig sé annso chum cainte liom-sa, cheapas, nídh nárbh' iongnadh, gur chum an chleamhnais do chríochnughadh tháinig sé. Dubhairt sé liom gurbh' fhearr leis 'ná a raibh d'ór agus d'air- fead 'n tsaoghal aige go bhféadfadh sé Máire phósadh. Cheapas féin go raibh sgéal áthais agam d'á innsint dó, nuair adubhairt leis gurbh' fheasach dom Máire bheith lán- toilteanach do'n chleamhnas. I n-a ionad sain is amhlaidh ba dhóigh leat gur inniseas dó go raibh sí tar éis bháis. 'Is truagh agus is tiubaisteach an sgéal é,' ars' eisean, agus do sgiúrd sé an doras amach uaim, mar dhéan- fadh duine buile.” “'Pé rud adubhairt sé le Máire, le n-ar baineadh an galar dóghach di, tá eagla orm go bhfuil greim daingean éigin ag Saidhbh air agus muna mbeidheadh go bhfuil, ná beidheadh sise d'á mhaoidheamh ar fuaid na dúithche, mar tá sí, agus na sgarfadh seisean chomh saoráideach le mnaoi go raibh 'oiread sain ceana aige uirri, agus aici air.” “Agus feuch,” ars' an sagart, “ar an dtaobh eile de'n sgéal. Ní saoráidighe atá sgartha aige-sean le Máire, 'ná atá sgartha aici sin leis.” “Dar fiadh, a athair, is fíor dhuit é!” arsa
Seaghán, “agus gan éileamh ag aon-ne' uirri.” “Is é sgéal is eugsamhlaighe d'ár bhuail riamh fós umam-sa,” ars' an sagart. “Nár chóir, a athair,” arsa Seaghán, “má thug sé geallamhaint do Shaidhbh Dhiarmada, go bhféadfaidhe teacht ar bhun-phréimh an sgéil, agus an gheallamhaint do chur i leath- taoibh? D'ár ndóigh tá a fhios ag an saoghal ná fuil sé ceangailte air i láthair Dé an gheallamhaint sin do sheasamh.” “Gan amhras,” ars' an sagart, “má tá an gheallamhaint ann, ní'l sé ceangailte air í sheasamh.” “Má tá sí ann, a athair, an n-eadh?” arsa Seaghán. “Deallruigheann sain gurab é do thuairim-se ná fuil sí ann. Muna bhfuil sí ann, nár chóir go bhféadfaidhe cosg do chur le teangain Shaidhbh'? Má's éitheach atá ar siubhal aici is mór an truagh é leigint i n-aisge léi. D'á fhaid do leigfear i n-aisge léi é, is eadh is dána leanfaidh sí dhe. D'á luaithe do cuirfear cosg léi, is eadh is lugha an díoghbháil a bheidh déanta aici. Má's éitheach atá ar siubhal aici, muna bhfuil aon éileamh aici ar Shéadna a bhfeaca riamh de mháibh, agus do bhuadhuigh Séadna ar a bhfeaca riamh d'fhearaibh.” “Cionnus é sin ?” ars' an sagart. “Muna bhfuil aon éileamh ag Saidhbh air,” ars' eisean, “cad tá ag teacht idir é agus phósadh m'inghine?” “Sin í díreach an cheisd“ ars' an sagart. “Is í, a athair,” ars' eisean. “Agus tá a fhonn orm leanamhaint siar ar an gceisd sin go dtagaidh a réidhteach liom, luath nó mall. Dá mbeitheá im' chás, a athair,” ars' eisean, “ní ró-mhaith do raghaidh sé dhuit, Sadhbh Dhiarmada bheith ag magadh fút ar an gcuma so.” (leanfar de seo).
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services