Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Séadna. (Ar leanamhaint.)

Title
Séadna. (Ar leanamhaint.)
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 117


Séadna



(Ar leanamhaint)



Peg. 'Pé aca chreid Sadhbh féin é nó nár
chreid, bhí a lán de na comhursanaibh do chreid
láithreach é, agus ba ghearr gur chreideadar go
léir é. Cheapadar, is dócha, toisg an deigh-
leáil leathair do bheith idir Dhiarmaid agus
Séadna, go mb'fhéidir go raibh an ghealla-
mhaint ann. 'Pé sgéal é, bhí sé socair 'n-a
n-aigneadh gur mar ghioll ar Shaidhbh do theip
cleamhnas Mháire Ghearra. Annsain, nuair
chuimhnigheadar ar an dturus úd Diarmada
suas go tigh Shéadna, thuigeadar go mb'fhéidir
ná raibh Diarmaid chomh mór gan fios a gnó
féin agus do shíleadar. “Á!” adeiridís le n-a
chéile, “ní'l spioraid ná púca gan fios a
chúise féin aige.”



Miceal agus a mháthair a bhí go troma-
chroidheach de dhruim an sgéil. Gan amhras
do bhí a fhios ag Siobháin ná raibh baint ar
bith ná cuidh ar bith ag Saidhbh de bhriseadh an
chleamhnais, acht ní raibh a fhios sain ag
Miceal. Acht má bhí troma-chroidhe ar Shio-
bháin i dtaobh na beirte sin do bheith sgartha
go bráth le chéile ar an saoghal so, do bhí
troma-chroidhe agus cancar agus buile ar Mhiceal
i dtaobh a rádha go mbeidheadh sé de phláinéid
ar Shéadna go dtug sé geallamhaint phósda
do Shaidhbh.



Síle. Agus dar ndóigh níor thug, a Pheg.



Peg. Cheap Miceal gur thug.



Síle. Ní dheunfainn dobhata dhe! Nach
iongantach ná teipfeadh air, uair éigin, an
tuathal do cheapadh!



Peg. 'Sdó' bhí sé i mbeul gach aon-ne' aici.
Bhí sé leathta ar fuaid na dúithche aici.
Leath's'muigh de Shéadna féin agus de Mháire
Ghearra agus de Shiobháin, ní raibh duine ná
daonnaidhe ná raibh an sgéal aige fé mar
chuir Sadhbh amach é. Dá mb'é Seaghán
Ciotach féin é, bhí sé buailte isteach ina
aigneadh go raibh geallamhaint phósta ta-
bhartha ag Séadna do Saidhbh, agus gurbh' í an
gheallamhaint sin do bhí ar aigneadh Shéadna
an lá bhíodar ag siubhal sa' pháirc ar aghaidh
tighe Shéadna amach, é féin ag á thafaint air
Máire do phósadh, agus eisean ag admháil mhéid
a ghrádha dhi, agus 'san n-am gcéadna, ag cur
an uile shaghais constaice i gcoinnibh an
chleamhnais.



Síle. Agus an n-é sin do bhí ar siubhal
aca? Cionnus fuaradh amach é, a Pheg?



Peg. Níor fuaradh amach é gur leath ráfla
Shaidhbhe ar fuaid na háite, agus gur airigh
Seaghán é. Annsain do bhuail sé buille
d'á bhois ar a leath-ghlúin, agus dubhairt sé i
n'aigneadh féin, “Ó! tuigim anois,! ars'
eisean, “Cad do bhí ar aigneadh Shéadna an
lá úd. Nach mór an t-iongnadh,” ars' eisean,
“nár innis sé dhom, lom díreach, cad do bhí
ar aigneadh, agus gan mé bheith ag dul chomh dian
air, d'á chur suas chum mná do phósadh, agus
geallamhaint phósta tabhartha do mhnaoi eile
aige. Dála an sgéil,” ars' eisean, “ní


L. 118


fheadar an crann a bhí air agus a leithéid
de gheallamhaint do thabhairt uaidh d'á leithéid
de mhnaoi.”



Nuair bhuail Seaghán agus an sagart um a
chéile, do shocruigheadar an sgéal eatorra
ar a sástacht féin. Go dtí sain, do theip
ar aon-ne' aca bun ná barr d'fhagháil ar an
sgéal. Acht nuair bhí ráfla Shaidhbhe aca,
do thuigeadar é go léir tríd síos.



Síle. Thuigeadar, dar leó féin.



Peg. Dar leó féin, go díreach. Cheapa-
dar go raibh bun agus barr an sgéil go cruinn
agus go baileach aca, nuair bhí fios na geall-
amhna aca, agus is iad do bhí go hathtruaghach agus
go dubrónach de bharr an mhí-ágha do bhí ar
Shéadna, agus an chuma i n-a raibh Sadhbh ag
déanamh toirmisg dó.



“Ní fheadar 'n tsaoghal,” ars' an sagart,
“caidé an mallchar radhairce bhí air, agus a
leithéid de gheallamhaint do thabhairt d'á
leithéid de mhnaoi.”



“Is dócha,” arsa Seaghán, “gur an fhaid
do bhí an dealbhas air do dhin sé é. Do
gheibheadh sé leathar ar cairde go minic ó
Dhiarmaid, agus b'fhéidir gur cheap an fear
bocht, dá bpósadh sé Sadhbh, go mbeidheadh
tinteán tirm teann aige, 'pé i nÉirinn é,
'pé compórd eile bheidheadh aige nó ná
beidheadh.”



“Gabhaim-se orm,” ars' an sagart, “ná
raibh aon bhaoghal go bpósfadh sí an uair sin
é. Acht mar sin féin, b'fhéidir nár mhisde
léi an gheallamhaint do ghlacadh uaidh. Níl
teóra le n-a leithéidí', nuair luighid siad
amach ar an bhfeall agus ar an gcalaois agus ar
an éitheach.”



“Fágaim le hudhacht, a athair,” arsa
Seaghán Ciotach,” gur dócha go bhfuil an
ceart agat. Acht ar a shon sain, tá a lán
sa' sgéal nach féidir do thuigsint. An lá
bhí sé thiar agom' thigh-se, dubhairt sé gur oir
dó cúpla focal do labhairt le Máire.
Cheapas ná raibh uain aige ar dhul isteach,
nuair bhí sé imthighthe. Má labhair sé
i n-aon chor, níor labhair se thar an dá
fhocal. D'imthigh sé mar 'imtheochadh an t-eun.
'Pé rud adubhairt sé, ní fheaca-sa riamh a
leithéid d'athrughadh i n-aon Chríostaighe agus do
bhí innti sin, as sain amach. Do tháinig a
goile dhi agus do tháinig a luisne dhi. D'imthigh
an mhairbhitighe agus an dúire. Ba ghearr go
raibh a guth chomh haibidh agus a gáire chomh binn
agus d'airigheas riamh ó n-a máthair, an lá is
óige bhí sí. Má's amhlaidh d'innis sé dhi go
raibh geallamhaint tabhartha do Shaidhbh aige,
is deacair a rádh go dtógfadh sain an cheó
d'á croidhe, mar tógadh é. Badh dhóigh liom
gurab é rud do dhéanfadh sé 'ná an galar
dóghach do chur ar fad uirthi.”



“Am briathar 's am basa, a Sheaghain,”
ars' an sagart, “go bhfuil iongnadh mór
agat d'á chur orm, feuch. An lá tháinig sé
annso chum cainte liom-sa, cheapas, nídh
nárbh' iongnadh, gur chum an chleamhnais do
chríochnughadh tháinig sé. Dubhairt sé liom
gurbh' fhearr leis 'ná a raibh d'ór agus d'air-
fead 'n tsaoghal aige go bhféadfadh sé
Máire phósadh. Cheapas féin go raibh sgéal
áthais agam d'á innsint dó, nuair adubhairt
leis gurbh' fheasach dom Máire bheith lán-
toilteanach do'n chleamhnas. I n-a ionad
sain is amhlaidh ba dhóigh leat gur inniseas
dó go raibh sí tar éis bháis. 'Is truagh agus is
tiubaisteach an sgéal é,' ars' eisean, agus do
sgiúrd sé an doras amach uaim, mar dhéan-
fadh duine buile.”



“'Pé rud adubhairt sé le Máire, le n-ar
baineadh an galar dóghach di, tá eagla orm
go bhfuil greim daingean éigin ag Saidhbh
air agus muna mbeidheadh go bhfuil, ná beidheadh
sise d'á mhaoidheamh ar fuaid na dúithche, mar
tá sí, agus na sgarfadh seisean chomh saoráideach
le mnaoi go raibh 'oiread sain ceana aige
uirri, agus aici air.”



“Agus feuch,” ars' an sagart, “ar an
dtaobh eile de'n sgéal. Ní saoráidighe atá
sgartha aige-sean le Máire, 'ná atá sgartha
aici sin leis.”



“Dar fiadh, a athair, is fíor dhuit é!” arsa


L. 119


Seaghán, “agus gan éileamh ag aon-ne'
uirri.”



“Is é sgéal is eugsamhlaighe d'ár bhuail
riamh fós umam-sa,” ars' an sagart.



“Nár chóir, a athair,” arsa Seaghán, “má
thug sé geallamhaint do Shaidhbh Dhiarmada,
go bhféadfaidhe teacht ar bhun-phréimh an
sgéil, agus an gheallamhaint do chur i leath-
taoibh? D'ár ndóigh tá a fhios ag an saoghal
ná fuil sé ceangailte air i láthair Dé an
gheallamhaint sin do sheasamh.”



“Gan amhras,” ars' an sagart, “má tá
an gheallamhaint ann, ní'l sé ceangailte air
í sheasamh.”



“Má tá sí ann, a athair, an n-eadh?” arsa
Seaghán. “Deallruigheann sain gurab é do
thuairim-se ná fuil sí ann. Muna bhfuil sí
ann, nár chóir go bhféadfaidhe cosg do chur
le teangain Shaidhbh'? Má's éitheach atá ar
siubhal aici is mór an truagh é leigint i
n-aisge léi. D'á fhaid do leigfear i n-aisge
léi é, is eadh is dána leanfaidh sí dhe. D'á
luaithe do cuirfear cosg léi, is eadh is lugha
an díoghbháil a bheidh déanta aici. Má's
éitheach atá ar siubhal aici, muna bhfuil aon
éileamh aici ar Shéadna a bhfeaca riamh de mháibh,
agus do bhuadhuigh Séadna ar a bhfeaca riamh
d'fhearaibh.”



“Cionnus é sin ?” ars' an sagart.



“Muna bhfuil aon éileamh ag Saidhbh air,”
ars' eisean, “cad tá ag teacht idir é agus
phósadh m'inghine?”



“Sin í díreach an cheisd“ ars' an sagart.



“Is í, a athair,” ars' eisean. “Agus tá
a fhonn orm leanamhaint siar ar an gceisd
sin go dtagaidh a réidhteach liom, luath nó
mall. Dá mbeitheá im' chás, a athair,” ars'
eisean, “ní ró-mhaith do raghaidh sé dhuit,
Sadhbh Dhiarmada bheith ag magadh fút ar an
gcuma so.”



(leanfar de seo).



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services