Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Caoineadh ar Phádraig Ó Laoghaire.
Title
Caoineadh ar Phádraig Ó Laoghaire.
Author(s)
O Séaghdha, Séamus,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CAOINEADH Ar Phádraig Ó Laoghaire. Séamus O Séaghdha cct. Tá ceó ar dhruim Chnuic Uabhartha, Is buaidhreadh ar linn 's ar thráigh; Is feochta snaoidhte suaithte Táid mór-chríocha Innse an áigh; Ní 'l ceol ná laoithe suaircis Ná luaimneacht ná grinn 'san áit Acht brón is díth is duairceas Is cruadhtan is cíocras cráidh. Mo thruagh-sa clann Uí Laoghaire Id' eughmais, a Phádraig fhír! Mo thruagh-sa gleannta Béarra Mar ar thréigis do cháirde gaoil! Mo thruagh-sa an mho'mhail-bhean ghléigeal le'r thaobhais i lá do ghrinn! Mo thruagh mar cheann gach sgéil í, Do chéile go bráth id' dhíth! Ba bhuan ba mhín ba mhaordha A Uí Laoghaire, do chroidhe gan chall; Ba luath ba líomhtha laochda Do thréithe gan smaoineadh feall; Ba shuairc ba shlím do dhreuchda Ba léigheannta do Ghaoidheal 's do Ghall; Mo chruaidh-chreach chroidhe sa' chré thu, A shéimh-fhir nár stríoc do namhaid!
Acht gídh gur duairc le' lán tu, A Phádraig, 'san úir ag dreóghadh, Lem' chroidh-se is buadhairt thar bárr tu Do ghrádhuigh thu le dlús thar meadhón. A mhaoin, níor shuarach fánach An fháilte dob' fhiú leat rómham, I ndíocras chruaidh an lá úd 'N-ar fágadh mé ag tnúth le brón. Ba lághach do sheasais taobh liom I mbaoghal 's i mbrón mar bhí, Neamh-spleadhach ar neart an dréim úd Gan daondacht, ler' spórt mo dhíth. Dom' námhaid ba lag do ghéilleadh, Acht thaobhais le cóir go fíor; Ba bhreágh do ghean, a théagair, Do chaomhnuuigh geal-trócaire Chríosd. Mo chrádh! I gcré na húire Mo dhlúth-chara buan gan fagháil; Is tláth 's is tréith id' iongnais Gach dúthaigh 'n-ar luadhadh do thásg. Gé d'fhágais déarach dubhach me Gan súil leat ó'n uaigh go bráth, Tré ghrásaibh Dé tá tnúth 'gam Lem' stiúradh do'n chuan mar táir.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services