Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Caoineadh ar Phádraig Ó Laoghaire.

Title
Caoineadh ar Phádraig Ó Laoghaire.
Author(s)
O Séaghdha, Séamus,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CAOINEADH
Ar Phádraig Ó Laoghaire.



Séamus O Séaghdha cct.



Tá ceó ar dhruim Chnuic Uabhartha,
Is buaidhreadh ar linn 's ar thráigh;
Is feochta snaoidhte suaithte
Táid mór-chríocha Innse an áigh;
Ní 'l ceol ná laoithe suaircis
Ná luaimneacht ná grinn 'san áit
Acht brón is díth is duairceas
Is cruadhtan is cíocras cráidh.



Mo thruagh-sa clann Uí Laoghaire
Id' eughmais, a Phádraig fhír!
Mo thruagh-sa gleannta Béarra
Mar ar thréigis do cháirde gaoil!
Mo thruagh-sa an mho'mhail-bhean ghléigeal
le'r thaobhais i lá do ghrinn!
Mo thruagh mar cheann gach sgéil í,
Do chéile go bráth id' dhíth!



Ba bhuan ba mhín ba mhaordha
A Uí Laoghaire, do chroidhe gan chall;
Ba luath ba líomhtha laochda
Do thréithe gan smaoineadh feall;
Ba shuairc ba shlím do dhreuchda
Ba léigheannta do Ghaoidheal 's do Ghall;
Mo chruaidh-chreach chroidhe sa' chré thu,
A shéimh-fhir nár stríoc do namhaid!


L. 116


Acht gídh gur duairc le' lán tu,
A Phádraig, 'san úir ag dreóghadh,
Lem' chroidh-se is buadhairt thar bárr tu
Do ghrádhuigh thu le dlús thar meadhón.
A mhaoin, níor shuarach fánach
An fháilte dob' fhiú leat rómham,
I ndíocras chruaidh an lá úd
'N-ar fágadh mé ag tnúth le brón.



Ba lághach do sheasais taobh liom
I mbaoghal 's i mbrón mar bhí,
Neamh-spleadhach ar neart an dréim úd
Gan daondacht, ler' spórt mo dhíth.
Dom' námhaid ba lag do ghéilleadh,
Acht thaobhais le cóir go fíor;
Ba bhreágh do ghean, a théagair,
Do chaomhnuuigh geal-trócaire Chríosd.



Mo chrádh! I gcré na húire
Mo dhlúth-chara buan gan fagháil;
Is tláth 's is tréith id' iongnais
Gach dúthaigh 'n-ar luadhadh do thásg.
Gé d'fhágais déarach dubhach me
Gan súil leat ó'n uaigh go bráth,
Tré ghrásaibh Dé tá tnúth 'gam
Lem' stiúradh do'n chuan mar táir.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services