Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Bás Phádraig Uí Laoghaire.
Title
Bás Phádraig Uí Laoghaire.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
BÁS PHÁDRAIG UÍ LAOGHAIRE. Ní raibh Irisleabhar na míosa so ghabh thorainn acht curtha i n-eagar an uair tháinig chugainn an sgeul dubrónach ó'n Athair Séamus Ó Lorcáin, sagart pobuil na nAodhairidhe i mBéarra, mar leanas: - “Le croidhe dólásach brónach chuirim i n-iúl do léightheóraibh Irisleabhair na Gaedhilge go bhfuair ar gcara Pádraig Ó Laoghaire bás, a deich fichead de Dheireadh Fhoghmhair, 1896. “Is olc an sgéal é so. Fós ní'l leigheas air. Caithfimíd bheith sásta le naomh-thoil Dé. Ní tháinig a bhás go hobann, acht ins an am gceudna, is cóir a innsint gur thuit sé i luige go tapaidh, agus ó'n lá tháinig sé a bhaile ó Bhaile-Átha-Cliath go tigh a mháthar, ní raibh ag na comharsanaibh aon fhocal eile acht é so, “Cathain gheobhaidh sé bás?” “Tá sé imthighthe as ar measg. Tá brón agus dólás ar a mhuintir, ar gach duine, óg agus críonna, ins an pharróiste so, agus beidh in gach cúigeadh i nÉirinn nuair cloisfid siad an sgéal. “Ní 'l sé os cionn na fírinne a rádh nár thuit, i n-ár n-aimsir, buille comh trom ar theangaidh ár dtíre. Bhí sí 'n-a chuimhne de ló agus d'oidhche, i gceart-lár a chroidhe. Is minic chuala-sa é ag á rádh gur bh' fhearr leis bheith ag éisdeacht le duine ag labhairt Gaedhilge 'ná aon rud eile 'san domhan. Is é mo thuaraim go dtiubhradh sé a raibh ar an saoghal aige ionnus go mbeidheadh an Ghae- dhilg ársa bhlasda fá mheas. “Tá an fear macánta foghlamtha, an cara díleas, imthighthe. Go dtugaidh Dia
aoibhneas agus sólás d'á anam, is í mo ghuidhe.” - S. Ó L. Mise, do bhí im' fhear chomh-oibre dhó, cad déarad 'n-a thaobh? Is maith is cuimhin liom, an tráth do léigheas an céad sgéal do sgríobh mo chara do'n Irisleabhar, gur chuireas féin litir d'ionnsuidhe ar an Athair Eoghan Ó Gramhna, d'á chur i n-iúl dó a áthasaighe do bhíos, ó bhí ughdar fíor-Ghae- dhealach againn i ndeireadh na dála. Annsin, ar dteacht dó go Baile-Átha-Cliath, is cuimhin liom é dh'á innsint damh, agus iongnadh mór do bheith orm 'n-a thaobh, mar bhíodh sé ag obair agus ag áirneán sa' bhaile, gan neach 'san domhan d'á bhrostughadh acht an grádh thug sé riamh do'n Ghaedhilg, ionnus go mbeadh oiread eolais aige ar léigheann na Gaedhilge agus bhí aige cheana ar a hurlabhra, agus cibé breis bheag airgid do bhíodh aige de bhárr a shaothair, a chaitheamh dhó ar leabhraibh Gaedhilge agus ar gach aon leabhar, dar leis, do bheadh 'n-a chabhair dhó le n-a eolas ar a theangaidh dhúthchais do mheudughadh. Níor shaoileas an uair sin go ngiorróchthaidhe a ré comh mí- ághmharach so, agus gan a obair acht tosuighthe. Go bhfaghaidh a spioraid gheal gheanamhail suaimhneas síorrruidhe. Seo teasdas thug cara Corcaigheach air 'san pháipeur nuaidheachta dá ngoirthear an Cork Examiner: - “Is le brón mór chuirmidh síos tuaraisg ar bhás Phádraig Uí Laoghaire ó na h-Aodh- airidhibh. Do chaill cúis na Gaedhilge le n-a bhás ceann de na sgoláiridhibh agus de na cainteóiribh Gaedhilge do b'fhearr do bhí le fagháil i nÉirinn le n-ár linn-ne, agus gan mhearbhall ní raibh aon-neach i measg na bhfear n-óg atá ag obair comh dícheallach chum teangadh ar sinnsear do shaoradh ó'n mbás agus d' fhoirleathanughadh ba theas- ghrádhaige 'ná é. Do rugadh is do beathui- gheadh é i gceanntar de'n chonntae seo 'n-a bhfuil a theanga dhíleas go líomhtha láin-bheo i mbéalaibh na ndaoine fós. Dob' í a fuaim do bhuail ar dtús ar chluasaibh a naoidhean- achta, agus do ghabh sealbh dhoimhin dhaingean ar a intinn, ar a chroidhe, agur ar a smuaintibh, ionnus, iar ndul ar sgoil dó, nach raibh sé ar chumus ghnáthmhúinte na sgol nGallda ní hé amháin náire do thabhairt air i dtaobh a labhartha, acht an neamh-shuim is lugha do bheith aige innti, mar do rinneadh leis na míltibh doáirmhe d'aos óg na hÉireann le caogaid bhliadhan. Is amhlaidh do mhéaduigh a mheas uirthi agus a ghean di, de réir mar do chuaidh sé i n-aois agus i gcéill; go dtáinigh de gur ghabh sé rún, agus gan é acht is na deugaibh, dá dtugadh Dia ré fada dhó, go ndéanfadh sé cion fir chum a theangadh dúth- chais do chur fá mheas ar fud na hÉireann. “Taisbeánann an leabhar do sgríobh sé, ‘Sgeuluidheacht Chúige Mumhan,’ nar bh'aon rún neamh-bhunadhasach eugconnta é do bhain le teas-ghrádhacht a gharsúnachta, agus gan ar chuir sé de dhánaibh agus de sgeulaibh fíor- ghaedhealacha i n-Irisleabhar na Gaedhilge, i bhfad sul ar fhág sé a bhaile féin, do áireamh. “Dá ghiorracht do saoghluigheadh é, tá a bheatha mar fhídhné againn nach féidir do bhreugnughadh, nach aon bhac d'aos óg na hÉireann chum slighe bheathadh onóraighe do bhaint amach eólas doimhin leathan do bheith aca ar urlabhra agus ar léigheann a sinsear. “Ní raibh sé sásta le n-a ndeárna sé agus le n-ar cheap sé do dhéanamh ar son na nua-Ghaedhilge. Is minic a dubhairt sé le daoinibh ag a raibh sé go dlúth-mhuinteardha leó, gur mhór an chúis aithise d' Éireannachaibh go rabhadar ag tabhairt taoibh le sgoláiridhibh na hEorpa chum éolais d'fhagháil uatha ar shean-léigheacht a d-tíre. Do bhí sé ag déanamh stuidéir ar an sean-léigheacht so ar feadh na haimsire do bhí sé ag múineadh sgoile i mBaile Átha Cliath, gur bhuail galar an bháis é. Dá dheasgaibh sin, mothóchar a chreach níos géire, mar is tearc duine labhras an Ghaedhealg ó'n gcliabhán,
chuireas mórán suime san tSean-Ghaedhilg, cé gurab innti sin atá an chuid is fearr agus is uaisle d'ar litridheacht agus nach féidir duinn breághdhacht na teangadh atá againn anois do thuigsin mar ba cheart gan eólas do bheith againn ar ghléas agus ar fhoir- meannaibh na sean-teangadh. Go dtugaidh Dia sólás d'á ghaoltaibh atá fá chumha, ionnus go n-iomcaróchadaois le croidhthibh ciuinighthe an bhuadhairt atá d'á mbrúghadh, ó fuair an t-uasal oinigh, agus an rígh-fhear mánla, Pádraig, bás.”
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services