Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Bás Phádraig Uí Laoghaire.

Title
Bás Phádraig Uí Laoghaire.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

BÁS PHÁDRAIG UÍ LAOGHAIRE.



Ní raibh Irisleabhar na míosa so ghabh
thorainn acht curtha i n-eagar an uair tháinig
chugainn an sgeul dubrónach ó'n Athair
Séamus Ó Lorcáin, sagart pobuil na
nAodhairidhe i mBéarra, mar leanas: -



“Le croidhe dólásach brónach chuirim i
n-iúl do léightheóraibh Irisleabhair na
Gaedhilge go bhfuair ar gcara Pádraig
Ó Laoghaire bás, a deich fichead de Dheireadh
Fhoghmhair, 1896.



“Is olc an sgéal é so. Fós ní'l leigheas
air. Caithfimíd bheith sásta le naomh-thoil
Dé. Ní tháinig a bhás go hobann, acht ins
an am gceudna, is cóir a innsint gur thuit
sé i luige go tapaidh, agus ó'n lá tháinig sé a
bhaile ó Bhaile-Átha-Cliath go tigh a mháthar,
ní raibh ag na comharsanaibh aon fhocal eile
acht é so, “Cathain gheobhaidh sé bás?”



“Tá sé imthighthe as ar measg. Tá brón
agus dólás ar a mhuintir, ar gach duine, óg agus
críonna, ins an pharróiste so, agus beidh in gach
cúigeadh i nÉirinn nuair cloisfid siad an
sgéal.



“Ní 'l sé os cionn na fírinne a rádh nár
thuit, i n-ár n-aimsir, buille comh trom ar
theangaidh ár dtíre. Bhí sí 'n-a chuimhne de
ló agus d'oidhche, i gceart-lár a chroidhe. Is
minic chuala-sa é ag á rádh gur bh' fhearr
leis bheith ag éisdeacht le duine ag labhairt
Gaedhilge 'ná aon rud eile 'san domhan. Is
é mo thuaraim go dtiubhradh sé a raibh ar an
saoghal aige ionnus go mbeidheadh an Ghae-
dhilg ársa bhlasda fá mheas.



“Tá an fear macánta foghlamtha, an
cara díleas, imthighthe. Go dtugaidh Dia


L. 114


aoibhneas agus sólás d'á anam, is í mo ghuidhe.”



- S. Ó L.



Mise, do bhí im' fhear chomh-oibre dhó, cad
déarad 'n-a thaobh? Is maith is cuimhin liom,
an tráth do léigheas an céad sgéal do
sgríobh mo chara do'n Irisleabhar, gur
chuireas féin litir d'ionnsuidhe ar an Athair
Eoghan Ó Gramhna, d'á chur i n-iúl dó a
áthasaighe do bhíos, ó bhí ughdar fíor-Ghae-
dhealach againn i ndeireadh na dála.



Annsin, ar dteacht dó go Baile-Átha-Cliath,
is cuimhin liom é dh'á innsint damh, agus iongnadh
mór do bheith orm 'n-a thaobh, mar bhíodh sé
ag obair agus ag áirneán sa' bhaile, gan neach
'san domhan d'á bhrostughadh acht an grádh
thug sé riamh do'n Ghaedhilg, ionnus go mbeadh
oiread eolais aige ar léigheann na Gaedhilge
agus bhí aige cheana ar a hurlabhra, agus cibé
breis bheag airgid do bhíodh aige de bhárr a
shaothair, a chaitheamh dhó ar leabhraibh Gaedhilge
agus ar gach aon leabhar, dar leis, do bheadh
'n-a chabhair dhó le n-a eolas ar a theangaidh
dhúthchais do mheudughadh. Níor shaoileas an
uair sin go ngiorróchthaidhe a ré comh mí-
ághmharach so, agus gan a obair acht tosuighthe.
Go bhfaghaidh a spioraid gheal gheanamhail
suaimhneas síorrruidhe.



Seo teasdas thug cara Corcaigheach air
'san pháipeur nuaidheachta dá ngoirthear an
Cork Examiner: -



“Is le brón mór chuirmidh síos tuaraisg
ar bhás Phádraig Uí Laoghaire ó na h-Aodh-
airidhibh. Do chaill cúis na Gaedhilge le n-a
bhás ceann de na sgoláiridhibh agus de na
cainteóiribh Gaedhilge do b'fhearr do bhí le
fagháil i nÉirinn le n-ár linn-ne, agus gan
mhearbhall ní raibh aon-neach i measg na
bhfear n-óg atá ag obair comh dícheallach
chum teangadh ar sinnsear do shaoradh ó'n
mbás agus d' fhoirleathanughadh ba theas-
ghrádhaige 'ná é. Do rugadh is do beathui-
gheadh é i gceanntar de'n chonntae seo 'n-a
bhfuil a theanga dhíleas go líomhtha láin-bheo i
mbéalaibh na ndaoine fós. Dob' í a fuaim
do bhuail ar dtús ar chluasaibh a naoidhean-
achta, agus do ghabh sealbh dhoimhin dhaingean ar a
intinn, ar a chroidhe, agur ar a smuaintibh,
ionnus, iar ndul ar sgoil dó, nach raibh sé
ar chumus ghnáthmhúinte na sgol nGallda ní
hé amháin náire do thabhairt air i dtaobh a
labhartha, acht an neamh-shuim is lugha do bheith
aige innti, mar do rinneadh leis na míltibh
doáirmhe d'aos óg na hÉireann le caogaid
bhliadhan. Is amhlaidh do mhéaduigh a mheas
uirthi agus a ghean di, de réir mar do chuaidh
sé i n-aois agus i gcéill; go dtáinigh de
gur ghabh sé rún, agus gan é acht is na
deugaibh, dá dtugadh Dia ré fada dhó, go
ndéanfadh sé cion fir chum a theangadh dúth-
chais do chur fá mheas ar fud na hÉireann.



“Taisbeánann an leabhar do sgríobh sé,
‘Sgeuluidheacht Chúige Mumhan,’ nar bh'aon
rún neamh-bhunadhasach eugconnta é do bhain
le teas-ghrádhacht a gharsúnachta, agus gan ar
chuir sé de dhánaibh agus de sgeulaibh fíor-
ghaedhealacha i n-Irisleabhar na Gaedhilge, i
bhfad sul ar fhág sé a bhaile féin, do áireamh.



“Dá ghiorracht do saoghluigheadh é, tá a
bheatha mar fhídhné againn nach féidir do
bhreugnughadh, nach aon bhac d'aos óg na
hÉireann chum slighe bheathadh onóraighe do
bhaint amach eólas doimhin leathan do bheith
aca ar urlabhra agus ar léigheann a
sinsear.



“Ní raibh sé sásta le n-a ndeárna sé
agus le n-ar cheap sé do dhéanamh ar son na
nua-Ghaedhilge. Is minic a dubhairt sé le
daoinibh ag a raibh sé go dlúth-mhuinteardha
leó, gur mhór an chúis aithise d' Éireannachaibh
go rabhadar ag tabhairt taoibh le sgoláiridhibh
na hEorpa chum éolais d'fhagháil uatha ar
shean-léigheacht a d-tíre. Do bhí sé ag
déanamh stuidéir ar an sean-léigheacht so ar
feadh na haimsire do bhí sé ag múineadh
sgoile i mBaile Átha Cliath, gur bhuail
galar an bháis é. Dá dheasgaibh sin,
mothóchar a chreach níos géire, mar is tearc
duine labhras an Ghaedhealg ó'n gcliabhán,


L. 115


chuireas mórán suime san tSean-Ghaedhilg,
cé gurab innti sin atá an chuid is fearr
agus is uaisle d'ar litridheacht agus nach
féidir duinn breághdhacht na teangadh atá
againn anois do thuigsin mar ba cheart gan
eólas do bheith againn ar ghléas agus ar fhoir-
meannaibh na sean-teangadh. Go dtugaidh
Dia sólás d'á ghaoltaibh atá fá chumha, ionnus
go n-iomcaróchadaois le croidhthibh ciuinighthe
an bhuadhairt atá d'á mbrúghadh, ó fuair an
t-uasal oinigh, agus an rígh-fhear mánla,
Pádraig, bás.”



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services