Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Leightear Duinn Laoidhthe agus Bimis ag Ol.
Title
Leightear Duinn Laoidhthe agus Bimis ag Ol.
Author(s)
Mac Gearailt, Piaras,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Leightear Duinn Laoidhthe agus Bimis ag Ol. Stiúruigh, a rúin dil, go hiúlmhar tar bóchna! Go tapaidh 'na seasamh do líon-bhrataibh báin! 'S tú crú-mhil na múirne de phlúr-sgoth na gcródha, Is eun tú gan éalaing de phréimh Chaisil Cháidh! Bláth na finne, bárr is binne, ráib na gile b'eudach glór, Slán go dtigir tráth le cumas saor chughainn le slógh, Ag éileamh le faobhar-chath do reime is do chomhachta Ar dhaor-chineadh an mhéirligh do chréim tu is do chobhach. Tuar suilt! a Ghaedheal-fheara, is tréighte na sgeulta! Is léir d'Inis Eilge, cia fada faoi cháin, Buaidh nirt is treine le caithréim an tsaor-bhile Réidhfeas go heusgaidh ar ngéibheann amháin! Stiúruigh, a churaidh, chughainn! Tiúinfidh cruit fáilte rómhat! Beidh adharca is stuic iomdha ag síor-sheinnm cheóil; Tá crú cheart na hEireann le tréimhse go claoidhte, Daortha gan sgaoileadh go dtighir-se led' chóib. Lúbaidh bhur ngeuga go brúith le bhur ngeur-lannaibh! Múchaidh i n-eudan 's i mbreun-chuirp bhur námhad! Is ar gcúlaibh ar aon chor ná staonaidh, go dtraochfar An bhaos-ghráigh gan seun-chuid, d'fhág Gaedhil i mbruid mar táid. An cuimhin libh mar díbreadh ár sinsear tar sáile Le gearradh cloidhimh is mire dlighe, d'fhág táinte gan treoir? Is aoibhinn na sgeulta le léir-chanadh, sílim, Gur cobhach clanna Míleadh ar a slighe chughainn le fóir. Faoi thuairim an sgéil sin, go réidhfear ár ndiamhair, Bíodh sgálaidhe teó daor-phunch go heusgaidh ar bórd! Spreuchamaidh teuda agus leusfamaoid píobaidhe Ar théacht chughainn tar taoide do'n rígh cheart i gc'róin. Líontar gloine i láimh gach duine! Tál an choire bhríoghmhar! Sláinte an fhir tar sáile d'imigh diúgfam faoi dhó! Ar gcléir 'bheith gan aon smacht, ár n-éigse is ár saoithe — Léightear dúinn laoidhthe agus bímis ag ól!
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services