Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Leightear Duinn Laoidhthe agus Bimis ag Ol.

Title
Leightear Duinn Laoidhthe agus Bimis ag Ol.
Author(s)
Mac Gearailt, Piaras,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Leightear Duinn Laoidhthe agus Bimis ag Ol.



Stiúruigh, a rúin dil, go hiúlmhar tar bóchna!
Go tapaidh 'na seasamh do líon-bhrataibh báin!
'S tú crú-mhil na múirne de phlúr-sgoth na gcródha,
Is eun tú gan éalaing de phréimh Chaisil Cháidh!
Bláth na finne, bárr is binne, ráib na gile b'eudach
glór,
Slán go dtigir tráth le cumas saor chughainn le slógh,
Ag éileamh le faobhar-chath do reime is do chomhachta
Ar dhaor-chineadh an mhéirligh do chréim tu is do chobhach.



Tuar suilt! a Ghaedheal-fheara, is tréighte na
sgeulta!
Is léir d'Inis Eilge, cia fada faoi cháin,
Buaidh nirt is treine le caithréim an tsaor-bhile
Réidhfeas go heusgaidh ar ngéibheann amháin!
Stiúruigh, a churaidh, chughainn! Tiúinfidh cruit fáilte
rómhat!
Beidh adharca is stuic iomdha ag síor-sheinnm cheóil;
Tá crú cheart na hEireann le tréimhse go claoidhte,
Daortha gan sgaoileadh go dtighir-se led' chóib.



Lúbaidh bhur ngeuga go brúith le bhur ngeur-lannaibh!
Múchaidh i n-eudan 's i mbreun-chuirp bhur námhad!
Is ar gcúlaibh ar aon chor ná staonaidh, go dtraochfar
An bhaos-ghráigh gan seun-chuid, d'fhág Gaedhil i
mbruid mar táid.



An cuimhin libh mar díbreadh ár sinsear tar sáile
Le gearradh cloidhimh is mire dlighe, d'fhág táinte
gan treoir?
Is aoibhinn na sgeulta le léir-chanadh, sílim,
Gur cobhach clanna Míleadh ar a slighe chughainn le
fóir.



Faoi thuairim an sgéil sin, go réidhfear ár ndiamhair,
Bíodh sgálaidhe teó daor-phunch go heusgaidh ar bórd!
Spreuchamaidh teuda agus leusfamaoid píobaidhe
Ar théacht chughainn tar taoide do'n rígh cheart i
gc'róin.



Líontar gloine i láimh gach duine! Tál an choire
bhríoghmhar!
Sláinte an fhir tar sáile d'imigh diúgfam faoi dhó!
Ar gcléir 'bheith gan aon smacht, ár n-éigse is ár
saoithe —
Léightear dúinn laoidhthe agus bímis ag ól!




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services