Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Piaras Mac Gearailt. III.
Title
Piaras Mac Gearailt. III.
Author(s)
Mac Gearailt, Piaras,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
PIARAS MAC GEARAILT.-III. Piaras Mac Gearailt agus Aibigéal Brún. “Ní hé aimsear Ríogh Séamuis í, ná féadfamaois focal do labhairt.” Atá an sean-ráidhteachas so go coitcheann eadrainn fós. Is iomdha treabhachas uasal do cuireadh chum fáin i n-aimsir Ríogh Séamuis i dtaobh focail do labhairt i bpáirt Shéamuis agus a chloinne 'na dhiaidh. Do bhí filidh na Mumhan go léir ar thaobh na Stiobhardach, agus ní raibh 'na measg aon fhear dob' aoirde do labhair ná ba dhána do sgríobh ar a son ná Piaras Mac Gearailt. Ag feuchain siar ar an aimsir úd anois, ní fheadar cionnus do rug sé a chosa leis ar aon chor tré aimsir comh buadhartha léi, — an fear do sgríobh -
Lúbaidh bhur ngeuga go brúith le bhur ngeur-lannaibh, Múchaidh i n-eudan 's i mbreun-chuirp bhur námhad! Do tharraing caint de'n tsórt so fearg daoine éigin air, agus chuireadar suas bean duine aca chum é cheisdiughadh. Do chuir sí "crúsga Punch" leis nach tiubhradh sé "ainm an phrionnsa" dhi gan tséasún. D'fhreagair Piaras mar leanas: Aibigéal Brún adubhairt ná féadfainn-se Ainm an Phrionnsa thabhairt gan tréasan di; Ceathair ar dtúis is dúbail aon annsoin Is i dteangain na n-ughdar múinte glaoidh ar luich. [“Ceathair ar dtús = 4, “dubail aon“= 2 x 1 = 2; 4+2=6 .i. sé. luch= mus sa' Laidin. Sé + mus = Séamus.] Do rug sé an geal, agus tar éis glaodhaigh air, adubhairt: “Suidhmís síos agus bímís ag ól; Líontar chughainn fíon is beóir; 'S an dtuigir, a chroidhe, nár bh' aoibhinn sceól, Sliochd an fhill d'á gclaoidh sa' ngleo? “Tréasún!” arsa Aibigil. Agus chum í “bhreugadh gan amhras, d'aisdrigh Piaras na focail láithreach: Suidhmís síos agus bímís ag ól! Líontar chugainn fíon is beóir! Doigh 'na chroidhe ná híosadh feóil Satharn, Aoine, is gach lá gheobhadh! The following spirited poem expresses the then current aspirations in favour of the restoration of the exiled stuarts:-
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services