PIARAS MAC GEARAILT.-III.
Piaras Mac Gearailt agus Aibigéal Brún.
“Ní hé aimsear Ríogh Séamuis í, ná féadfamaois
focal do labhairt.” Atá an sean-ráidhteachas so go
coitcheann eadrainn fós. Is iomdha treabhachas uasal
do cuireadh chum fáin i n-aimsir Ríogh Séamuis i dtaobh
focail do labhairt i bpáirt Shéamuis agus a chloinne 'na
dhiaidh. Do bhí filidh na Mumhan go léir ar thaobh na
Stiobhardach, agus ní raibh 'na measg aon fhear dob' aoirde
do labhair ná ba dhána do sgríobh ar a son ná Piaras
Mac Gearailt. Ag feuchain siar ar an aimsir úd
anois, ní fheadar cionnus do rug sé a chosa leis ar aon
chor tré aimsir comh buadhartha léi, — an fear do
sgríobh -
Lúbaidh bhur ngeuga go brúith le bhur ngeur-lannaibh,
Múchaidh i n-eudan 's i mbreun-chuirp bhur námhad!
Do tharraing caint de'n tsórt so fearg daoine
éigin air, agus chuireadar suas bean duine aca chum é
cheisdiughadh. Do chuir sí "crúsga Punch" leis nach
tiubhradh sé "ainm an phrionnsa" dhi gan tséasún.
D'fhreagair Piaras mar leanas:
Aibigéal Brún adubhairt ná féadfainn-se
Ainm an Phrionnsa thabhairt gan tréasan di;
Ceathair ar dtúis is dúbail aon annsoin
Is i dteangain na n-ughdar múinte glaoidh ar luich.
[“Ceathair ar dtús = 4, “dubail aon“= 2 x 1 =
2; 4+2=6 .i. sé. luch= mus sa' Laidin. Sé +
mus = Séamus.]
Do rug sé an geal, agus tar éis glaodhaigh air,
adubhairt:
“Suidhmís síos agus bímís ag ól;
Líontar chughainn fíon is beóir;
'S an dtuigir, a chroidhe, nár bh' aoibhinn sceól,
Sliochd an fhill d'á gclaoidh sa' ngleo?
“Tréasún!” arsa Aibigil. Agus chum í “bhreugadh
gan amhras, d'aisdrigh Piaras na focail láithreach:
Suidhmís síos agus bímís ag ól!
Líontar chugainn fíon is beóir!
Doigh 'na chroidhe ná híosadh feóil
Satharn, Aoine, is gach lá gheobhadh!
The following spirited poem expresses the then current
aspirations in favour of the restoration of the exiled
stuarts:-